Fógra Tábhachtach – Smugairle Leonmhongach

Tá Smugairlí Leonmhongacha le feiceáil ar ár dtránna faoi láthair – go háirithe le cúpla lá anuas. Is mian le Comhairle Contae Fhine Gall a chur in iúl go bhfuil na coinníollacha do Smugairlí Leonmhongacha an-oiriúnach ó lár mhí Lúnasa agus suas go dtí an dara seachtain de Mheán Fómhair: beidh méadú suntasach ar a líon ar ár dtránna agus inár n-uiscí.

jellyfish

Speiceas 5: Smugairle Leonmhongach (Cyanea capillata): Is féidir leis trastomhas cloig de 2 mhéadar a shroichint, de ghnáth bíonn sé i bhfad níos lú. Tá an t-imeall cloig roinnte in 8 maothán agus 8 crobhaing le suas go 150 braiteog an ceann. Tá ná braiteoga níos faide ná na géaga béil.  Athraíonn an dath ó dhearg domhain go cinn bhuí. Rabhadh! Tugann na smugairlí róin seo cealg throm.

 

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag impí ar shnámhóirí a bheith níos mó ar an airdeall ar ár dtránna ar fad ina fhaightear smugairlí róin. Tabhair le fios le do thoil fiú nuair a bhíonn siad marbh agus nuair a thagann siad i dtír ar an dtrá, go bhfanann an nimh ina mbraiteoga ar feadh cúpla lá. Leis an oiread sin braiteoga fada sraoilleacha ann tá seans fós go bhfaighfeá cealg, fiú nuair a dhéanann tú iarracht gan snámh in aice leo. Chomh maith leis sin, d’fhéadfá cealg a fháil ó phíosaí de bhraiteoga an smugairle leonmhongach a bhriseann amach san uisce, fiú mura bhfuil siad ceangailte leis an smugairle róin níos mó.

Is féidir le cealg ó Smugairle Leonmhongach a bheith ina chúis le masmas, allas, crampaí, tinnis chinn agus siomptóim eile agus ba cheart cóir leighis phráinneach a lorg le haghaidh cealga troma.  

Sa chás gur thug na gardaí tarrthála líon mór Smugairle Leonmhongach faoi ndeara, d’fhéadfaidis an bhratach dhearg a ardú chun comhairle a thabhairt i gcoinne snámh. Má fhaigheann tú cealg ar thrá le gardaí tarrthála – téigh le do thoil chuig na gardaí tarrthála atá ar dualgas le haghaidh cúnaimh.

 

Garchabhair le haghaidh cóireáil cealga smugairlí róin:

·         Déan cinnte nach bhfaigheann tú cealg tú féin agus tú ag cabhrú le daoine eile;

·         Bain aon bhraiteoga ceangailte le lámh a bhfuil lámhainn air, bata, nó tuáille (mura bhfuil aon cheann díobh seo ar fáil, úsáid barr do mhéaracha);

·         Ná cuimil an áit atá buailte (d’fhéadfadh scaoileadh breise nimhe a bheith mar thoradh air seo);

·         Rinseáil an áit ata buailte le huisce sáile. Nuair a thagann tú abhaile, is féidir leat an áit a ní/rinseáil in uisce bogthe go te;

·         Cuir ‘paca fuar tirim’ ar an áit (i.e. cuir paca fuar nó oighear laistigh de mhála plaisteach agus ansin cuir an pacáiste sin i t-léine nó píosa éadaigh eile);

·         Lorg cóir leighis má tá aon rud eile seachas míchompord  beag i gceist.

 

Cad nach ceart a dhéanamh:

·         Ná cuimil an áit;

·         Ná rinseáil le fíoruisce. Úsáid uisce sáile;

·         Ná déan do mhún ar an gcealg;

·         Ná húsáid fínéagar do na cineálacha cealg smugairlí róin a d’fhéadfadh tarlú in Éirinn;

·         Ná húsáid alcól;

·         Ná cur bindealán teann air.

 

Tá eolas ar fáil ón FSS anseo, lena n-áirítear nasc chuig an gCárta Aitheantais Smugairle Róin: https://www.hse.ie/eng/health/hl/water/bathing/jellyfish-in-irish-coastal-waters.html

Moltar do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí óga súil a choinneáil ar a leanaí i gcónaí.

Beidh eolas ar cháilíocht uisce ar fáil ar chlár fógraí na trá agus ar fáil freisin ar thránna.ie

Ar mhaithe le do shábháilteacht molaimid nach n-ólann agus tumann tú riamh.  

Le haghaidh tuilleadh leideanna sábháilteachta uisce, téigh le do thoil chuig sábháilteachtuisce.ie