Cúig bheathaisnéis spéisiúla atá ar fáil ar an aip BorrowBox

Cé go bhfuil na doirse dúnta againn i láthair na huaire tá ár ríomhsheirbhísí fós ar fáil rud a chiallaíonn nach bhfuil leisce ar bith agat gan a bheith ag léamh!

Deis iontach é am a chaitheamh sa bhaile chun cur leis an méid atá ar eolas agat agus an leabhar sin a bhí beartaithe agat a léamh le fada a oscailt faoi dheireadh, nó tuilleadh a fhoghlaim faoi ábhar is spéis leat, agus táimid anseo chun ábhar machnaimh a chur ar fáil duit inár mbailiúcháin mhóra ríomhsheirbhíse.

Seo thíos 5 bheathaisnéis spéisiúla atá ar fáil ar an aip BorrowBox:

Houdini
  1. The Life and Afterlife of Harry Houdini by Joe Posnanski

Is údar sárdhíola New York Times é Joe Ponanski agus ní hamháin go ndéanann sé iarracht dul chuig croílár saol neamhghnách Harry Houdini, an cluanaire súl is cáiliúla agus is spéisiúla ar domhan sa leabhar seo, déanann sé iarracht chomh maith cur síos a dhéanamh ar na daoine a ndeachaigh Houdini go mór i bhfeidhm orthu. Le linn dó cuairt a thabhairt ar mhúsaeim (ceann acu faoi úinéireacht David Copperfield), nithe is díol spéise, agus cartlanna príobháideacha, casann Posnanski ar charachtair nach furasta iad a ligean i ndearmad agus ar charachtair iontach spéisiúil sa dírbheathaisnéis seo atá lán eolais agus lán léargais.

StanLee
  1. A Marvelous Life: The Amazing Story of Stan Lee by Danny Fingeroth

Is é seo scéal an fhir a thug SPIDER-MAN chun beochta! Agus IRON MAN! Agus THE HULK! Agus X-MEN! Agus breis is 500 carachtar eile nach ndéanfar dearmad go deo orthu! Tá a ainm le feiceáil ar bhreis is billiún greannán, i 75 tír, i 25 teanga. Tá a shaothar tugtha chun beochta i scannáin agus i sraitheanna teilifíse a bhfuil na billiúin dollar tuillte acu. Tugtar léargas iontach ón taobh istigh ar an bhfear cáiliúil seo i leabhar atá scríofa ag scríbhneoir agus eagarthóir de chuid Marvel Comics, a raibh aithne aige ar Lee ar feadh breis is 30 bliain.

Female Gaze
  1. The Female Gaze: Essential Movies Made by Women by Alicia Malone

Tá an téarma “dearcadh an fhir” in úsáid go coitianta i léirmheastóireacht scannáin ach céard é “dearcadh na mná”? Déantar iarracht sa leabhar seo an cheist sin a fhreagairt trí bhailiúchán beathaisnéisí ban-déantóirí scannáin, lena n-áirítear Kathryn Bigelow, Greta Gerwig Lady Bird, agus tuilleadh ban eile a chabhraigh le tionscal na scannán a fhorbairt.

I Tonya
  1. Fire on Ice: The Exclusive Inside Story of Tonya Harding by Abby Haight and J. E. Vader

Feiliúnach do lucht leanúna I, Tonya, déantar iniúchadh sa scannán seo ina bhfuil na príomhpháirteanna ag Margot Robbie agus Allison Janney, an chéad bheathaisnéis iomlán ar Tonya Harding, ar dhuine de na scátálaithe fíoracha is conspóidí a bhí ann nuair a bhí an chonspóid—bunaithe ar an ionsaí a rinneadh ar Nancy Kerrigan i 1994—ba chúis le haird an domhain mhóir a tharraingt ar Harding i mbarr a réime..

Letters of Note
  1. Letters of Note: Art by Shaun Usher

Ón tsraith álainn Letters of Note ina gcuirtear pearsana móra staire i láthair, déanann Usher ceiliúradh ar chomhfhreagras fíorspéisiúil faoi Art, idir litreacha faoin gcrá croí a bhaineann le bheith ligthe i ndearmad, agus an gliondar a bhaineann le saothar a chruthú a mhúsclaíonn spéis, agus foinsí inspioráide ar cúis ionaidh iad, agus forógraí spreagúla. Bainfidh daoine ar breá leo ealaín agus cúrsaí staire fíorthaitneamh as an leabhar seo.

BorrowBox - Ríomhleabhair agus Ríomh-chlosleabhair

Tá raon ollmhór Ríomhleabhar agus Ríomh-chlosleabhar do dhaoine fásta agus do dhaoine óga le fáil in BorrowBox, ó Bolinda. Níl le déanamh agat ach an nasc a leanúint agus clárú trí úsáid a bhaint as uimhir do chárta leabharlainne agus do PIN. Nó íoslódáil an aip BorrowBox ón aipmhargadh agus bí ag léamh Ríomhleabhar agus Ríomh-chlosleabhar ar do sháimhín só ar d’fhón póca nó táibléad! (Cláraigh do chárta ar dtús ar ár suíomh gréasáin BorrowBox sula n-íoslódálann tú an aip):  https://fe.bolindadigital.com/wldcs_bol_fo/b2i/mainPage.html?b2bSite=4817