Bronnadh céadfach

Tá sé i gceist ag an tionscadal seo leanaí a bhfuil riachtanais ‘Néar-Éagsúil’ acu a ionchuimsiú sa chruthaitheacht a bhaineann le Cruinniú na nÓg. Seachadófar do ghrúpa sainaitheanta, boscaí bronnta ina mbeidh bréagáin chéadfach agus ábhar ealaíona agus ceardaíochta.

Seachadófar an tionscadal seo i gcomhar leis an gcoiste Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga i bhFine Gall, club Little Seeds Arch agus Tusla (cosc, comhpháirtíocht agus tacaíocht do theaghlaigh).

San iomlán, seachadófar 60 bosca brandáilte i bhFine Gall tríd an líonra comhpháirtíochta, tríd ár mbrainsí leabharlainne agus tríd an seachadadh móibíleach do leanaí a bhfuil riachtanais ‘Néar-Éagsúil’ acu agus atá roghnaithe go sonrach ag a n-eagraíochtaí cúraim.

Áireofar freisin sa tionscadal seo am scéalaíochta céadfach agus gníomhaíocht chruthaitheach inrochtana do chách.

Déanfar an am scéalaíochta agus an ghníomhaíocht chruthaitheach a thaifeadadh roimh ré agus beidh sé le feiceáil ar http://fingal/creative-ireland ó 10.00 a.m. ar 12 Meitheamh, 2021.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le [email protected]