Christine Mackey

Christine Mackey

Sraith dhá fhoilseachán é A Year in the Field a forbraíodh ar an láthair i ngort ag Naomh Íde i nDomhnach Bat, Contae Bhaile Átha Cliath. Tugann leabhar 1 work-PAD freagairtí bunaithe ar shraith gníomhaíochtaí — bailiú, tochailt, léaráidí, taifeadadh, labhairt, agus mapáil an spáis sin. Le linn an phróisis sin, rinne an t-ealaíontóir idirchaidreamh le réimse daoine agus grúpaí pobail ón gceantar agus níos faide amach. Roinn Chloe Galley eolas ar an bhflóra uathúil. Phléigh Declan Doogue lucht cónaithe na ndraenacha doimhne agus na criosanna bruachánacha idir uisce mara agus talamh. Fuarthas ábhar taighde ó Declan, a rinne staidéar ar an bhflóra; obair John Lovatt ar fhéileacáin agus éin sa cheantar; agus chuir Hans Visser, oifigeach bithéagsúlachta ó Chomhairle Contae Fhine Gall, faisnéis chúlra ar fáil agus d'eagraigh sé turas allamuigh le leanaí ó Scoil Náisiúnta Naomh Pádraigh, Port Reachrann, ar cuireadh deireadh leis le siúlóid i gcrainn le Niall McCoitir. Chuir Christine tús le sraith ceardlanna le leanaí ó Scoil Naomh Pádraig. Bain sí triail as smaointe agus fuair siad aiseolas ó na buachaillí maidir leis na gníomhaíochtaí a bhí á bhforbairt ag an tráth sin. Tharraing an duine áitiúil Trish Carey aird ar an úllord ar thailte Ospidéal Íde. Bunaithe ar an bpróiseas seo, cheap an t-ealaíontóir Leabhar 2, Sketch-PAD. Feidhmíonn an PAD mar lámhleabhar malartach ar an nádúr atá bunaithe ar shraith dhá ghníomhaíocht déag chun plé cruthaitheach ar chórais 'goirt' a spreagadh. Ciallaíonn 'gort' aon chineál suímh — láithreán athfhorbraíochta, talamh garbh (i gcathracha, bailte nó sráidbhailte), ciumhaiseanna bóthair, cosáin, foraoisí, áiteanna súgartha, srl. Aon áit a n-aimsítear 'rudaí' ag fás. Liostaítear na gníomhaíochtaí ó 1 go 12, ach is féidir iad a dhéanamh in aon ord. Is é an smaoineamh ná an PAD a oscailt go díreach mar sin agus tosú amach cibé áit is mian leat. Tá teideal ag gach gníomhaíocht a thugann an t-ábhar le fios - ach ní ach moladh é. I ngach cleachtas, aibhsítear focail ar leith a bhféadfadh dúshlán a bheith ag bain leo. Tá gluais curtha ar fáil ina dtugtar míniú ar na focail. Ach is é an príomhriachtanas ná an PAD seo a thabhairt leat agus tú ag siúl, agus peann luaidhe i do lámh agat, chun taiscéalaíocht a dhéanamh ar do thimpeallacht féin — na rudaí atá ann a tharraingíonn d'aird de réir mar a fhorbraíonn siad in imeacht ama agus iad san áit ina bhfuil siad, agus san áit ina bhfuil tú.

D'fhorbairt Christine Mackey taispeántas don saothar seo i nDraíocht in 2012. Bhí an deis ag daltaí ó Bhaile Átha Cliath 15 an PAD oibre a úsáid ina dtimpeallacht féin i sraith ceardlanna agus cuairteanna.

Tá an work-PAD ar fáil ón Oifig Ealaíon. Téigh i dteagmháil le Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí ar [email protected] nó glaoigh ar 01 870-8449.

Íoslódáil PAD 1

Íoslódáil PAD 2