Titiocht

Toilithe agus Athdhíolacháin

Má theastaíonn uait do theach inacmahinne a dhíol laistigh de thréimhse 20 bliain ón tráth ar cheannaigh tú é, is gá duit méid a íoc ar ais leis an údarás áitiúil ar a dtugtar 'aisghlámadh'. Tá feidhm aige seo cibé acu más rud é go bhfuil do mhorgáiste agat leis an údarás áitiúil nó le banc nó cumann foirgníochta. Más rud é go ndíolann tú do theach tar éis 20 bliain, ní gá duit an táille 'aisghlámtha' a íoc leis an údarás áitiúil.

Má tá sé beartaithe agat do theach a dhíol, beidh ort fógra i scríbhinn a thabhairt don Chomhairle. Tabhair sonraí do ghníomhaire eastáit agus an praghas iarrata. Cuirfear figiúirí fuascailte ar fáil duit bunaithe ar luach margaidh reatha na réadmhaoine chomh luath agus a bheidh tú tar éis na ceanglais thuasluaite a chomhlíonadh agus chomh luath agus a dhearbhóidh d'aturnae an praghas diolacháin i scríbhinn.

Conas a dhéantar an Táille Aisghlámtha a Ríomh?

Nuair a cheannaigh tú do theach inacmhainne, fuair tú é ar phraghas lascainithe i gcomparáid le tithe eile comhchosúla a bhí ar an margadh ag an uair. Tá an táille aisghlámtha bunaithe ar an gcéatadán de lascaine a fuair tú nuair a cheannaigh tú do theach inacmhainne. Má chinneann tú do theach a dhíol, cuirimid an céatadán sin i bhfeidhm ar an bpraghas a gheobhaidh tú ar é a athdhíol, ag brath ar luach reatha na réadmhaoine. Ag brath ar luach na réadmhaoine nuair a dhíolfaidh tú é, d'fhéadfadh rátaí athraitheacha a bheith i gceist leis an táille aisghlámtha. Is féidir leat ár mbileog eolais a léamh, dar teideal  Ag cónaí i dTeach Inacmhainne /Aisghlámadh

Ainm a Chur le d'Iasacht

Má tá tú pósta anois, nó i gcaidreamh nua, agus más mian leat ainm eile a chur ar d'iasacht; déan cóip den fhoirm   Iarratas ar Iasacht a Aistriú chuig comhainmneacha  a phriontáil agus a líonadh agus cuir é ar ais chuig ár roinn cuntas.

Ainm a Bhaint ó d'Iasacht

Más rud é go bhfuil tú scartha/colscartha anois agus má theastaíonn uait ainm a bhaint de d'iasacht déan cóip den fhoirm    Iarratas ar Iasacht a aistriú chuig ainm aonair a phriontáil agus a líonadh agus cuir é ar ais chuig ár rannóg cuntas.

Más rud é go bhfuil d'iasacht faoi réir ordú cúirte, nó i gcás ina bhfuil duine a raibh a ainmh/a hainm ar an iasacht básaithe anois, beidh ort cóip den ordú cúirt/teastas báis a chur chuig Clárlann na Talún.

Tithe arna gceannach ag an gComhairle faoi na Scéimeana um Cheannach ag Tionóntaí  1995 agus 2011.

Toiliú maidir le hathdhíol Tithe a fuarthas faoin Scéim Ceannach ag Tionóntaí  (Alt 90)

Faoi  Alt 90 d'Acht na dTithe 1966 tá athdhíol tí a bhíodh faoi úinéireacht an údaráís áitiúil faoi réir fhaomhadh an Údaráis Áitiúil. Más rud é gur cheannaigh tú do theach tríd an scéim Ceannach ag Tionóntaí ó Chomhairle Contae Fhine Gall, beidh ort toiliú na Comhairle a fháil más rud é go bhfuil sé beartaithe agat é a athdhíol, a athmhorgáistiu nó do leas sa réadmhaoin a aistriú chuig duine eile.    

 

Conas is féidir liom cur isteach ar thoiliú?

Ba cheart duit cur isteach i scríbhinn trí d'aturnae chuig Roinn na gCuntas de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall. Más rud é go bhfuair tú do réadmhaoin ón gComhairle breis is 25 bliain ó shin, dearbhóidh an Chomhairle nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na téarmaí in Alt 90.

Seachas sin, má tá an teach á dhíol agat, is gá duit fianaise a sholáthar go bhfuil cóiríocht bhuan eile faighte agat duit féin agus do do chleithiúnaithe. Is gá go mbeadh an ceannaiheoir i ngátar tithíochta agus go bhfuil sé beartaithe aige/aici an teach a úsáid mar an ngátháras cónaithe. 

