Bríd i mBaile Brigín

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár bpobal ar lá saoire bainc Bhríd, tá cuireadh á thabhairt ag Fine Gall Ildánach agus Comhairle Contae Fhine Gall, duit a bheith inár dteannta tráth a mbeidh mórshiúl iontach, soilsithe agus loiscneach ag déanamh a bhealach trí Bhaile Brigín ar an Luan, an 5 Feabhra 2024, ag tosú ag 6pm agus ag leanúint ar aghaidh i gcomhair thart ar uair an chloig.  

Beidh solas ar iompar ag taibheoirí ó Chuideachta Amharclannaíochta Tírdhreacha Luxe ó Shráid an Teampaill Nua, taobh amuigh de The Lark, agus baileoidh an pobal le chéile ag Cearnóg Sheoirse, chun páirt a ghlacadh i dtaibhiú cumhachtach agus corraitheach, arb é an aidhm atá leis solas Bhríd a scaipeadh, sula dtabharfar deis do gach duine páirt a ghlacadh i mórshiúl síos chomh fada le Sráid na Cé, faoin tarbhealach agus chomh fada leis an trá áit a mbeidh ceiliúradh loiscneach ar siúl ar an trá. Tá fáilte roimh gach duine páirt a ghlacadh san imeacht seo atá oiriúnach do theaghlaigh chun ceiliúradh a dhéanamh ar shéasúr an Earraigh trí úsáid a bhaint as amharclannaíocht tírdhreacha agus neart eile. Ceiliúradh atá bunaithe ar sholas, dóchas agus ár bpobal iontach agus álainn éagsúil a thabhairt le chéile.

Cinntigh go sroicheann tú an suíomh in am agus caith éadaí atá oiriúnach don aimsir.  Beidh úsáid á baint as córas bainistíochta tráchta agus beidh bóithre dúnta.

Eagraithe ag Fine Gall Ildánach, Comhairle Contae Fhine Gall, Ár mBaile Brigín, Folláine an Phobail agus & Amharclann Tírdhreacha Luxe.

Brigid in Balbriggan.jpg