Páirceanna agus Tránna

Páirc Réigiúnach Dhiméin Sheantraibh

Osclaíodh Diméin Sheantraibh mar pháirc réigiúnach in 2004. Cuimsítear sa suíomh páirc 72 acra agus páirc líneach 15 acra ar bhruach Abhainn Sheantraibh

Tá páirc phoiblí Dhiméin Sheantraibh suite ar an suíomh ina mbíodh teach agus gairdín pálásta tráth. Tógadh an teach sa bhliain 1703, in áit a mbíodh áit chónaithe roimhe sin sna meánaoiseanna. Tháinig drochbhail ar an teach ag tús an 20ú haois. Tá go leor tuairimí éagsúla i measc mhuintir na háite maidir lenar tharla ansin, ach i 1947 rinne tine damáiste mór don teach agus tréigeadh é. Leagadh an teach go talamh ar deireadh i 1959.

Is iomaí nod atá ann i gcónaí maidir leis an teach, agus tá bunsraith an tí, na céimeanna tosaigh, aibhinne crann, agus an garraí daingean le feiceáil i gcónaí ar thailte na páirce.  

Ghlac Comhairle Contae Fhine Gall seilbh ar Dhiméin Sheantraibh go hoifigiúil i mí an Mheithimh 2003.

Tá Garraí Pobail sa Gharraí Daingean agus tá sé faoi lánseol le breis is 2 bhliain anuas. Tá Garraí Cistine agus Úllord Oidhreachta a bhfuil borradh fúthu ann anois freisin. Tá athfhorbairt á déanamh ar an limistéar chun tosaigh mar Gharraí Áineasa faoi láthair, agus beidh sé ar oscailt don phobal ar bhonn níos rialta amach anseo. 

Le bheith páirteach i dtogra an gharraí pobail, déan teagmháil le   [email protected]

Tá clós súgartha do pháistí sa pháirc freisin, mar aon le gréasán fairsing cosán atá oiriúnach do dhaoine ag siúl, ag bogshodar nó ag siúl leis an madra.

Rannóg Páirceanna agus Maoine Oidhreachta Fhine Gall trí ghlaoch ar 01-8905629 seachtain amháin ar a laghad roimh an imeacht.

Tabhair faoi deara:

  • Ní mór cloí go daingean le rialacha agus le rialacháin uile na Páirce.
  • Ní ceadmhach grianghraif a ghlacadh sa Teach féin.
  • Ní mór gach carr a pháirceáil sa charrchlós poiblí.  Níl cead tiomáint timpeall na Páirce.  Níl cead bonnán na feithicle a shéideadh sa pháirc.
  • Is le haghaidh úsáid phearsanta amháin gach grianghraf agus ní féidir iad a úsáid ar bhonn tráchtála i mbróisiúir, in irisí, etc.
  • Níl cead bac a chur ar bhealaí isteach, ar chosáin, etc.

Bain taitneamh as an lá!

I ngluaisteán

Tá an Pháirc lonnaithe ar bhóthar an N1, an seanbhóthar chuig an aerfort, díreach ó thuaidh ó Shráidbhaile Sheantraibh in aice le Staid Morton. 

Páirceáil

Tá carrchlós saor in aisce ar thaobh na láimhe deise de na príomhgheataí agus tú ag teacht isteach sa pháirc.

Bealaí Bus

16, 16a, 33, 41, 41b, 41c.

Is iad seo a leanas uaireanta oscailte Dhiméin Sheantraibh:

Ó Go
Eanáir 9.00am 5.00pm
Feabhra 9.00am 6.00pm
Márta 9.00am 6.00pm
Aibreán 9.00am 8.00pm
Bealtaine 9.00am 9.00pm
Meitheamh 9.00am 9.00pm
Iúil 9.00am 9.00pm
Lúnasa 9.00am 9.00pm
Meán Fómhair 9.00am 8.00pm
Deireadh Fómhair 9.00am 7.00pm
Samhain 9.00am 5.00pm
Nollaig 9.00am 5.00pm

Déan Teagmháil Linn

Rannóg na bPáirceanna 

Fón (01) 890 5629 

Facs (01) 890 5649 

Ríomhphost:  [email protected]