Comórtas Xplore The Sector 2025
Comórtas Xplore The Sector
Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil ár gComórtas Scileanna nua “Xplore The Sector” á sheoladh againn, atá mar chuid de Thaispeántas Scileanna Daltaí na hIdirbhliana “Xplore Your Future”. Tá an comórtas oscailte d’fhoirne daltaí ó mheánscoileanna i gceantar Fhine Gall.
Mar chuid de Straitéis Scileanna Fhine Gall, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag dul i dteagmháil le daltaí meánscoile, Comhordaitheoirí na hIdirbhliana agus Múinteoirí Gairmthreorach chun feasacht a chothú ar an raon leathan deiseanna gairmeacha agus post in earnálacha tionscail ar leith, is iad sin Tógáil agus Iompar & Lóistíocht.
Is tionscail ríthábhachtacha iad na tionscail Tógála agus Iompair & Lóistíochta d'fhorbairt eacnamaíoch ár gContae amach anseo agus tá go leor deiseanna gairme spreagúla agus suimiúla acu chun fostaithe féideartha amach anseo a thairiscint. Tá an Chomhairle ag obair le lucht tionscail sna hearnálacha seo chun a chinntiú go mbeidh píblíne tallainne ag teacht ó mheánscoileanna amach anseo chun freastal ar an éileamh ar fhostaithe nua.
Tá an Chomhairle ag iarraidh ar dhaltaí taighde a dhéanamh ar an earnáil tionscail agus tá Earnáil na Tógála agus an Earnáil Iompair & Lóistíochta roghnaithe go sonrach mar dhá earnáil ríthábhachtach i bhFine Gall. Táthar ag iarraidh ar fhoirne daltaí deiseanna gairme a aithint i gceachtar den dá earnáil sin agus poist fhéideartha san earnáil a mhargú dá gcomhpháirtithe sa chomórtas nua spreagúil seo.
Tabhair faoi deara le do thoil: Ní mór don fhoireann a páipéar taighde agus a hábhair mhargaíochta/fógraíochta a chur faoi bhráid a múinteora lena n-athbhreithniú agus ansin déanfaidh an múinteoir iad a uaslódáil chuig cuntas Chomhairle Contae Fhine Gall ó chuntas na scoile le Google Drive.
Cliceáil anseo chun d’iontráil a chur isteach.
Is féidir le scoileanna an oiread foirne a chur isteach mar is mian leo sa Chatagóir Sinsearach nó sa Chatagóir Sóisearach. Sa Chatagóir Sinsearach tá foirne de dhaltaí ón 4ú, 5ú, 6ú Bliain incháilithe agus sa Chatagóir Sóisearach tá daltaí ón 1ú, 2ú, 3ú Bliain incháilithe. Níor cheart go mbeadh níos mó ná 5 Dhalta ar Fhoirne.
Tugtar dúshlán do dhaltaí margaíocht/fógraíocht a dhéanamh ar phoist éagsúla ina rogha earnáil – Earnáil na Tógála nó an Earnáil Iompair & Lóistíochta – dá gcomhpháirtithe ionas go smaoineodh a gcomhpháirtithe ar obair sa phost sin nó san earnáil sin.
Tá dhá chuid i gceist leis an gcomórtas. Ní mór don fhoireann an dá cheann díobh a chomhlánú agus a hiontráil a chur faoi bhráid na Comhairle.
1. Páipéar Taighde
Ní mór do na baill den fhoireann obair le chéile chun a fháil amach cén cineál post atá ar tairiscint san earnáil atá roghnaithe acu. Ní mór don fhoireann 5 phost ar leith ar a laghad san earnáil a shainaithint agus taighde a dhéanamh orthu agus páipéar a scríobh ina léirítear a cur chuige i leith an taighde (an mhodheolaíocht) agus an méid atá foghlamtha aici faoin earnáil agus faoi na poist atá roghnaithe aici. Tá sé faoin bhfoireann a chinneadh conas ba cheart an obair ar an taighde agus ar an gcuid Margaíochta/Fógraíochta den iontráil a roinnt.
Tá an fhoireann teoranta do pháipéar atá 10 leathanach A4 ar fad le haghaidh an taighde agus do leathanach A4 amháin sa bhreis le haghaidh beathaisnéis foirne, inar cheart eolas a thabhairt don Chomhairle faoin bhfoireann agus faoin obair a rinne gach ball foirne ar an iontráil. Is ceadmhach aitheantas a thabhairt do mhúinteoirí, do thuismitheoirí, do bhaill teaghlaigh agus do chairde a chabhraigh leis an bhfoireann nascadh le cuideachtaí san earnáil roghnaithe nó a chabhraigh léi ar aon bhealach ar bith, más mian leis an bhfoireann leathanach aitheantais breise a chur leis. Is ceadmhach 12 leathanach A4 san iomlán a chur isteach.
