Pleanáil

Rialáil Nua Ligin Ghearrthéarmaigh

Forfheidhmiú Pleanála

Mar chuid de bhearta a bhfuil mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar bhrúnna sa mhargadh cíosa tithíochta príobháidí, tá athchóirithe reachtacha nua pleanála atá ceaptha chun an earnáil ligin ghearrthéarmaigh a rialáil le teacht in éifeacht an 1 Iúil 2019.

Foráiltear do na hathchóirithe sin san Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019, agus i rialacháin fhorlíontacha dar teideal ‘Na Rialacháin fán Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Forbairt Dhíolmhaithe) (Uimh. 2), 2019’ ón Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Agus iad leagtha síos sa reachtaíocht anois, tá sé mar aidhm phríomha leis na hathchóirithe aghaidh a thabhairt ar an tionchar ar an margadh príobháideach cíosa atá ag áiteanna cónaithe a úsáid le haghaidh ligean gearrthéarmach de chineál turasóireachta i limistéir ina bhfuil éileamh ard ar thithe. Dá réir sin, ní bheidh feidhm ag na forálacha nua ach amháin i limistéir atá ainmnithe mar “criosanna brú cíosa” faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004, arna leasú.

Ní dhéanfar aon difear ar bith do ligean gearrthéarmach lasmuigh de na criosanna brú cíosa ainmnithe mar thoradh ar na socruithe nua.

Faoi na socruithe nua is infheidhme i gcriosanna brú cíosa:

  • Sainmhínítear ligean gearrthéarmach mar theach nó árasán, nó cuid de theach nó d’árasán, a ligean ar cíos ar feadh aon tréimhse nach faide ná 14 lá.
  • Leanfar le comhroinnt tí (seomra nó seomraí i bpríomháit chónaithe phríobháideach an duine a ligean ar cíos) a cheadú ar bhonn neamhshrianta agus beidh sí díolmhaithe ó na ceanglais nua phleanála.
  • Ceadófar do chomhroinnteoirí tí a bpríomháit chónaithe phríobháideach ar fad (teach nó árasán) a fholigean ar cíos ar bhonn gearrthéarmach ar feadh tréimhse charnach 90 lá i gcás go bhfuil siad as láthair go sealadach óna n-áit chónaithe.
  • I gcás go rachfar thar an tairseach 90 lá, beidh cead pleanála um athrú úsáide ag teastáil.

Más rud é go ndéanann tú do phríomháit chónaithe phríobháideach a ligean ar cíos mar chomhroinnt tí i gcrios brú cíosa agus go bhfuil tú ag iarraidh leas a bhaint as na díolúintí nua pleanála, beidh ort an méid sin a chlárú le d’údarás áitiúil agus oibleagáidí sonraithe tuairiscithe a chomhlíonadh.

I gcás go bhfuil ag duine réadmhaoin i gcrios brú cíosa nach ionann í agus a p(h)ríomháit chónaithe phríobháideach agus go bhfuil sé beartaithe aige/aici í a ligean ar cíos chun críocha ligin ghearrthéarmaigh, áfach, ceanglófar air/uirthi iarratas a dhéanamh ar chead pleanála um athrú úsáide ach amháin i gcás go bhfuil cead pleanála sonrach ag an réadmhaoin cheana féin lena húsáid chun críocha ligean turasóireachta nó ligin ghearrthéarmaigh.

Ullmhaíodh an doiciméad gaolmhar “Ceisteanna Coitianta” chun cabhrú le tuiscint níos cuimsithí agus níos mine a éascú ar na hathchóirithe nua ligin ghearrthéarmaigh agus ar na hoibleagáidí nua tuairiscithe atá ar chomhroinnteoirí tí.

Rialail Nua Ligin Ghearrthearmaigh Ceisteanna Coitianta

 

 

Ceisteanna

Is féidir aon cheisteanna faoi na forálacha nua a chur ar Comhairel Contae Fhine Ghall le ríomhphoist chuig:  [email protected]

An seoladh poist le haghaidh iarratais phleanála: 

Limistéar Thuaidh Chontae Fhine Gall:

An Rannóg Pleanála
Comhairle Contae Fhine Gall
Halla an Chontae
Sord
Co. Bhaile Átha Cliath 

 

Forfheidhmiú

Tá na socruithe nua á dtabhairt isteach tríd an gcód pleanála agus beidh an t-aonad  forfheidhmiúcháin i ngach údarás pleanála freagrach as faireachán a dhéanamh ar na ceanglais nua seo agus as iad a fhorfheidhmiú ina limistéar feidhme faoi seach. Leagtarforálacha forfheidhmiúcháin fairsinge síos i gCuid 8 den Acht um Pleanáil agus Forbairt cheana féin, lena n-áirítear alt 156 (Pionóis i leith cionta), alt 157 (Cionta a ionchúiseamh), alt 158 (Cionta ag comhlachtaí corpraithe), alt 159 (Fíneálacha a íoc le húdaráis phleanála), etc. Faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, tá cead pleanála ag teastáil le haghaidh gach forbartha, lena n-áirítear athrú ábhartha úsáide, ach amháin i gcás go ndíolmhaítear an fhorbairt go sonrach faoin Acht nó faoi Rialacháin ghaolmhara. Féadfaidh údaráis phleanála gníomh forfheidhmiúcháin a dhéanamh i gcás nach bhfuil an cead riachtanach ag forbairt nó i gcás nár comhlíonadh téarmaí an cheada.

Forbairt Neamhúdaraithe

Is ionann Forbairt Neamhúdaraithe agus forbairt agus/nó úsáid atá ag sárú na ndlíthe pleanála. Tá sé de chúram orainn a chinntiú go bhforfheidhmeofar na dlíthe pleanála ar a dtugtar Forfheidhmiú Pleanála. Má tá tú ag iarraidh gearán a dhéanamh faoi fhorbairt neamhúdaraithe déan teagmháil linn:

Ríomhphost:  [email protected]

Sa phost:

An Rannán Forfheidhmithe

An Rannóg Comhshaoil, Gnó & Fiontar

Comhairle  Contae Fhine Gall

Halla an Chontae
An Phríomhshráid

Sord
Co. Bhaile Átha Cliath

 

Nasc chuig foirmeacha

Forim 15 - FOIRM LE hAGHAIDH FÓGRA TÚS BLIANA

Foirm 16

Foirm 17 - FOIRM LE hAGHAIDH FÓGRA DEIREADH BLIANA

SI 235 of 2019 Planning & Devt Act

Reachtaíocht gaolmhar