Baile Brigín Cliste
Roghnaíodh Baile Brigín mar an chéad bhaile in Éirinn a ainmníodh mar Cheantar Cliste agus é ag dul chun tosaigh i dtionscadail chliste chun seirbhísí a fheabhsú, poist a chruthú agus pobal níos fearr a thógáil.
Is éard atá i gCeantair Chliste, faoin gClár Baile Átha Cliath Cliste, ná suíomhanna tíreolaíocha a roghnaítear go straitéiseach chun tionscadail chliste dhírithe, a chur i bhfeidhm.
Is é an príomhfhócas a bheidh ag Ceantar Cliste Bhaile Brigín ná cur le saol an phobail, tacú le deiseanna eacnamaíochta agus an nuálaíocht a spreagadh trí roinnt tionscadal ceantair chliste.
Tacóidh an tionscnamh freisin leis an bPlean Athnuachana Ár mBaile Brigín a sheachadadh, plean a forbraíodh anuraidh tar éis do 4,000 duine páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí ar thodhchaí an bhaile.
Tá sé mar aidhm ag clár Baile Brigín Cliste a chinntiú go mbaineann Baile Brigín leas as tionscnaimh ‘chliste’ agus ‘dhigiteacha’ le trí thosaíocht straitéiseacha: 1) tógáil pobail, 2) cruthú post agus fás eacnamaíoch, agus 3) seirbhísí agus réimse poiblí feabhsaithe.
Tá an pobal mar chroílár Bhaile Brigín Cliste, agus tugtar cuireadh do chónaitheoirí páirt a ghlacadh i ndearadh agus i gcur i bhfeidhm an chláir trí cheardlanna, imeachtaí, suirbhéanna agus grúpaí fócais. Ó shamhail 3D 3D model d’Athfhorbairt an Chuain a fhorbairt chun comhairliúcháin phobail a éascú, go tacú le tionscadail eolaíochta saoránach citizen science projects, déanann Baile Brigín a dhícheall torthaí inláimhsithe, dearfacha a sholáthar do chonáitheoirí áitiúla.
Chun níos mó a fhoghlaim faoi Bhaile Brigín Cliste féach ar Bord Trello Poiblí Bhaile Brigín Cliste Smart Balbriggan Public Trello Board a thugann léargas ar na tionscadail reatha agus beartaithe.