Is as Muiceanach-idir-Dhá-Sháile i gConamara ó dhúchas í Sarah, atá aitheanta mar amhránaí as cuimse maith le fada an lá, agus a bhuaigh gradam Chorn Uí Riada an Oireachtais i 1984. Bronnadh an gradam ceannan céanna ar a deirfiúracha nach maireann go deo, Nóra agus Nan, agus ar a mac Michael, agus a neacht Celia Ní Fhátharta chomh maith - éacht nach beag é a bheith bainte amach ag an t-aon teaghlach amháin. Tá na cáilíochtaí is breátha d’amhránaíocht Chonamara le chloisteáil agus Sarah ag canadh.