Is cúis dóchais é an tionscadal MetroLink do thodhchaí Fhine Gall

Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall inniu roimh fhógra a bhfuiltear ag súil leis le fada, go dtabharfar an tionscadal MetroLink i gcrích. Creideann CC Fhine Gall, go dtabharfaidh an tionscadal iarnróid úr borradh eacnamaíoch don Chontae agus go gcuideoidh sé le bonneagar iompair a chur ar fáil nuair atá géarghá leis i gceann de na réigiúin is mó fáis in Éirinn.
 

Swords MetroLink

Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall inniu roimh fhógra a bhfuiltear ag súil leis le fada, go dtabharfar an tionscadal MetroLink i gcrích. Creideann CC Fhine Gall, go dtabharfaidh an tionscadal iarnróid úr borradh eacnamaíoch don Chontae agus go gcuideoidh sé le bonneagar iompair a chur ar fáil nuair atá géarghá leis i gceann de na réigiúin is mó fáis in Éirinn.

Tá sé beartaithe go nascfaidh an bealach Metrolink bruachbhailte suite ar imeall na cathrach le lár na cathrach, le Sord agus Aerfort Bhaile Átha Cliath mar chuid de. Tá sé beartaithe freisin, go n-oibreoidh traenacha ar bhonn trí nóiméad i ndiaidh a chéile le linn buaic-tréimhsí, nuair a osclaítear an líne ar dtús. Nuair a bheidh sé lánoibríochtúil, meastar go bhféadfadh an gréasán a bheith in ann suas le 20,000 paisinéir in aghaidh na huaire a iompar i ngach treo.  

Ag freastal ar mhórlimistéir daonra agus ar phríomh-mhoil ghnó agus fostaíochta i bhFine Gall, déanfaidh an tionscadal il-billiún euro seo Baile Átha Cliath Thuaidh a athrú ó bhonn, agus scaoilfidh sé tailte nua cónaithe agus eacnamaíocha do cheantar Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahoney: Is rud é seo a thóg breis agus 20 bliain, agus mar sin is iontach an scéal é a chloisteáil go bhfuil sé seo chun dul ar aghaidh faoi dheireadh.

Beidh Fine Gall ar cheann de na tairbhithe is mó nuair a chuirfear tús leis an tseirbhís, toisc go bhfuil an daonra anseo ar cheann de na cinn is mó fáis sa tír agus tá éileamh mór ar naisc iompair thapa iontaofa do na daoine a chónaíonn agus a oibríonn anseo. Ina theannta sin, beidh Metrolink ina ghnóthachan iontach don chomhshaol agus cabhróidh sé le hastaíochtaí carbóin a laghdú.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Fhine Gall: Doibrigh an Chomhairle go dian le blianta fada chun a chinntiú go bhfuil Fine Gall réidh don Metrolink, agus mar sin is ábhar sásaimh é fógra an lae inniu go bhfuiltear chun dul chun cinn a dhéanamh.

Agus é ag freastal ar phobail úra agus ar sheanphobail bunaithe ar chonair an M1 ó lár na cathrach go Sord, tacóidh Metrolink le forbairt inbhuanaithe Cheantar Bhaile Átha Cliath, rud a scaoilfidh féidearthachtaí cónaithe agus eacnamaíocha Bhaile Átha Cliath Thuaidh.”

Mar gheall ar a shuíomh, is ag Fine Gall atá an líon comaitéirí laethúil is mó. Bíonn 28,641 ag déanamh na dturas óna dtithe i bhFine Gall go cathair Bhaile Átha Cliath agus déanann thart ar 17,000 an turas sa treo eile go dtí a n-ionad oibre.