Oscailt oifigiúil an “We-Go-Swing” lán-chuimsitheach le raidhse poiblíochta i bPáirc na Mílaoise

Ba údar mór le rá a bhí ann i bPáirc na Mílaoise nuair a d’oscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony an “We-Go-Swing” lán-chuimsitheach go hoifigiúil

Swings

Ba údar mór le rá a bhí ann i bPáirc na Mílaoise nuair a d’oscail Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, an “We-Go-Swing” lán-chuimsitheach go hoifigiúil Dé Céadaoin an 27 Iúil i gcuideachta an Phríomhfheidhmeannaigh AnnMarie Farrelly. Ligeann an luascán lánrochtana seo atá tógtha go hiomlán isteach i suíomh Clós Súgartha Bhaile Átha Cliath 15 do leanaí ar gach cumas a bheith ag súgradh le chéile gan bacainní. I láthair freisin bhí an tAire Jack Chambers T.D, an Comhairleoir áitiúil Paul Donnelly T.D. agus na leanaí agus a gcuid tuismitheoirí a bhí thar a bheith tógtha leis an  luascán nua. Sheinn baill de Bhanna Práis Bhaile Bhlainséir fógairt na dtrumpaí roimh agus i ndiaidh an ribín searmanais á ghearradh ag an Méara.

Is céim réabhlóideach chun cinn é an luascán nua maidir le trealamh súgartha inrochtana a chur ar fáil a bhíodh scartha amach ón trealamh eile go dtí seo agus nach raibh in úsáid ach ag úsáideoirí cathaoir rothaí. Is trealamh ilchuimsitheach é an We-Go-Swing agus is féidir á úsáid acu siúd le cathaoir rothaí agus gan cathaoir rothaí araon ag an am céanna, rud a ligeann do mhuintir teaghlaigh agus cairde scoile súgradh le chéile. Tá sé suite gan stró i sreabhadh an chlós súgartha agus is féidir le húsáideoirí neamh-chathaoir rothaí á úsáid go hiomlán. Is féidir á úsáid freisin ag  duine fásta i gcathaoir cumhachta, rud a ligeann do thuismitheoir i gcathaoir rothaí súgradh a imirt le leanbh nach n-úsáideann chathaoir rothaí.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: “Is cúis áthais dom a bheith i láthair anseo inniu chun an  We-Go-Swing inrochtana seo a oscailt go hoifigiúil, treallamh nua den scoth i gclós súgartha Páirc na Mílaoise. Is áis iontach í Páirc na Mílaoise do mhuintir Bhaile Bhlainséir agus don cheantar máguaird agus is aoibhinn an rud é an fhorbairt leanúnach a fheiceáil d'fhonn rochtain a chur ar fáil do chách nuair a osclaíodh na leithris inrochtana anuraidh agus an We-Go-Swing seo inniu agus tá a fhios agam go dtabharfaidh sé uair nó dhó taitneamhach do pháistí ar gach cumas.”

Dar le Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall geallta go hiomlán d’fhorbairt agus d’fheabhsú leanúnach a dhéanamh ar sholáthar ár n-ionaid súgartha agus trealamh an tsúgartha do leanaí ar gach cumas. Ligeann an We-Go-Swing seo do gach leanbh, a bhfuil riachtanais bhreise aige agus nach bhfuil riachtanais bhreise aige, fíor-imirt a dhéanamh le chéile gan na bacainní ná na héagsúlachtaí a chuireann isteach ar a gcuid taithí.”

Scaoileadh an We-Go-Swing ar dtús i margadh na SA i mí Mheithimh na bliana 2021. Ba í Comhairle Contae Fhine Gall an chéad údarás áitiúil in Éirinn (agus sa RA) a cheannaigh agus a shuiteáil an trealamh súgartha seo i mí Meán Fómhair na bliana 2021 agus tá úsáid iontach bainte as ag leanaí na háité ón am sin i leith.

Tá roinnt Údaráis Áitiúla Éireannacha eile tar éis a leithéid a leanúint anois agus tá an luascán seo ceannaithe nó á cheannach acu. Is céim forásach é seo i soláthar seicheamh níos ilchuimsithí de threalamh an tsúgartha, agus tá an cumas a leithéid treallamh an tsúgartha a shuíomh laistigh den sreabhadh an tsúgartha ríthábhachtach d'fhonn na cuimsitheachta a bhaint amach.

Tá Páirc na Mílaoise 60 acra, a bhuaigh Gradam an Bhrait Ghlais, suite go háisiúil in aice le Lár Bhaile Bhlainséir agus gar d'eastáit mhóra na tithíochta. Ionad atá inti do go leor imeachtaí faoin aer agus cuireann sé deiseanna ar fáil le haghaidh caitheamh gníomhach agus éighníomhach na haimsire lena n-áirítear siúlóidí crann-líneáilte, gairdín álainn an phobail agus áiseanna ar nós Limistéir Ilfhiedhme na gCluichí, Cúirt Cispheile, trealamh aclaíochta agus an Clós Súgartha lena luascán nua inrochtana agus na leithris in aice láimhe. Is próiseas leanúnach é forbairt Pháirc na Mílaoise, agus leanann Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh páirc ar ardchaighdeáin a chur le cheile dá cuid chónaitheoirí agus dá cuid chuairteoirí.

Accessible swing launched 2
Accessible swing launched 3