 

Is téarma dlí é 'feo simplí' agus tagraíonn sé d'úinéireacht iomlán réadmhaoine. Tá dhá chineál úinéireachta réadmhaoine ann a bhaineann le tithe a dhíolann Údaráis Áitiúla trí Scéimeanna éagsúla Ceannach ag Tionóntaí (Scéimeanna Díolacháin) a bhí i bhfeidhm aige thar na blianta:

Úinéireacht Léasach – Tithe a ceannaíodh roimh mhí Bealtaine 1978

Más rud é gur cheannaigh tú teach roimh mhí Bealtaine 1978 rinneadh úinéir díot ar leas léasach. Is éard is brí leis sin nár bhain an réadmhaoin go hiomlán leat, nó 'nach raibh teideal iomlán agat ann' agus gur bhain an teach leat ach nár bhain an talamh ar a raibh an teach tógtha. Is gá duit bunchíos bliantúil a íoc leis an Tiarna Talún, i.e., leis an gComhairle/leis an Údarás, sa mhéid gurb iadsan ar leo an talamh fós. 

Úinéireacht Ruílse – Tithe a ceannaíodh tar éis mhí Bealtaine 1978

Más rud é gur cheannaigh tú teach tar éis mhí Bealtaine 1978 rinneadh úinéir díot ar leas ar a dtugtar leas ruílse. Is éard is brí leis sin gur bhain an réadmhaoin go hiomlán leat, nó go raibh 'teideal agat' sa réadmhaoin ina hiomláine. Bhain an teach leat chomh maith leis an talamh ar a raibh si tógtha. Níl aon bhunchíos iníoctha uirthi.

 

Conas is féidir liom mo Bhunchíos a Cheannach Amach ó Chomhairle Contae Fhine Gall?

  • Dean Thugaim Roinn na gCuntas Iasachtaí, an Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Fhine Gall, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15
  • Dearbhóidh Roinn Dlí na Comhairle cibé acu an Tiarna Talún é Comhairle Contae Fhine Gall nó nach ea don réadmhaoin i gceist agus cibé acu an é/í an t-iarratasóir an t-úinéir cláraithe nó nach ea.
  • Déanfar an costas a ríomh a bhainfeadh leis an bhfeo simplí a cheannach amach. Tá sé seo bunaithe ar an mBunchíos don réadmhaoin agus é iolraithe faoi iolraitheoir  thorthaí bannaí rialtais. Anuas air sin, gearrtar táille €130 do sheirbhísí an Údaráis Clárúcháin Maoine (Clárlann na Talún).
  • Tar éis don Phríomhfheidhmeannach an faomhadh a dhearbhú cuirtear an t-iarratas ansin faoi bhráid Chomhaltaí na Comhairle chun a bhfaomhadh a fháil.
  • Chomh luath agus a bheith faomhadh na Comhairle nótáilte i Miontuairiscí na Comhairle Contae scriobhfar chuig an iarratasóir/chuig na hiarratasóirí agus iarrfar orthu an táille a íoc.
  • Chomh luath agus a bheith an íocaíocht faighte ullmhóidh Roinn Dlí na Comhairle Ordú Aistrithe ag tagairt don bhunchíos a bheidh curtha ar ceal. Déanfaidh an Chomhairle an tOrdú Aistrithe nua seo a shéaladh agus cuirfear é ar ais chuig an iarratasóir/na hiarratasóirí. Ba cheart an tOrdú Aistrithe a thaisceadh ansin le Clárlann na Talún.

Líon an Fhoirm maidir le Toiliú Úinéireacht a Aistriú Iarratas chun cur isteach ar aistriú úinéireachta agus seol an litir chugainn ina mbeidh sonraí aistriú na húinéireachta atá beartaithe agat. Más rud é go dtarlódh go mbeadh ar an úinéir cónaí in áit éigin eile mar thoradh ar an aistriú, beidh gá sonraí chineál na cóiríochta eile sin a chur ar fáil. 

Is éard atá sa Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais, ar a dtugar an scéim “Cóirdhéileála” ná scéim chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil gá acu le seirbhísí cúraim chónaithigh fhadtéarmaigh.

I gcás ina bhfuil leas ag Comhairle Contae Fhine Gall sa réadmhaoin chuí, beidh gá litir a fháil ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag iarraidh ar Chomhairle Contae Fhine Gall a toiliú a thabhairt. Ba cheart an litir sin a chur chuig an seoladh thíos: 

Comhairle Contae Fhine Gall

An Roinn Tithíochta

Roinn na gCuntas

Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir

Baile Átha Cliath 15

Teil. 01 890 5590