Físeán nua eisithe ag Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall

Tá físeán nua eisithe ag Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall ag cur chun cinn a nAonad Tacaíochta Bainistíochta Saoráidí Pobail tiomnaithe. Soláthraíonn an tAonad a gcuid seirbhísí do 33 áis pobail i bhFine Gall, ar a dtugtar Líonra Áiseanna Pobail Fhine Gall le chéile.

Tá físeán nua eisithe ag Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall ag cur chun cinn a nAonad Tacaíochta Bainistíochta Saoráidí Pobail tiomnaithe. Soláthraíonn an tAonad a gcuid seirbhísí do 33 áis pobail i bhFine Gall, ar a dtugtar Líonra Áiseanna Pobail Fhine Gall le chéile.

Ag seoladh na sraithe físeáin, dúirt an Comhairleoir Howard Mahony, Méara Fhine Gall “Mar Mhéara Fhine Gall, tá an-áthas orm an tsraith físeán seo a sheoladh a leagann béim ar an obair iontach atá ar bun ag ár mbord bainistíochta deonach, foireann ár n-ionad pobail, oibrithe deonacha agus Aonaid Bainistíochta Saoráidí na Comhairle agus Líonra Áiseanna Pobail Fhine Gall i soláthar agus reáchtáil ár n-áiseanna pobail iontacha ar fud an Chontae. Táim ag súil go mór lenár n-ionaid nua i mBaile Maidheac agus i mBaile Dúill a fheiceáil ag tosú amach anseo. Tá ár Saoráidí Pobail i gcroílár na bpobal agus is léiriú físiúil iad ar an spiorad iontach pobail atá le feiceáil ar fud Fhine Gall. Táim ag tnúth le sraith iomlán na bhfíseán a fheiceáil agus iad á scaoileadh”.

Agus sí ag labhairt san fhíseán, míníonn an Príomhoifigeach Forbartha Pobail Linda Ennis: “Déanaimid freastal ar dhaoine de gach aois agus déanaimid ár ndícheall braistint pobail a chruthú do chách. Cuirimid spásanna cruinnithe agus caithimh aimsire inacmhainne ar fáil agus oibrímid polasaí doras oscailte, áit a bhfuil fáilte roimh chách. Is foireann ard-oilte é ár nAonad Tacaíochta Saoráidí Pobail féin, a thugann tacaíocht d’Ionaid Phobail ar fud an chontae.”

Tá 3 ionad pobail ón Líonra le feiceáil san fhíseán. Tá giomnáisiam agus leabharlann ar an láthair ag Ionad Pobail Dhomhnach Bat, Port Reachrann. Ionad pobail rathúil is ea Ionad Pobail Mhullach Eadrad a chuireann seirbhísí ar fáil mar chúram leanaí agus Tionscadal Óige Pobail Mhullach Eadrad de chuid Foróige. Roinneann Ionad Pobail Ongar a chuid áiseanna le Scoil Náisiúnta Naomh Beinidict agus áirítear ann Páirc Uile-Aimsire lánmhéide.

San fhíseán tá ionchur ó fhostaithe na saoráide agus ó Chathaoirleach Ionad Pobail Mhullach Eadrad agus Iar-Mhéara Fhine Gall, an Comh. Mary McCamley, a dúirt:

“Táimid an-ghnóthach anseo in Ionad Pobail Mhullach Eadrad. Táimid ar oscailt 7 lá na seachtaine agus bímid i dteagmháil go leor le Comhairle Contae Fhine Gall ar leis an bhfoirgneamh anseo, tríd an Oifigeach Forbartha Pobail féin agus an Fhoireann Bainistíochta Saoráidí chun freastal ar riachtanais mhuintir an cheantair.”

Is é an físeán an chéad cheann de shraith ar Saoráidí Pobail agus an tAonad Tacaíochta. Is féidir é a fheiceáil anseo: https://www.youtube.com/watch?v=hH_rX3z_AjM

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Líonra Saoráidí Pobail Fhine Gall agus chun teacht ar an ionad is gaire duit tabhair cuairt arhttp://www.fingalcommunityfacilitiesnetwork.ie/