Feithiclí Tréigthe

Bainistiú Dramhaíola

Tuairiscigh Feithicil Thréigthe: 

Chun feithicil thréigthe a thuairisciú déan teagmháil le do thoil le [email protected]  agus tabhair na sonraí seo a leanas: 

  • Clárú na Feithicle
  • Dath / Déanamh / Cineál 
  • Suíomh Beacht
  • An tréimhse ama nár bogadh an fheithicil* 
  • Ainm agus Uimhir Theagmhála  

Socróidh an Chomhairle an t-ábhar a fhiosrú.

Má mheastar go bhfuil an fheithicil tréighte leanfaidh an Chomhairle nós imeachta chun fógraí a eisiúint don úinéir cláraithe.   

Féadfaidh an próiseas ón gcigireacht tosaigh go dtí baint na feithicle a bheith suas le 3 mhí

*Tabhair faoi deara, le do thoil, nár cheart go mbeadh feithicil tar éis bogadh ar feadh tréimhse suntasach ama le breithniú faoin mbeartas seo. (suas le 6 seachtaine) 

 Ní mheastar na feithiclí seo a leanas a bheith tréigthe: 

  • Feithiclí atá páirceáilte go dona
  • Feithiclí a bhfuil baint acu le díospóidí páirceála cónaithe  
  • Feithiclí atá briste síos
  • Ba cheart feithiclí ar bhóithre poiblí is cúis le bacainn nó guais sábháilteachta ar bhóithre a thuairisciú  do na Gardaí
  • Cé go bhféadfadh feithicil nach bhfuil aon cháin nó árachas aici a bheith ina chomhartha go bhfuil feithicil tréigthe, ní mheastar go huathoibríoch go bhfuil feithicil tréigthe toisc go bhfuil an fheithicil gan cáin nó árachas ar bhóthar poiblí. Is ceist do na Gardaí í mura bhfuil Cáin nó Árachas ag feithicil ar bhóthar poiblí agus ní thagann sé faoi shainchúram Chomhairle Contae Fhine Gall.
  • Ní mheasfar feithiclí atá in eastáit atá faoi úinéireacht daoine a bhfuil cónaí orthu san eastát a bheith tréigthe.  
  • Ní mheasfar feithiclí ar Thailte Príobháideacha nó ar Eastáit Phríobháideacha a bheith tréigthe.  
  • Ba cheart aon fheithiclí atá cláraithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann a chur faoi bhráid  na nGardaí

 Feithicil(Feithiclí) Tréigthe a Bhaint

Mura mbaineann an t-úinéir(na húinéirí) an fheithcil nó na feithiclí atá liostaithe thíos – faoi Alt 71(7) (c) den Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996, arna leasú, beidh an fheithicil ina maoin de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall. Déanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall an fheithicil a bhaint ansin ar an dáta a thaispeántar thíos: 

Uimhir Chláraithe

Dáta an Chéad Fhógra

Dath

Déanamh

Cineál

Uimh. Chláraithe

Dáta an Fhógra Deiridh

Date  Reáta Bainte

 

BA CHÓIR A THABHAIRT FAOI DEARA GUR CION INBHREITHNITHE É FEITHICLÍ A THRÉIGEAN FAOI ALT 71 DEN ACHT UM BAINISTIÚ DRAMHAÍOLA, 1996, ARNA LEASÚ, LE FÍNEÁLACHA SUAS LE €5,000 AR IONCHÚISEAMH.

Gluaisteáin Teaghlaigh Nach Bhfuil Ag Teastáil

Féadfaidh tú d’fheithicil nach bhfuil ag teastáil a fhágáil ag ceann de 3 Áiseanna Cóireála Údaraithe i bhFine Gall. Tá na hÁiseanna Cóiréala Údaraithe i gceantar riaracháin Chomhairle Contae Fhine Gall liostaithe thíos. Má tá tú ag fágáil na Feithicle Deireadh Saoil (ELV) tú féin, cinntigh le do thoil go bhfaigeann tú teastas scriosta, nó má tá sí á bailiú ag duine cinntigh le do thoil gur féidir leis an iompróir Teastas Bailithe Dramhaíola bailí a thaispeáint duit a cheadaíonn dóibh Feithiclí Deireadh Saoil a bhailiú. Má tá amhras ort nach bhfuil Teastas Bailithe Dramhaíola bailí acu, tóg sonraí clárúcháin a bhfeithicle agus tuairiscigh iad chuig [email protected]  . Is minic a dhumpáiltear nó a dhóitear amach feithiclí a bhailítear go mídhleathach agus ní dhiúscaítear iad go sábháilte.  

  

Áiseanna Cóireála Údaraithe: 

Seirbhísí Tarrthála agus Athchúrsála Gannons City Teo

Aonad 7, Páirc Tionsclaíochta Bhaile Róis, Ascaill Thuirbhe, Domhnach Bat, Co. Bhaile Átha Claith 

Teileafón: 01 890 7715 nó 087 254 5005 

  

Tarrthálas Tionscail, Talmhaíochta & Innealtóireachta Teo. (IAES) 

Baile Bachaille, Co. Bhaile Átha Cliath

Teileafón: 01 843 3444 nó 087 252 444 

Láithreán Gréasáin: www.scrapmycar.ie 

R-phost:    [email protected]

  

Ionad Athchúrsála agus Aistrithe Theampall Mhaighréide Teo. 

Cnoc an Ghainimh, Teampall Mhaighréide, Co. Bhaile Átha Cliath 

Teileafón: 01  856 9434 

R-phost:  [email protected]