Páirceanna agus Tránna

Teach agus Feirm an Droichid

Osclaíodh Diméin Theach an Droichid Nua mar pháirc réigiúnach i 1986 agus cuimsítear ann thart ar 370 acra de thalamh féaraigh droimneach réidh, siúlóidí coille, fialann, áith aoil, fothrach Chaisleán Bhaile an Lóndaigh, sruthchúrsaí, agus gairdín pléisiú

Is é Teach an Droichid Nua croílár na Diméine. Ba iad muintir Cobbe a thóg an teach i lár na 1700idí, agus tá sé ar oscailt don phobal.  Tá bialann agus réimse cróite spéisiúla sa chlós dhuirleogach.  I measc na nithe eile is díol spéise do chuairteoirí, áirítear Feirm Thraidisiúnta an Droichid inar féidir féachaint ar sheanphórtha ainmhithe feirme, mar aon le taispeántais d’innealra a bhíodh in úsáid i gcúrsaí feirmeoireachta in Éirinn le cúpla céad bliain anuas. Tá úlloird fhairsingí sa Gharraí Daingean, mar aon le bailiúcháin de na cineálacha úill a bhíodh in Éirinn tráth.  Rinneadh athchóiriú le déanaí ar dhá theach gloine ón 19ú haois, agus tá ciumhsóga bláthanna curtha in áiteanna áirithe sa ghairdín daingean.  

Tá clós súgartha mór do pháistí agus páirceanna imeartha sa Pháirc freisin.

Féach ar shuíomh gréasáin na diméine, www.newbridgehouseandfarm.com, chun tuilleadh eolais a fháil.

 

Déan teagmháil le Rannóg Páirceanna agus Maoine Oidhreachta Fhine Gall trí ghlaoch ar  

01-8905629 seachtain roimh an imeacht, agus ní mór gach treoir bhreise a thabharfar a leanúint

• Ní mór cloí go daingean le rialacha agus le rialacháin uile na Páirce

• Ní ceadmhach grianghraif a ghlacadh sa Teach féin

• Ní mór gach carr a pháirceáil sa charrchlós poiblí.  Níl cead tiomáint timpeall na Páirce.         Níl cead bonnán na feithicle a shéideadh sa pháirc

• Is le haghaidh úsáid phearsanta amháin gach grianghraf agus ní féidir iad a úsáid ar bhonn tráchtála i mbróisiúir, in irisí, etc.

• Níl cead bac a chur ar bhealaí isteach, ar chosáin, etc.

Is féidir siúl go héasca chuig an bPáirc ó Shráidbhaile Dhomhnach Bat. 

I ngluaisteán: Lean na comharthaí bóthair ó bhóthar an M1/N1 idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste díreach ó thuaidh ó Shord. 

Ar bhus: Faigh an 33B ó Ché Éidin i lár Bhaile Átha Cliath go sráidbhaile Dhomhnach Bat. 

Ar thraein: Stopann traenacha atá ag dul ó thuaidh ó Stáisiún Uí Chonghaile nó ó Shráid an Phiarsaigh i stáisiún traenach Dhomhnach Bat.

 

Is iad seo a leanas uaireanta oscailte Dhiméin an Droichid:

Ó Go
Eanáir 9.00am 5.00pm
Feabhra 9.00am 6.00pm
Márta 9.00am 6.00pm
Aibreán 9.00am 8.00pm
Bealtaine 9.00am 9.00pm
Meitheamh 9.00am 9.00pm
Iúil 9.00am 9.00pm
Lúnasa 9.00am 9.00pm
Meán Fómhair 9.00am 8.00pm
Deireadh Fómhair 9.00am 7.00pm
Samhain 9.00am 5.00pm
Nollaig 9.00am 5.00pm

Déan Teagmháil Linn

Operations Department

Balbriggan / Swords Operational Area

Telephone (01) 890 5595 

Fax (01) 890 5841 

Email: [email protected]