Aireachas Ar Líne le Leabharlanna Fhine Gall

Tá dhá fhíseán cruthaithe ag múinteoir aireachais Orlaith O'Sullivan do Leabharlanna Fhine Gall mar chuid den tionsnamh Éire Sláintiúil ag Do Leabharlann. 

 

Is éard atá sa chéad fhíseán ná cleachtadh aireachais gairid darb ainm “froglessness,” agus is féidir é a fháil anseo: https://youtu.be/MOYsf_rEoi4. Is éard atá sa dara físeán ná cleachtadh gairid darb ainm “Catch happy,” agus is féidir é a fháil anseo: https://youtu.be/j3r8MMYdVWE