Dámhachtain Cónaitheachta um Phriontáil na Minealaíne na bliana 2022 de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall agus Graphic Studio

Is mór an t-áthas a chuireann sé ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall an Dámhachtain Chónaitheachta um Phriontáil na Minealaíne de chuid Graphic Studio Baile Átha Cliath (GSBÁC) a fhógairt.

Artists SS 2022 Graphic Studio Dublin

Is mór an t-áthas a chuireann sé ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall an Dámhachtain Chónaitheachta um Phriontáil na Minealaíne de chuid Graphic Studio Baile Átha Cliath (GSBÁC) a fhógairt. Mar chuid dá tiomantas leanúnach d’ealaíontóirí gairmiúla, tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirtíocht le Graphic Studio Baile Átha Cliath, ag tairiscint dhá chónaitheacht um phriontáil na mínealaíne d’ealaíontóirí gairmiúla ag céim ar bith dá ngairmré acu atá ag obair in aon disciplín, ar spéis leo fiosrú a dhéanamh ar phróisis na clódóireachta.

Cuirfidh na cónaitheachtaí coicíse timpeallacht iontach ar fáil chun tionscadal cruthaitheach a fhorbairt i ndéantús na bpriontaí agus deis chun líonraí a dhéanamh le healaíontóirí eile. Oibreoidh na healaíontóirí roghnaithe le Máistir-Dhéantúsóir Priontaí chun sraith phriontaí ar eagrán teoranta a tháirgeadh agus cuirfear profaí na n-ealaíontóirí isteach i mBailiúchán na hEalaíne Bardasaí de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall. Déanfar an chónaitheacht a bheith ar siúl sa bhliain 2022 ar dháta le chomhaontú leis na hiarrthóirí rathúla.

Ionas a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh, ní mór gur rugadh an t-iarratasóir, go ndearna siad staidéar orthu, nó go bhfuil cónaí orthu faoi láthair i limistéar riaracháin Fhine Gall. Níl aon riachtanas ann a bhaineann le taithí ar dhéantus na bpriontaí.

Is féidir an fhoirm iarratais a híoslódáil ag  www.graphicstudiodublin.com. Tá tuilleadh eolais le fáil trí rPhost ó Graphic Studio Baile Átha Cliath ag [email protected] .

Sé an dáta deiridh le haghaidh iarratais a ghlacadh ná Déardaoin an 28 Iúil 2022 ag 4.00in

Áireofar sa chónaitheacht:

  • Gearrchúrsa ionduchtaithe/oiliúna maidir le húsáid na dtrealamh agus le múnlaí an dea-chleachtais i stiúideo comhchoiteann priontáil na mínealaíne.
  • Cúnamh agus treoir a fháil ó dhéantúsóir na bpriontaí a bhfuil taithí aige le prionta ildaite a dhéanamh agus le líníocht/péintéireacht réamhullmhaithe á úsáid mar thúsphointe.
  • Tabharfaidh Stiúrthóir an Stiúideo comhairle maidir le modheolaíochtaí na priontála agus cabhróidh sé leis an ealaíontóir ar gach bealach is féidir chun a gcuid cuspóirí a chomhlíonadh go gairmiúil le linn na cónaitheachta.
  • Tacaíocht ghairmiúil ón stiúideo maidir leis na próisis theicniúla agus leis an bhforbairt ealaíonta.
  • Cabhair a thabhairt chun eagrán beag den saothar críochnaithe a phriontáil.
  • Déanfar an chónaitheacht a dhoiciméadú do na healaíontóirí, do Chomhairle Contae Fhine Gall agus do Graphic Studio Baile Átha Cliath. Taispeánfar na saothair chríochnaithe i nGailearaí Graphic Studio .

Tuilleadh eolais

Bhí Anna Hryniewicz, péintéir teibí atá lonnaithe i bhFine Gall, ar dhuine díobh siúd ar éirigh leo ar cónaitheacht GSBÁC um Phriontáil na Mínealaíne a fháil sa bhliain 2021. Tá Máistreacht na Mínealaíne sa Phéinteáil agus i dTeagasc na hEalaíne gnóthaithe ag Anna ó Ollscoil Czestochowa sa Pholainn agus tá dámhachtainí agus cónaitheachtaí faighte aici ó Rua Red, ó Dhraiocht, ó Chill Rialaig agus ó Hambly is Hambly. Tá dioplóma gairmiúil aici freisin i Léiriú an Phianó ó Cheol Acadamh Ríoga na hÉirann. Cruthaíonn sí ealaín teibí, ag obair den chuid is mó leis an aicrileach ar chanbhás, le colláisí agus le líníocht na ngothaí. Is féidir cur síos a dhéanamh ar a cuid saothar mar thírdhreacha teibí a dtagann as cuimhní a hóige..

Ag labhairt di faoin gcónaitheacht, dúirt Anna, “Is mise duine díobh siúd a bhfuil an t-ádh othu Dámhachtain Cónaitheachta de chuid Graphic Studio a fháil. Caithfidh mé a rá gurbh iontach an taithí a bhí ann dom fféin mar phéintéir. Bhí deis ar leith agam oibriú ar phriontaí gairmiúla a dhéanamh agus mo chuid smaointe péintéireachta a aistriú go dtí mean na grafaice, go háirithe na saothair carborundum agus an eitseáil. Chuir sé le mo chleachtas le cineál éagsúil na hoibre, atá níos straitéisí agus níos pleanáilte, go háirithe maidir le priontaí daite."

Creidmheas na híomhá: Anna Hryniewicz, ‘Composition’, 2021. An íomhá le cead ón ealaíontóir.

 

Anna Hryniewicz, Composition 9.12.2021, carborundum

I leith Graphic Studio Baile Átha Cliath                                                                                          

Bunaíodh Graphic Studio Baile Átha Cliath sa bhliain 1960 d'fhonn an phróisis le dul i ngleic le meán na priontaí a éascú chun smaointe na ealaíne a chur in iúl agus chun cleachtais rathúla na hoibre a fhorbairt d’ealaíontóirí ag gach céim an ghairmré.

Cuirimid áiseanna déantús na bpriontaí agus cúnamh teicniúil ar fáil i dtimpeallacht thacúil na hoibre, agus múinimid na scileanna a theastaíonn chun cur ar chumas na n-ealaíontóirí cleachtais rathúla na hoibre  a fhorbairt, agus chun dul i ngleic leis na meáin chlóite d'fhonn cleachtais reatha na healaíne a leathnú.

Cuireann Graphic Studio Baile Átha Cliath na teicníochtaí priontála seo a leanas ar fáil: eitseáil, gearradh líonó, pointe tirim, carborundum, bloc adhmaid, tiontáil uisce, intaglio grianghrafach, caoch-chabhradh, collagrafaíocht, litreoireacht, meántiontáil, agus cló scáileáin. Is gné lárnach dár n-éiteas ná an cúnamh teicniúil agus an oideachas a chur ar fáil do na healaíontóirí atá ag obiar sna teicnící thuasluaite maidir le déantús na bpriontaí.

  www.fingalarts.ie       www.fingal.ie/arts              www.graphicstudiodublin.com