Cruthaitheacht, Fiontraíocht agus Buanna Móra ag Gradaim Fiontair Mac Léinn Fhine Gall
Tugadh aitheantas do mhic léinn Fhine Gall as nuálaíocht, cruthaitheacht agus tallann fiontraíochta ag an mBabhta Ceannais Contae i mbliana
Tugadh aitheantas do mhic léinn Fhine Gall as nuálaíocht, cruthaitheacht agus tallann fiontraíochta ag an mBabhta Ceannais Contae i mbliana
D’fhógair Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall go ndéanfadh Buaiteoirí na gCatagóirí Sóisearacha, Idirmheánacha agus Sinsearacha i mbliana ionadaíocht don chontae ag Babhta Ceannais Náisiúnta na nGradam Fiontair Mac Léinn ar an Muileann gCearr i mí na Bealtaine. Tagann an fógra sna sála ar Bhabhta Ceannais Contae bríomhar agus iomaíoch a tionóladh an 19 Márta in Óstán Crowne Plaza, Baile Bhlainséir, áit ar léirigh breis agus 1,300 mac léinn ó 21 scoil tallann fiontraíochta as cuimse trí tháirgí nuálacha, trí bhrandáil láidir agus trí chur i láthair muiníneach, rud a léiríonn míonna d’obair foirne, de chruthaitheacht agus d’athléimneacht.
Sa Chatagóir Shóisearach, is iad Sam Patton agus Andrew Low ó Sutton Park School na mic léinn a bheidh ag déanamh ionadaíocht d’Fhine Gall ag an mBabhta Ceannais Náisiúnta, lena dtionscadal dar teideal ‘Powerblocker’.
Sa Chatagóir Idirmheánach, cuirfidh Juliane Amelia O’Neill ó Loreto Secondary School, Baile Brigín, a fiontar dar teideal ‘Tiny Terrariums’, i láthair, rud a dhíríonn ar Ghairneoireacht.
Sa Chatagóir Shinsearach, fuair Daniel Strautnice, Jack Atkinson, agus Jedd Umeh ó Coolmine Community School a n-áit lena dtionscadal dar teideal ‘Micro Forge 3D’, ar gnó nuálach atá dírithe ar Phriontáil 3T é.
Beidh na foirne buacacha ag dul san iomaíocht anois le gnóthaí mac léinn ó gach cearn d’Éirinn, agus iad ag cur a bhfiontar i láthair painéal breithiúna agus ag iarraidh aitheantas náisiúnta a bhaint amach.
Bronnadh raon gradam speisialta freisin, agus aitheantas á thabhairt do shármhaitheas i bpríomhréimsí fiontraíochta. Áiríodh leo sin an Gradam don Taispeántas is Fearr, an Gradam Inbhuanaitheachta, an Gradam Meán Sóisialta, agus an Gradam Nuálaíochta, agus gach ceann díobh ag tabhairt urraim do mhic léinn a rinne gaisce i gcruthaitheacht, i gcumarsáid, i ndearadh agus i bhforbairt ghnó réamhbhreathnaitheach.
Bronnadh an Gradam d’Oideoir Fiontraíochta na Bliana ar Liz Byrne, múinteoir in Hartstown Community School, mar aitheantas dá tiomantas as cuimse don oideachas fiontraíochta. Bronnadh an Gradam do Spiorad Scoile Fiontraí ar Luttrellstown Community College, mar aitheantas don chultúr láidir cruthaitheachta, obair foirne agus uaillmhéine atá cothaithe laistigh de phobal na scoile.
Ag labhairt dó ag an ócáid, mhol an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, rannchuidiú agus gairmiúlacht na mac léinn rannpháirteach go léir: “Is sármhaith atá an chruthaitheacht agus an treallús atá le feiceáil anseo inniu. Thug sibh smaointe ón gcoincheap go dtí an réaltacht, d’oibrigh sibh i gcomhar le chéile, sháraigh sibh dúshláin, agus sheas sibh go muiníneach le bhur ngnóthaí. Beidh na scileanna atá forbartha agaibh úsáideach daoibh go ceann i bhfad.”
