Leabharlanna

Is é do Ghnó é” Leabharlann Tacaíochta Gnó, Fiontair agus Fostaíochta

Tá Ionad nua Leabharlainne Tacaíochta Gnó agus Fostaíochta anois oscailte i Rannóg Tagartha Leabharlann Bhaile Bhlainséir agus i Leabharlann Bhaile Brigín.

Is spás oibre é an tIonad Tacaíochta Gnó, Fiontair agus Fostaíochta i Leabharlann Bhaile Bhlainséir atá ar fáil d’aon duine atá ag lorg fostaíochta nó ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar dhul chun cinn gairme agus d’fhiontraithe de gach cineál. Bíodh sé ina smaoineamh chun gnólacht nuathionscanta a bhunú nó gnó atá ag fás, táirgimid spás oibre atá saor in aisce agus a oireann go rímhaith do riachtanais na ré digití.

Soláthraímid faisnéis ghnó agus fostaíochta a fáil, eolas do dhaoine atá ag iarraidh dul chun cinn gairme a dhéanamh, tríd ár mbailiúchán leabhar agus ábhair thagartha, nuachtáin, irisí agus áiseanna ar líne. Is féidir leas a bhaint as imeachtaí líonraithe agus ceardlanna éagsúla.  Bíonn Clinicí Comhairle Gnó ar siúl sa leabharlann freisin le comhairleoirí gnó LEO.  Bíonn ár bhfoireann, atá ar fad ina ngairmithe lán-oilte eolais ansin le cinntiú go mbíonn timpeallacht fháilteach thacúil ann duit chun tabhairt faoi do chuid taighde.

Cuirimid na seirbhísí seo a leanas ar fáil; 

Wifi saor in aisce

3 PC ar leith chun taighde gnó agus fostaíochta a dhéanamh

IMac d’obair níos speisialaithe/taighde

Ríomhaire Micreascannán do thaighde gnó agus staire (micreascannán ag dul siar chuig na 1800idí)

4 dheasc nua staidéir/taighde

Saoráidí priontála

Bothán le taighde grúpa a dhéanamh nó le haghaidh cruinnithe

Seomraí cruinnithe – is féidir é a chur in áirithe roimh ré

Ionad Faisnéise Europe Direct

Vision-net agus Mintel: Bunachair Shonraí atá úsáideach do chuardaitheoirí poist ag déanamh taighde ar agallaimh nó ar iarratais do phoist agus atá úsáideach do lucht gnó ag déanamh taighde ar a dtionscal, iomaitheoirí agus tomhaltóirí.

 

Is féidir teacht ar Vision-net sa leabharlann freisin agus ar do PC, ar do ríomhaire glúine nó ar do ghléas móibíleach trí chliceáil a dhéanamh ar an nasc thuas agus uimhir do chárta leabharlainne a chur isteach ann. Is seirbhís í Vision-net atá idirlíonbhunaithe agus ar a mbíonn teacht ar líne láithreach agat ar gach cuideachta atá cláraithe in Éirinn agus sa RA. Ligeann Vision-net.ie duit teacht ar bhunchomhaid a chomhdaigh gach cuideachta in Éirinn leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (ó bhí an bhliain 1998 ann). Is féidir féachaint ar na cáipéisí seo, iad a phriondáil agus iad a shábháil.

 ‌

Is féidir teacht ar Mintel i leabharlann Bhaile Bhláinséir ar gach PC poiblí ag  www.mintel.com agus trí cliceáil ansin ar Logáil Isteach an Chliaint agus trí chlicéail ansin ar Mintel Academic agus trí aontú leis na téarmaí agus na coinníollacha. Rianaíonn Mintel nuálaíocht táirgí agus déanann sé taighde margaidh agus taighde tomhaltóirí. Sa bhunachar sonraí Éireannach ag Minte, atá suas chun dáta, tá saibhreas anailíse ann agus is áis iontach é do lucht gnó agus dóibh siúd atá ag iarraidh a slí bheatha a fhorbairt.

San anailís chuimsitheach margaidh a dhéanann sé féachtar ar a fheidhmíocht san am atá caite agus faoi láthair agus déanann sé treochtaí san am atá le teacht a thuar. Clúdaíonn an mionanailís ar thaighde margaidh mionsonraithe agus ar shonraí tomhaltóirí trí thionscal déag in Éirinn agus i dTuaisceart na hÉireann.

Tá an tIonad Tacaíochta Gnó, Fiontair agus Fostaíochta suite ar an dara hurlár i Leabharlann Bhaile Bhlainséir.

Tá an dara hIonad Tacaíochta Gnó oscailte anois i leabharlann Bhaile Brigín agus táirgeann siadsan seirbhísí den chineál céanna.

 

Suíomhanna Gréasáin

Áitiúil    

                                                                                                          

Local Enterprise Office (Fingal)                                                             

Local Enterprise Office Business Plan                                                   

Blanchardstown Area Partnership                                                        

The LINC Institute of Technology Blanchardstown                                                        

Base in Mulhuddart and Fingal Community Enterprise Hub                    

Fingal Chamber of Commerce                                                              

Fingal  Enterprising Women Network                                                                                                                                                                                                          

National                                                                                                           

Enterprise Ireland                                                                                                        

Supporting SMEs                                                                                                      

Citizens Information – starting a business 

Companies Registration Office     

Department of Jobs, Enterprise and Innovation                                                                                   

Irish Small and Medium Enterprises Association

Patents Office 

MicroFinanceIreland

Ibec

Small Firms Association

Plato Dublin  

Micro Finance Ireland

Startups.ie 

Greenbusiness.ie

Employment Websites

Local 

Blanchardstown Area Partnership

National

Department of Social Protection

The Irish National Organisation of the Unemployed

Social Inclusion and Community Action Programme

Department of Jobs, Enterprise and Innovation 

SOLAS Further Education and Training Authority

http://www.euroguidance.ie/

www.abrivia.ie

Nightcourses.com

Aontas

skillsforwork.ie

Gettingbacktowork.ie

GradIreland

Publicjobs.ie

Jobs.ie

Irishjobs.ie

Monster.ie

The Business, Enterprise and Employment Support Centre is located on the second floor of Blanchardstown library.

UAIREANTA OSCAILTE

Luan go Déardaoin 9.45 a.m. – 8 p.m.

Aoine agus Satharn 9.45 a.m. – 5 p.m.

Dúnta Dé Sathairn agus Dé Luain gach Deireadh Seachtaine Saoire Bainc 
Déan teagmháil linn ag

[email protected]

01 890 5534 nó 01890 5784

Beidh Ionad Tacaíochta Gnó eile ag oscailt go luath i leabharlann Bhaile Brigín agus seirbhísí den chineál céanna ar fáil ann. Is féidir teacht ar sheirbhísí Fhine Gall ar líne 24 uaire ag www.fingal.ie