Sparántacht Cónaitheachta de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, Ionad Tyrone Guthrie agus Aostacht agus Deiseanna 2024

Tá sé mar aidhm ag na cónaitheachtaí seo seanealaíontóirí a cheiliúradh agus tacú leo ag gach céim dá gcuid ghairmré agus iad ag obair sa litríocht agus sna hamharcealaíona.

Fingal County Council, Tyrone Guthrie Centre and Age & Opportunity Residency Award 2024

I gcomhar le hIonad Tyrone Guthrie agus le hAostacht agus Deiseanna, cuireann sé áthas ar Oifig Ealaíon Fhine Gall dhá chónaitheacht mhí a fhógairt in Ionad Tyrone Guthrie. Tá sé mar aidhm ag na cónaitheachtaí seo seanealaíontóirí a cheiliúradh agus tacú leo ag gach céim dá gcuid ghairmré agus iad ag obair sa litríocht agus sna hamharcealaíona.

Tabharfaidh na cónaitheachtaí seo deis d’amhairc-ealaíontóir gairmiúil amháin agus do scríbhneoir gairmiúil amháin taighde a dhéanamh nó saothar nua a fhorbairt agus, más mian leo, saothar a léiriú le linn Mí Bhealtaine na bliana 2025. Tá an sparántacht ar oscailt do scríbhneoirí agus d'amharc-ealaíontóirí atá ag obair i ngach disciplín, atá 50 bliain d’aois nó níos sine, agus a rugadh, atá ag staidéar, nó atá ina gcónaí faoi láthair i limistéar riaracháin Fhine Gall. Cuireann Oifig Ealaíon Fhine Gall, Ionad Tyrone Guthrie agus Aostacht agus Deiseanna fáilte spreagadh roimh iarratais ó ealaíontóirí a dtagann as cúlraí cultúrtha nó mionlaigh éagsúla.

Tá sé mar aidhm ag an gcónaitheacht aghaidh a thabhairt ar spriocanna Oifig Ealaíon Fhine Gall, tríd an bPlean Ealaíon 2019 – 2025 aici maidir le daoine agus smaointe a cheangal le chéile ionas go ndéanfar an barrfheabhas a chumasú agus an turgnamh agus glacadh na rioscaí a chothú. Tacaíonn na cónaitheachtaí seo mar an gcéanna le haidhm Aostacht agus Deiseanna maidir leis an aosú cruthaitheach a cheiliúradh, agus le rannpháirt pobal na sinsear sna healaíona agus mar chuid de na healaíona. Tacaíonn an tionscnamh freisin le haidhm na dtrí eagraíocht maidir le forbairt ghairmiúil na n-ealaíontóirí a chothú ina gcleachtas leanúnach.

Cuirfidh an chónaitheacht mhí in Ionad Tyrone Guthrie, atá lonnaithe i suíomh álainn, suaimhneach Chontae Mhuineacháin, timpeallacht iontach ar fáil do na hiarrthóirí rathúla chun díriú ar a gcuid taighde nó ar fhorbairt saothair nua. Gheobhaidh siad dhá chónaitheacht 2 sheachtain ar leith (mí iomlán in aghaidh an ealaíontóra) idir Mí Iúil agus Mí Nollaig na bluana 2024 ar dhátaí arna gcomhaontú leo.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy “go dtugann an tionscnamh bliantúil seo deis ar leith do sheanealaíontóirí Fhine Gall cur lena gcuid chruthaitheacht a i dtimpeallacht chabhrach Ionad Tyrone Guthrie. Táim ag tnúth le tionchar leanúnach na sparántachtaí seo ar Fhine Gall agus ar a cuid shaoránach a fheiceáil.”

Ag labhairt di faoi na sparántachtaí, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, “Cuireann sé áthas orainn a bheith ag obair arís i gcomhar le hIonad Tyrone Guthrie agus le hAostacht agus Deiseanna chun dhá chónaitheacht a chur ar fáil, rud a léiríonn an gealltantas againne forbairt na seanealaíontóiri o gach cúlra bhFine Gall a chothú.”

Dar le Oifigeach Ealaíon an Chontae, Sarah O’Neill, “Tá Comhairle Contae Fhine Gall bródúil as tacú leis an deis thábhachtach seo a chuireann ar chumas an seanealaíontóir a chleachtas a nascadh, a thriail agus a leathnú.”

Beidh an chónaitheacht ar siúl ó Mhí Iúil – Mí Nollaig na bliana 2024 ar dhátaí arna gcomhhaontú leis na hiarrthóirí rathúla. Sé spriocdháta na n-iarratas ná Dé hAoine an 14 Meitheamh ag 5in. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus iarratas a dhéanamh ag [Website]: https://bealtaine.ie/tyrone-guthrie-residency-with-fingal-county-counci…

www.fingalarts.ie/news www.fingal.ie/arts www.tyroneguthrie.ie www.bealtainefestival.ie