2. Margaíocht/Fógraíocht
Ní mór do na baill den fhoireann na 5 phost ar leith atá roghnaithe acu a mhargú/a fhógairt dá bpiaraí ar scoil, chun daltaí meánscoile eile a spreagadh chun obair sna poist sin nó san earnáil sin. Tá saoirse ag foirne aon mhodh margaíochta/fógraíochta is mian leo a roghnú agus a samhlaíocht a úsáid. Seo í deis na foirne a bheith cruthaitheach agus a míle dícheall a dhéanamh. Dá mhéad nuálaíocht atá ag an bhfoireann is amhlaidh is fearr é! Moltar d’fhoirne an earnáil a iniúchadh agus í a mhargú ar bhealach a thaitníonn leo. Ní hé cuspóir an chomórtais go bhforbródh daltaí feachtas earcaíochta gairmiúil ná feachtas atá spriocdhírithe ar chéimithe coláiste. Ina ionad sin, is é cuspóir an chomórtais spéis a mhúscailt i measc na ndaltaí iad féin in obair san earnáil sin, agus ba cheart díriú ar an ngné sin sa chuid seo den chomórtas. Is féidir na haighneachtaí margaíochta/fógraíochta a bheith in aon fhoirm is mian leis an bhfoireann, i.e., Fógra Clóite, Físeán, Físeán TikTok, Podchraoladh, nó aon mhodh meán sóisialta eile a thaitníonn leis an bhfoireann, ach ní ceadmhach iad a bheith níos faide ná 5 nóiméad ar fad.
Ní mór don fhoireann a páipéar taighde agus a hábhair mhargaíochta/fógraíochta a chur faoi bhráid a múinteora lena n-athbhreithniú agus ansin déanfaidh an múinteoir iad a uaslódáil chuig cuntas Chomhairle Contae Fhine Gall ó chuntas na scoile le Google Drive.
An bhfuil cabhair bhreise ag teastáil uait? Labhair lenár saineolaithe tionscail:
An Earnáil Foirgníochta:
Hawthorn Logistics: Terry Allen
[email protected]
An Earnáil Foirgníochta:
Glenveagh Homes: Foireann Taighde agus Forbartha
[email protected]
Má tá físeáin á iontráil agaibh, go hidéalach níor cheart go mbeadh an físeán níos faide ná 3 nóiméad agus gan gléineacht níos airde ná “HD”. Ba chóir go mbeadh podchraoltaí 5 nóiméad ar a mhéad ar fad.
Déanfaidh an Chomhairle measúnú ar na hiontrálacha ó na scoileanna uile agus tá dáta na dtorthaí le deimhniú
Cuirfear na hiontrálacha buaiteacha chun cinn ar ardáin meáin shóisialta Chomhairle Contae Fhine Gall agus sa tréimhse roimh an 2026 Aonach Xplore Your Future, le físeáin ar taispeáint ag an Aonach. Tar éis Searmanas na nGradam rachaidh an Chomhairle i dteagmháil le scoileanna na bhfoirne buaiteacha chun físeán a chruthú faoina dtaithí ar an gcomórtas agus faoina bhfuil foghlamtha acu.
Tá súil ag an gComhairle freisin Vox-pops a dhéanamh ag na scoileanna buaiteacha, le cead na scoile, chun a fháil amach cad a cheap na scoláirí ar na hiontrálacha, ar fhoghlaim siad aon rud ó na hiontrálacha agus an raibh tionchar ag na hiontrálacha ar dhaltaí machnamh a dhéanamh ar oibriú sna hearnálacha sin.
Don Scoil
Sa Chatagóir Sinsearach agus sa Chatagóir Sóisearach, gheobhaidh na 3 scoil is fearr i ngach catagóir Dearbháin One-For-All don scoil
- An Chéad Duais €500
- An Dara Duais €300
- An Tríú Duais €200
Do Fhoireann na nDaltaí (5 dalta in aghaidh na foirne)
Sa Chatagóir Sinsearach agus sa Chatagóir Sóisearach, gheobhaidh gach duine de na scoláirí sna 3 fhoireann is fearr i ngach catagóir Dearbhán €50 One-For-All dóibh féin gach duine acu – 5 dalta in aghaidh na foirne, ar an iomlán buafaidh foireann singil €250 do a n-úsáid féin chomh maith leis an airgead duaise a bronnadh ar an scoil.
Spriocdháta le haghaidh Iontrálacha: 8ú Bealtaine 2026
Ná caill amach an deis seo chun duaiseanna iontacha a bhuachan do do scoil agus duit féin agus do chairde
Cuir do chuid iontrálacha isteach go luath!
Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le: [email protected]