Féile I Veain Ag Dul ar Camchuairt i bhFine Gall i mí Lúnasa!

Beidh Féile i Veain ag bualadh bóthair ar an 18ú agus 19ú Lúnasa ag tabhairt léirithe ceoil agus filíocht ó bhéal chuig pobail ar fud Fhine Gall.

Festival in a Van

Beidh Féile i Veain ag bualadh bóthair ar an 18ú agus 19ú Lúnasa ag tabhairt léirithe ceoil agus filíocht ó bhéal chuig pobail ar fud Fhine Gall.

Is ionad léirithe soghluaiste lánfheistithe é a chuireann amhránaithe, ceoltóirí, filí, agus scéalaithe os comhair an phobail. Tá Féile i Veain á thabhairt go Fine Gall le cúnamh ó Chomhairle Contae Fhine Gall agus Éire Ildánach.

I measc na n-ealaíontóirí a bheidh ag tabhairt chun stáitse tá an file ó Bhaile Brigín a bhfuil gradaim buaite aige Tony Curtis; an t-amhránaí is scríbhneoir pop indie Leila Jane; an t-amhránaí, aisteoir, scríbhneoir scripte agus stiúrthóir Esosa Ighodaro; an t-amhránaí is scríbhneoir agus ceoltóir il-uirlisí Eoghan Ó Ceannabháin; an dísreach damhsa atá lonnaithe i bhFine Gall Londiwe Queens; agus an file as na Sceirí a bhfuil duaiseanna buaite aige Enda Coyle-Greene; le léirithe ar leith chomh maith ó bhaill de gach pobal áitiúil.

Cuireann Féile i Veain folláine agus cáilíocht na beatha gach saoránach chun cinn trí imeachtaí cultúrtha saor in aisce a thabhairt chuig lucht féachana ilghnéitheach. Le linn na camchuairte dhá lá, tabharfaidh an Veain cuairt ar ionad acmhainní Naomh Íde, Port Reachrann, Ionad Pobail Dhomhnach Bat, Eastát Naomh Caitríona sa Ros, Páirc Phoiblí Floraville sna Sceirí, agus Sráidbhaile Bhaile Gháire i dtuaisceart Fhine Gall. Beidh baill den phobal áitiúil in éineacht lenár dtaibheoirí mór le rá sa cheiliúradh lúcháireach seo de cheol agus filíocht ó bhéal a bheidh ar siúl díreach ar leac an dorais acu.  

Is í an stiúrthóir agus léiritheoir Elizabeth Mohen coimeádaí an tionscadail seo i gcomhar leis an taighdeoir cruthaitheach agus léiritheoir, Anne Hendrick.

Tá fáilte roimh chách freastal ar agus taitneamh a bhaint as léirithe poiblí Féile i Veain. Is é seo a leanas an sceideal: 

Dé hAoine 18ú Lúnasa 

  • Naomh Íde: 11rn – 12in  

(Tabhair faoi deara le do thoil: tá an t-imeacht áirithe seo dírithe ar chónaitheoirí Naomh Íde agus a ndlúthchairde agus a muintir) 

Léirithe ó Tony Curtis, Esosa Ighodaro, Leila Jane 

 

  • Ionad Pobail Dhomhnach Bat: 14:30 – 15:30

(SAOR IN AISCE, FÁILTE ROIMH CHÁCH) 

Léirithe ó Esosa Ighodaro, Leila Jane, agus roinnt taibheoirí áitiúla

 

Dé Sathairn 19ú Lúnasa

  • Eastát Naomh Caitríona, An Ros: 12in – 12.40 

(SAOR IN AISCE, FÁILTE ROIMH CHÁCH) 

 

  • Páirc Phoiblí Floraville, Na Sceirí: 14:15 – 14:55

(SAOR IN AISCE, FÁILTE ROIMH CHÁCH) 

 

  • Stáisiún Gardaí Bhaile Gháire: 18:00 – 18:40 

(SAOR IN AISCE, FÁILTE ROIMH CHÁCH) 

Léirithe ó Enda Coyle-Greene, Eoghan Ó Ceannabháin, Londiwe Queens, agus roinnt taibheoirí áitiúla