Coimisiún Ealaíne Poiblí 1916: Dealbha Soghluaiste

Mobile Monuments - 1916 Public Art Commission

Coimisiún Ealaíne Poiblí don Chlár Comórtha 1916
Dealbha Soghluaiste - Rhona Byrne & Yvonne McGuinness
Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall na dátaí a fhógairt dár gcoimisiún iontach ealaíne poiblí nua a táirgeadh mar chuid dár gClár Comórtha 1916. D'oibrigh na healaíontóirí Rhona Byrne agus Yvonne McGuinness i gcomhar le líon maith grúpa seandaoine agus scoileanna chun Dealbha Soghluaiste ('Mobile Monuments') a chruthú. Tosóidh sé amach ag taisteal go dtí Sord, An Ros, Baile Gháire agus Teach Chainnigh in Aibreán roimh an gceiliúradh oifigiúil mar chuid den Chomóradh 1916, a bheidh ar siúl ar 24 Aibreán i Sord.
Dearadh na Dealbha Soghluaiste chun go mbeidh siad cuid de 3 thrírothach ricseá.Rinneadh iad le cruach dhosmálta i gcomhar leis an gcuideachta áitiúil Finglas Stainless Steel. Tá na Dealbha Soghluaiste simplí ó thaobh foirme de, ach tá ábhair thábhachtacha iontu a cruthaíodh le linn na gceardlann leis na healaíontóirí agus Seanóirí Shoird, Bantracht na Tuaithe an Rois, Oideachas le Chéile Shoird, Scoile Náisiúnta Mhuire, Baile Gháire, Scoil Náisiúnta Chaitríona sa Ros agus Oideachas le Chéile Theach Chainnigh i mBaile Átha Cliath 15.
Tá sé de chumas ag na Dealbha Soghluaiste oscailt amach agus suíomhanna bríomhara a chur ar fáil le haghaidh léiriúcháin agus cruinnithe nuair a bhaineann siad a gcinn scríbe amach. Faoi láthair, tá bailchríoch á cur ar an tionscadal ag na healaíontóirí. In éineacht leis na grúpaí, tá siad ag cruthú prapaí, bratacha, feistis agus léirithe do na Dealbha a bheidh le feiceáil nuair a dhéanaimid ceiliúradh ar imeachtaí 1916 i bhFine Gall. Le linn na gceardlann, bhí na grúpaí ag déanamh plé ar na téamaí éagsúla a bhaineann leis na gníomhaíochtaí agus an smaointeoireacht a bhí thart ag am Éirí Amach na Cásca 1916 - líonraí daoine, gluaiseacht mhall an eolais, chomh maith leis na prionsabail ar sheas an tEirí Amach leo, cosúil le saoirse, rogha, freagracht, neamhspleáchas, comhghríosú, cur i gcoinne agus cad a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis na prionsabail sin sa lá atá inniu ann.
Mar gheall ar na Dealbha Soghluaiste, is féidir athshamhlú a dhéanamh ar conas a chuimhnímid agus conas a thugaimid aghaidh ar an tréimhse chomórtha seo. Scríobh an teoiricí Robert Musil "nach bhfuil aon rud chomh infheicthe ná dealbh" - is cinnte gur cuireadh an dearcadh sin san áireamh in gcás na nDealbh Soghluaiste. Dearadh iad i gcomhar le réimse grúpaí áitiúla agus beidh siad le feiceáil go héasca fad a thaistealaíonn siad chuig a gcinn scríbe.

Tosóidh na Chéad Dealbha ag bogadh ar:

8 Aibreán: Léiriú an Dealbha Shoghluaiste le daltaí ó Scoil Náisiúnta Chaitríona, Páirc Chionn Iúir, An Ros ag 11 a.m. Fáilte Roimh Chách

15 Aibreán: Beidh léiriú ar siúl le dhá Dhealbh le daltaí ó Oideachas le Chéile Shoird agus Scoil Náisiúnta Mhuire, An tSráid Mhór, Baile Gháire ag 11 a.m. -

Ina dhiaidh sin, déanfar ceiliúradh os comhair an Chomhairleora David O'Connor, Méara Fhine Gall ag Ionad Pobail Bhaile Gháire - Fáilte roimh chách

22 Aibreán: beidh léiriú ar siúl leis na trí Dhealbh le daltaí ó Oideachas le Chéile Theach Chainnigh, Páirc Ongar, ag 11 a.m, Fáilte Roimh Chách

Féach na Dealbha Soghluaiste agus iad i bParáid Chomórtha 1916 Shoird ar 24 Aibreán

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí, Comhairle Contae Fhine Gall, [email protected] /01 870 8449 / twitter @fingalarts /www.fingalarts.ie