San aitheasc uaithi, tharraing AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, aird ar thionchar an tionscnaimh agus ar an acmhainneacht a ghabhann leis: “Is é an rud is mó a théann i bhfeidhm orm ná an bhraistint úinéireachta atá léirithe ag na mic léinn seo. Bhrúigh siad iad féin, ghlac siad freagracht as a gcuid tionscadal, agus léirigh siad fíorthionscnaíocht. Is é an uaillmhian atáimid ag feiceáil anseo inniu an rud díreach a chabhróidh le Fine Gall fanacht ina háit láidir le cónaí agus le hobair ann, le cuairt a thabhairt air agus le gnó a dhéanamh ann. Táimid thar a bheith bródúil as gach mac léinn a ghlac páirt ann, agus táimid buíoch de na múinteoirí agus na teaghlaigh a thug tacaíocht dóibh lena linn.”
Bhí an searmanas bronnta ina cheiliúradh beoga ar dhaoine tallannacha gnó atá ag teacht chun cinn. D’óstáil Meghann Scully an searmanas, agus chuir Marty Guilfoyle, dioscmharcach, an tsiamsaíocht ar fáil. Ní ba luaithe sa lá, chuaigh na mic léinn faoi phróiseas dian moltóireachta, ar lena linn a chuir siad a bhfiontar i láthair agus a measúnaíodh iad ó thaobh díolacháin, margaíochta, airgeadais, nuálaíochta agus inbhuanaitheachta de.
Rinne Oisín Geoghegan, Ceann Fiontair i bhFine Gall, comhghairdeas leis na rannpháirtithe go léir: “Is sármhaith atá an leibhéal fiontraíochta atá feicthe againn inniu. Dóibh siúd atá ag dul ar aghaidh go dtí an Babhta Ceannais Náisiúnta, guímid gach rath oraibh ar an Muileann gCearr. Mholfainn do gach mac léinn anseo gan féachaint air seo ach amháin mar thús. Tá Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall réidh le tacú le bhur gcuid smaointe don todhchaí trí mheantóireacht, trí oiliúint agus trí thacaíochtaí cistiúcháin nuair a bheidh sibh réidh leis an gcéad chéim eile a thógáil.”
Rinne Sharon Rossignuolo, Comhordaitheoir Ghradaim Fiontair Mac Léinn Fhine Gall, a sholáthraíonn an clár i gcomhpháirt le Mary Dunne ó Iregan Advisors, a machnamh ar dhul chun cinn na mac léinn: “Ó mhí Mheán Fómhair i leith, chonaiceamar an méadú atá tagtha ar mhuinín agus cumas na mac léinn. Rinne siad a ngnóthaí a thástáil, a bheachtú agus a chur i láthair le haibíocht agus le gairmiúlacht. Bhí na hiomaitheoirí uile ar chaighdeán chomh hard sin go raibh sé thar a bheith deacair do na moltóirí na buaiteoirí a roghnú, agus ba léiriú é sin ar chruthaitheacht agus uaillmhian na ndaoine óga ar fud Fhine Gall.”
Faigheann an clár tacaíocht bhródúil ó Ionad Bhaile Bhlainséir, ó One4All, ó Keoghs Crisps agus ó SimTech Aviation, ar chabhraigh a gcuid ranníocaíochtaí leis an gciste duaiseanna le ceiliúradh speisialta éachtaí a sholáthar.
An Clár Fiontair Mac Léinn, a soláthraíonn an 31 Oifig Fiontair Áitiúil ar fud na tíre é, is é atá ann ná an tionscnamh fiontraíochta mac léinn is mó in Éirinn, agus é ag cumhachtú breis agus 26,000 mac léinn gach bliain chun a ngnóthaí féin a chruthú, a fhorbairt agus a mhargú. I bhFine Gall, leanann sé den chéad ghlúin eile nuálaithe a chothú, agus scileanna praiticiúla gnó, muinín agus uaillmhian don todhchaí á dtabhairt aige do dhaoine óga.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin gClár Fiontair Mac Léinn a fháil ag www.studententerprise.ie agus trí #studententerprise a chuardach ar na meáin shóisialta.