​​​​​​​Foilsiú na Tuarascála um Roghnúchán Rogha an N3 M50 go Cluain Aodha

Tar éis don Phróiseas Roghnúcháin Rogha a bheith curtha i gcrích ba mhaith linn a dhearbhú go bhfuil an Rogha Is Fearr don Tionscadal N3 M50 go Cluain Aodha sainaitheanta agus sonraítear é i dTuarascáil Roghnúcháin Roghanna a foilsíodh inniu.

The option which performed the most favourably in the options assessment was DS2 Online Median Widening

In éineacht le Comhairle Contae na Mí agus le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ), tá Comhairle Contae Fhine Gall ag cur pleanáil agus dearadh an tionscadail N3 M50 go Cluain Aodha chun cinn.

Táimid ag obair chun scéim iompair ilmhódaigh a fhorbairt feadh chonair an N3/M3 idir M50 agus Cluain Aodha, ag díriú ar rochtain fhadtéarmach ar iompar poiblí a fheabhsú agus ar shaincheisteanna brú tráchta reatha agus amach anseo a laghdú. Ceapadh innealtóirí comhairliúcháin, ROD-AECOM, chun tabhairt faoi na staidéir agus na dearaí riachtanacha lena n-áirítear gach measúnú comhshaoil riachtanach.

Is nasc straitéiseach é conair an N3/M3 ar an ngréasán bóithre náisiúnta agus tá méadú suntasach tagtha ar an trácht air le blianta beaga anuas. Tá sé mar aidhm ag beartas poiblí ag leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil conair iompair ardchaighdeáin a sholáthar chun tacú le forbairt eacnamaíoch na gceantar atá nasctha ag gréasán bóithre straitéiseacha an N3/M3 i bhFine Gall, sa Mhí agus sa réigiún níos leithne.

Tá an Tuarascáil um Roghnúchán Roghanna foilsithe anois, ina ndéantar doiciméadú ar an bpróiseas chun an Rogha Is Fearr a roghnú agus ag cur síos ar an réasúnaíocht agus na critéir a cuireadh i bhfeidhm sa phróiseas seo. Is féidir an Tuarascáil a fheiceáil nó a íoslódáil ó Thairseach Chomhairle Contae Fhine Gall: https://consult.fingal.ie/en/consultation/n3-m50-clonee-option-selection-report-june-2022

Is féidir é a fheiceáil ag na háiteanna seo a leanas freisin ó 2in 29ú Meitheamh 2022:

  • Comhairle Contae Fhine Gall, Áras an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2 (Luan - Déardaoin 9rn – 5in; Dé hAoine – 9rn- 4.30in.)
  • Comhairle Contae Fhine Gall, Oifigí na Cathrach, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638 (Luan - Déardaoin 9rn – 5in; Dé hAoine – 9rn - 4.30in.)
  • Comhairle Contae na Mí, Teach Buvinda, Bóthar Bhaile Átha Cliath, An Uaimh, Co. na Mí C15 Y291 (Luan go hAoine 9rn-1in agus 2-5in)

N3 M50 GO CLUAIN AODHA – BRÓISIÚR COMHAIRLIÚCHÁIN POIBLÍ – MEITHEAMH 2022

 

The N3 M50 corridor is a strategic link