Clár Feabhsúcháin Áitiúil (CFÁ) 2026

LEP 2025 collage lead image

Tugtar cuireadh do Ghrúpaí Pobail agus Deonacha i bhFine Gall chun iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil 2026.

Leis an gcistiú, tacófar le grúpaí, go háirithe grúpaí i limistéir faoi mhíbhuntáiste, deisiúcháin agus feabhsuithe riachtanacha a dhéanamh ar a saoráidí, agus trealamh a cheannach, amhail táblaí agus cathaoireacha, uirlisí agus comharthaí, ríomhairí glúine agus printéirí, lomairí faiche, ceannbhrait, agus trealamh oiliúna, i measc nithe eile.

A bhuí leis an gcistiú sin, cabhrófar le pobail, le grúpaí pobail agus le coistí, rud a chuirfidh ar a gcumas leanúint de sheirbhísí tábhachtacha a sholáthar do mhuintir a limistéar, agus an dáimh lena gceanglaítear pobail le chéile á neartú ag an am céanna. Aidhm eile atá leis an gciste is ea tacú le tosaíochtaí straitéiseacha áitiúla trí naisc le Pleananna Áitiúla Eacnamaíochta agus PobailContae Fhine Gall do Ghrúpaí ar fud an chontae (€230,423 i gCistiú Caipitil, €38,404 i gCistiú Reatha).

An Cistiú atá ar Fáil: €268,827 do Thionscadail Chaipitil agus dóibh sin amháin

Spriocdháta: 27ú Feabhra 2026, 5in

Chun mionsonraí agus treoirlínte iomlána a fháil, cliceáil anseo

 

Príomhghnéithe den Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026

· Is do thionscadail chaipitil agus dóibh sin amháin atá an cistiú.

· Ní mór earraí a cheannach ar dtús/ní mór íoc as oibreacha sula bhfaighidh grúpaí aisíocaíocht ó Chomhairle Contae Fhine Gall

 

Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh?

· Féadfaidh aon ghrúpa pobail neamhbhrabúis nó aon ghrúpa deonach iarratas a dhéanamh.

· Níl eagraíochtaí tráchtála ná daoine aonair incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh.

 

Cé na tionscadail atá incháilithe?

Oibreacha caipitil agus ceannacháin trealaimh lena bhfeabhsaítear saoráidí pobail, amhail:

· Athchóiriú nó feabhsú ionad pobail

· Feabhsuithe inrochtaineachta

· Saoráidí pobail (e.g., páirceanna, clóis súgartha, páirceanna baile, limistéir chomhchoiteanna)

· Forbairt clubanna óige nó saoráidí óige

· Saoráidí spóirt agus áineasa

· Feabhsuithe ar an ríocht phoiblí (lena n-áirítear sráid-dreachú)

· Trealamh TCI

· Forbairt spásanna súgartha/áineasa

· Uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh saoráidí pobail

· Ceannach trealaimh (e.g., ríomhairí glúine, ríomhairí táibléid, uirlisí, troscán)

· Cothabháil áitribh (péinteáil, deisiúcháin)

· Oibreacha caipitil chun bithéagsúlacht a mhéadú nó chun lorg carbóin a laghdú

· Trealamh glantacháin

· Ní íocfar CBL ach amháin i gcás go bhfuil sé ar áireamh i méid an iarratais. Ní ghlacfar le haon iarrataí eile ar íocaíochtaí CBL nó ar aisíocaíochtaí.

 

Cad nach bhfuil incháilithe?

· Aon tionscadal nach bhfuil ag teacht le héiteas an Chláir

· Costais a tabhaíodh sular fhógair an Roinn an liosta de thionscadail rathúla

· Aon chostais atá de chineál reatha, e.g., cláir, oiliúint

· Costais fostaíochta

· Táillí dlí

· Táillí bainistíochta tionscadail

· Ceannach tailte nó foirgneamh

· Staidéir indéantachta

· Oibríochtaí príobháideacha nó tráchtála

· Costais atá á n-íoc ag maoinitheoir eile nó ag roinn eile

 

Ceanglais an Chláir

· Comhlíonadh Cánach: Ní mór do ghrúpaí atá cláraithe chun críocha cánach Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach agus Uimhir Thagartha Cánach a sholáthar.

· Toilithe Reachtúla: Ní mór na ceadanna riachtanacha uile (e.g., pleanáil) a fháil sula dtosaítear na hoibreacha.

· Árachas: Féadfar fianaise ar árachas bailí a iarraidh le linn athbhreithnithe.

· Admháil go bhfuarthas Cistiú: Is inghlactha atá aitheantas ar shuíomhanna Gréasáin nó sna meáin shóisialta. Ní mór aitheantas a thabhairt don Roinn i gcomharthaíocht i gcás go bhforbraítear an tionscadal.

· Cistiú Meaitseála: Ní cheanglaítear é faoin gclár seo.

 

Seisiún Faisnéise

Cuirfear Seimineár Gréasáin Faisnéise agus Ceisteanna agus Freagraí ar siúl Déardaoin an 15ú Eanair 2026 ó 19:00 – 21:00. Chun freastal air cliceáil an nasc seo a leanas 10 nóiméad roimh am tosaithe. LEP Webinar

 

Déan iarratas thíos faoi 5.00 in an 27ú Feabhra 2026 Foirm Iarratais ar an Scéim Cistiúcháin Caipitil: https://submit.link/4tV

 

I gcás ceisteanna, déan teagmháil le [email protected] .

Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a chistíonn an Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2026. Féach an nasc seo a leanas chuig an bpreaseisiúint le Dara Calleary TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus le Jerry Buttimer TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Forbairt Pobail agus as Carthanais, ina bhfógraítear an Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 ar an leibhéal náisiúnta: https://www.gov.ie/en/department-of-rural-and-community-development-and-the-gaeltacht/press-releases/ministers-calleary-and-buttimer-announce-new-7-million-local-enhancement-programme-2026

Our Rural Future Logo
Government of Ireland
Dept Rural Logo