Cuireann an Chomhairle críoch le tionscnamh réimse poiblí suntasach i Sord

Tá tionscnamh réimse poiblí suntasach curtha i gcrích ag Comhairle Contae Fhine Gall i gcroílár Sord atá dírithe ar thacú le gnóanna áitiúla trí an sráid-dreach atá ann cheana a chlaochlú go spás pobail fáilteach agus tarraingteach.

Parklet Swords

Tá tionscnamh réimse poiblí suntasach curtha i gcrích ag Comhairle Contae Fhine Gall i gcroílár Sord atá dírithe ar thacú le gnóanna áitiúla trí an sráid-dreach atá ann cheana a chlaochlú go spás pobail fáilteach agus tarraingteach.

I gcomhthionscnamh ón Roinn Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Turasóireachta ón Roinn Oibríochtaí cruthaíodh “páircín” nua ar an bPríomhshráid, ag soláthar síneadh tarraingteach don chosán trí roinnt spásanna páirceála do charranna a iompú ina spás breise do dhaoine chun ithe, suí agus a scíth a ligean.

Tá an páircín, a fhreastalaíonn ar spás itheacháin agus suíocháin bhreise, dírithe ar dhaoine a spreagadh ar ais isteach i gcroílár an bhaile agus treoir sláinte poiblí á comhlíonadh. Cuireadh isteach racaí rothar freisin.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Tá áthas an domhain orm an ath-leithroinnt spáis bóithre i Sord a fheiceáil, ag tabhairt spáis do dhaoine agus ag cruthú sráid-dreach níos beoga do dhaoine le taitneamh a bhaint as. Is é seo tús le próiseas trína mbeidh sráideanna ár mbailte ina n-áiteanna níos fáiltiúla agus níos suaimhní, agus inar féidir le daoine suí, ar bhinsí poiblí agus i gcaiféanna agus bialanna lasmuigh. Is céim shuntasach í athmhúnlú ár sráid-dreacha agus muid ag cosaint muid féin ó Covid-19 trí úsáíd a bhaint as spás lasmuigh chun casadh ar a chéile agus maireachtáil ann, agus tacú lenár ngnóanna freisin.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh tionscnaimh den chineál céanna a rolladh amach ar fud an Chontae mar chuid dár bhfreagra ar Maireachtáil le COVID-19.   Fógrófar glao ar thograí comhoibritheacha ó ghnóanna agus ó phobail faoi Le Chéile Fine Gall sna laethanta atá amach romhainn. Chuirfimis fáilte roimh gach duine féachaint ar an bpáircín i Sord agus oibriú linn chun an réimse poiblí a athshamlú in áiteanna eile le húsáid ag ár gcónaitheoirí agus ár ngnóanna araon.”

Dúirt Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Turasóireachta Emer O’Gorman: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta cabhrú le gnóanna ar fud Fhine Gall le linn na tréimhse deacra seo de chuid Covid-19. Tá sé mar bhunchloch dár gcuid oibre daoine a spreagadh chun siopadóireacht a dhéanamh go háitiúil agus tacú le gnóanna áitiúla agus is gné eile de sin an tionscnamh seo. Cuirfidh an páircín seo i Sord spás itheacháin breise ar fáil do bhialanna agus do chaiféanna in aice láimhe agus ba cheart go gcuideodh sé leis an am a chaitheann daoine agus líon na ndaoine sa cheantar a mhéadú.”

Dúirt Stiúrthóir Oibríochtaí David Storey: “Táimid i gcónaí ag féachaint ar bhealaí nuálacha chun ár spásanna réimse poiblí a fheabhsú chun cabhrú le gnóanna ar fud Fhine Gall cloí le treoirlínte sláinte poiblí. Is bealach cruthaitheach é páircíní a sholáthar chun na spásanna atá ann cheana a úsáid chun ár sráid-dreacha a chlaochlú chun leasa ár gcónaitheoirí agus ár bpobail ghnó araon.”

Dúirt Cathaoirleach an Choiste um Beartas Straitéiseach um Bainistíocht Iompair agus Bonneagair, an Comhairleoir Ted Leddy: “Is tionscnamh iontach é seo a chabróidh le sráid-dreach athchruthaithe agus athbheoite a chruthú inár mbailte chun leasa ár bpobail ghnó agus ár gcónaitheoirí araon. Táim ag tnúth lena bhfeiceáil á rolladh amach i réimsí eile ar fud Fhine Gall.”

Dúirt Cathaoirleach an Choiste um Beartas Straitéiseach um Fhorbairt Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Turasóireachta, an Comhairleoir Tony Murphy: “Mholfainn do ghnóanna agus do phobail tacú leis an gcineál seo tionscnaimh nuair a théann an glao le haghaidh tograí amach ón gComhairle. Tá sé ríthábhachtach tacú lenár ngnóanna áitiúla agus iad ag déileáil leis na dúshláin a chruthaíonn paindéim Covid-19 agus tá ról lárnach ag tionscnaimh mar an gceann seo chun líon na gcustaiméirí agus gníomhaíocht a chruthú inár mbailte.”

 

 

Parklet swords 2