Oidhreachtaí Coimhlinte Fhine Gall 1914-1945

Legacies Logo Final-02.jpg

Is iomaí scéal a bhaineann le ré na coimhlinte i bhFine Gall idir 1914 agus 1945. Tá cuid acu ar eolas agus á gcomóradh go forleathan, seans go bhfuil scéalta eile nach bhfuil ar eolas ach i dteaghlaigh nó i bpobail áitiúla amháin. Is tionscnamh é Oidhreachtaí Coimhlinte Fhine Gall 1914-1945 a dhéanann iarracht na scéalta sin a ghabháil agus a roinnt. D’oibrigh Oifig Oidhreachta Fhine Gall le Líonra Oidhreachta Fhine Gall agus comhairleoirí ABH Teo. agus seirbhísí Léarscáilíochta Thuaidh chun téamaí, áiteanna, imeachtaí, déantúsáin agus cuimhneacháin ón gCéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach 1916, Cogadh na Saoirse, an Cogadh Cathartha agus an Éigeandáil i bhFine Gall a aithint. Díríodh go speisialta freisin ar ról na mban le linn ré na coimhlinte. Iarradh ar bhaill den phobal, ar chumainn staire agus ar ghrúpaí oidhreachta ar fud an Chontae a gcuimhní, a bpreasanna agus a gcartlanna a chuardach le haghaidh cáipéisí, grianghraif agus earraí cuimhneacháin a bhaineann le himeachtaí ina gceantair.

Is léarscáil dhigiteach í an Léarscáil Chuimhne Oidhreachtaí Coimhlinte agus is bealach í chun an fhaisnéis a bailíodh go dtí seo a roinnt. Is féidir leat zúmáil isteach i do cheantar féin agus díreach do mhéar a dhíriú ar an bpionna nó cuardach a dhéanamh de réir ceann de na sé téamaí atá liostaithe. Tá naisc ag go leor de na hiontrálacha chuig tuilleadh faisnéise ar nós na Cartlanna Míleata agus acmhainní léitheoireachta.

Léarscáil Chuimhne Oidhreachtaí Coimhlinte legaciesofconflict.fingal.ie