Trá Dhomhnach Bat a Athchóiriú agus a Chosaint

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall dul i gcomhpháirtíocht le Cóstaí Glana an Samhradh seo do thionscadal píolótach 'Athchóirgh agus Cosain' ag trá Dhomhnach Bat.

Déanfaidh an tionscadal píolótach seo cleachtais bhainistíochta trá atá níos neamhdhíobhálaí   don chomhshaol a thriail ar thrá Dhomhnach Bat i dteannta le feachtas rannpháirtíochta pobail ó Chóstaí Glana. 

Cad is Athchóirigh agus Cosain ann?

Tá dhá ghné sa tionscadal 'Athchóirigh' agus 'Cosain.

Ciallaíonn 'Athchóirigh' stop a chur le modhanna glantacháin mheicniúla. De ghnáth, úsáideann Comhairle Contae Fhine Gall ráca meicniúil atá ceangailte le tochaltóir chun gach smionagar a bhaint ón dromchla trá. Baineann an ráca seo bruscar ach sa phróiseas baintear 'feamainn trá' freisin. An samhradh seo úsáidfimid acmhainní breise bailithe bruscair ina ionad sin chun an fheamainn trá atá ann go nádúrtha a fhágáil ina áit.

Tagraíonn 'Cosain' don éifeacht a bhíonn ag fágáil feamainn trá ar an gcomhshaol nádúrtha.

Téarma eolaíoch isea feamainn trá don fheamainn, adhmad raice agus féar mara a thagann i dtír ar ár gcladaigh. Deireann Richard Curtin ó Chóstaí Glana, ‘Nuair a fhágann tú feamainn trá is é bunús an ghréasáin bia trá a sholáthraíonn foinse bia d’éin agus a thacaíonn le beatha inveirteabrach. Cosnaíonn sé tránna trí ghaineamh a choinneáil a thógfaí leis an ngaoth murach sin. Cruthaíonn sé seo dumhcha ar féidir leo feidhmiú mar thacaíocht stuchtúrach don trá.’
 

Cén chuma a bheidh ar an trá?

Gan an ráca meicniúil a úsáid go rialta, d’fhéadfadh go mbeadh cuma beagán difriúil ar an trá sna seachtainí amach romhainn. Tabharfaidh tú faoi dheara feamainn agus smionagar nádúrtha eile ag bailiú ar an ngaineamh. Tá sé seo sábháilte agus iontach don chomhshaol.

Gheobhaidh tú trá glan fós. Bainfidh ár mbailitheoirí bruscair bruscar a fhaightear feadh an trá agus táimid ag impí ar an bpobal aon bhruscar a fheiceann tú a bhaint, ag tabhairt aire ar leith chun gach rud a thug tú leat a bhaint agus tú ag fágáil na trá.

Glanadh Trá 2 Nóiméad – Conas Is Féidir Leat Cabhrú

Níor chóir do chuairteoirí ar ár dtránna aon rian dá gcuairt a fhágáil trína gcuid bruscair a thógáil leo agus é a dhiúscairt i do bhoscaí athchúrsála sa bhaile nó na boscaí bruscair poiblí a chuirtear ar fáil ar an trá a úsáid. Má tá 2 nóiméad le spáráil agat is féidir leat tionchar mór a imirt ar do thimpeallacht áitiúil trí aon bhruscar is féidir leat a fháil a phiocadh suas agus é a thabhairt leat nuair a fhágann tú.

Donabate beach poster

Imeachtaí Trá Glan

Tá Cóstaí Glana ag reáchtáil sraith imeachtaí Trá Glan ag trá Dhomhnach Bat an samhradh seo. Cliceáil thíos chun clárú roimh ré. Tá fáilte roimh gach duine a bheith i láthair – cad faoi é a bheith mar chuid de lá teaghlaigh?

 

2 minute beach clean

Tuilleadh eolais a fháil

An bhfuil suim agat tuilleadh a fháil amach faoin scéím phíolótach seo? Fiosraigh an fístaifeadadh seo de Chóstaí Glana Bealtaine 2021 Cruinniú Halla an Bhaile áit a roinneann an fhoireann tuilleadh sonraí agus freagraíonn siad ceisteanna ón bpobal.

Le haghaidh tuilleadh acmhainní téigh chuig www.cleancoasts.org

Clean Coasts logo