Cuirtear tús leis an dara céim den chomhairliúchán ar Ghlasbhealach Uirbeach na Canála Ríoga

Royal Canal Urban Greenway water view

D’oscail Comhairle Contae Fhine Gall an dara céim de chomhairliúchán poiblí inniu ar Ghlasbhealach Uirbeach na Canálach Ríoga, bealach beartaithe do choisithe agus do rothair feadh chosán tarraingthe na Canála Ríoga. Rachaidh an bealach ó Chaisleán Cnucha trí Bhaile Bhlainséir, Cúil Mhín, Cluain Saileach agus Páirc Hans go teorainn Chontae Fhine Gall le Cill Dara.

Chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara aiseolas a thabhairt ar na roghanna féideartha don bhealach, beidh comhairliúchán poiblí neamhreachtúil de shé seachtaine ar siúl ar líne ón 25 Bealtaine go dtí 7 Iúil. Mar gheall ar shrianta reatha sláinte poiblí ar chruinnithe, níl sé indéanta imeachtaí comhairliúcháin poiblí traidisiúnta, pearsanta a reáchtáil. Ina ionad sin, tá méid suntasach ábhar cúlra á chur ar fáil ar shuíomh gréasáin agus tairseach comhairliúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall, ar féidir teacht air arwww.fingal.ie/royalcanalurbangreenway. Tá dhá sheimineár faisnéise beartaithe don 1 Meitheamh agus don 8 Meitheamh agus féadtar áiteanna a chur in áirithe ar www.fingal.ie/royalcanalurbangreenway

Seachadfaidh an scéim ollmhór seo bonneagar glasbhealaigh a bhfuil tábhacht náisiúnta leis agus tá sí á seachadadh ag Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair agus Uiscebhealaí Éireann.

Dúirt an Méara Fhine Gall an Comhairleoir David Healy: “Tá ríméad orm tuilleadh comhairliúcháin phoiblí a fheiceáil agus dul chun cinn na bpleananna corraitheacha seo de ghlasbhealach uirbeach na Canála Ríoga. Cuirfidh an chuid seo den bhealach siúlóide agus rothaíochta cois uisce nasc ríthábhachtach ar fáil idir bailte sa cheantar, ag freastal ar riachtanais áineasa, turasóireachta agus iompair.

“Le míonna beaga anuas, chonacthas an tionchar dearfach a d’fhéadfadh a bheith ag taitneamh a bhaint as a bheith amuigh faoin spéir ar ár meabhairshláinte agus ár sláinte fhisiceach agus bainfidh cónaitheoirí áitiúla agus cuairteoirí araon taitneamh as an bpíosa tábhachtach bonneagair seo”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Táimid ag tnúth le haighneachtaí an phobail a fháil agus molaim do dhuine ar bith ar mian leo go n-éistfí lena ghuth páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin. Glacaimid go dáiríre le comhairliúchán poiblí agus feicimid é mar dheis luachmhar agus thábhachtach chun riachtanais na ndaoine agus na timpeallachta ina gcónaíonn siad a thuiscint.

“Tá an cumas ag Glasbhealach Uirbeach na Canálach Ríoga nascacht a chur chun cinn idir roinnt pobail atá ag fás i mBaile Átha Cliath 15, agus a nasc le mórcheantar Bhaile Átha Cliath a fheabhsú. Tá cruthú bonneagair ghlais, agus soláthar spásanna sábháilte lasmuigh, ina phríomhthosaíocht do Chomhairle Contae Fhine Gall. Is gné thábhachtach den tionscadal seo an Bonneagar Taistil Ghníomhaigh agus Glasbhealaigh atá á chur ar bun againn chun áiteanna iontacha a chruthú chun cónaí iontu, obair iontu agus cuairt a thabhairt orthu ar fud Fhine Gall”.

Is féidir aighneachtaí ar an gcéim chomhairliúcháin phoiblí is déanaí seo a dhéanamh suas go 23:59 an 7 Iúil tríd an tairseach comhairliúcháin phoiblí https://consult.fingal.ie/en/consultation/fingal-coastal-way-non-statutory-public-consultation nó leis an bpost chuig Bealach Chósta Fhine Gall, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, an Rannóg Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, Sord, Co Bhaile Átha Cliath.