Cuireadh tugtha don phobal athbhreithniú a dhéanamh ar an Dréachtphlean Forbartha agus tús curtha le comhairliúchán poiblí

Tá comhairliúchán poiblí ar Dhréachtphlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029 tosaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall agus tá siad ag iarraidh ar an bpobal athbhreithniú a dhéanamh ar an gcáipéis a foilsíodh inniu.

 

Launch of Development plan consultation

Tá comhairliúchán poiblí ar Dhréachtphlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029 tosaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall agus tá siad ag iarraidh ar an bpobal athbhreithniú a dhéanamh ar an gcáipéis a foilsíodh inniu.

Leanfaidh an comhairliúchán poiblí go dtí an 12 Bealtaine agus i rith an ama sin beidh an cháipéis ar fáil le híoslódáil ón suíomh gréasáin fingal.ie/developmentplan agus beidh sé le feiceáil in oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall i Sord agus i mBaile Bhlainséir nó in aon cheann de Leabharlanna Fhine Gall. 

Bhí 11 cruinniú ag comhairleoirí idir an 18 Eanáir agus 10 Feabhra chun athbhreithniú a dhéanamh ar Dhréachtphlean Forbartha an Phríomhfheidhmeannaigh, agus, tar éis dul tríd 917 rún, tá an Dréachtphlean Forbartha foilsithe anois acu. 

Tá an Chomhairle ag iarraidh díospóireacht phoiblí ar an Dréachtphlean Forbartha a spreagadh i measc saoránach, gnólachtaí, grúpaí pobail agus páirtithe leasmhara eile agus is féidir le saoránaigh agus eagraíochtaí aighneachtaí ar líne a dhéanamh idir seo agus an 12 Bealtaine ar Thairseach Comhairliúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall, https://consult.fingal.ie/ .

Beidh ócáidí comhairliúcháin ar bun i rith na tréimhse aighneachta chun deis a thabhairt don phobal agus do pháirtithe leasmhara eile eolas a fháil ó fheidhmeannaigh phleanála na Chomhairle faoin Dréachtphlean Forbartha agus ceisteanna a chur. Beidh nasc chucu seo ar fáil amach anseo ar shuíomh gréasáin an Phlean Forbartha www.fingal.ie/developmentplan agus ar chainéil meán sóisialta na Comhairle.  Beidh an Chomhairle ag úsáid na haischlibe #FingalDevPlan ar phostálacha meán sóisialta maidir leis an bPlean Forbartha.

Beidh feidhmeannaigh phleanála ar fáil freisin chun an dréachtphlean a phlé leo. Is féidir ceisteanna a sheoladh chuig [email protected] .

Tá an próiseas don Phlean Forbartha ar bun le beagnach bliain agus tá sé i gceist ag na Comhairleoirí glacadh leis an bplean deiridh i bhFeabhra 2023. Anuraidh leag feidhmeannaigh na Comhairle amach treo straitéiseach don Phlean trí Pháipéar um Shaincheisteanna a fhoilsiú agus tháinig 551 aighneacht as seo.  Bhí sé seo ina bhunús don chreat inár cruthaíodh na cuspóirí agus na beartais do Dhréachtphlean an Phríomhfheidhmeannaigh. 

Ag seoladh an Dréachtphlean Forbartha inniu dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Seána Ó Rodaigh: “Is é an Dréachtphlean Forbartha an píosa oibre is tábhachtaí a dhéanfaidh baill thofa Chomhairle Contae Fhine Gall le linn a dtéarma oifige mar beidh sé ina threochlár d’fhorbairt fhisiceach, eacnamaíochta, shóisialta agus timpeallachta an cheantair agus beidh tionchar aige ar gach dhuine, teaghlach agus pobal i bhFine Gall. De bharr an tionchar a bheidh ag an bplean forbartha ar gach duine, iarraim ar shaoránaigh aighneacht a dhéanamh má tá aon tuairim acu faoi.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Ceann de na dúshláin is mó don Phlean Forbartha ná déileáil leis an bhfás atá ag teacht ar Fhine Gall. Tá seo ag cur brú ar thalamh, tithíocht, infreastruchtúr agus an timpeallacht.  Tagann sé freisin agus muid ag dul i ngleic le dúshláin eile lena n-áirítear tionchar buan na paindéime Covid-19, an Breatimeacht agus an éiginnteacht a théann leis sin, athrú aeráide agus an gá atá le hionchuimsiú sóisialta do chách. Le cabhair agus tacaíocht ár gcomhairleoirí tá dréachtphlean maith cruthaithe againn, agus is féidir le cónaitheoirí, gnólachtaí agus páirtithe leasmhara eile scrúdú a dhéanamh air seo agus a cheapann siad faoinár bplean a insint dúinn chun cabhrú le Fine Gall fás ar bhealach inbhuanaithe.” 

Dúirt Matthew McAleese, Stiúrthóir Pleanála agus Infreastruchtúr Straitéiseach Chomhairle Contae Fhine Gall “Féachtar leis an Dréachtphlean Forbartha  comhfhorbairt áite sláintiúil a bheith ina cheartlár. Chun Fine Gall sláintiúil a chruthú, caithfear oibriú i dtreo Contae atá níos inbhuanaithe, dóthain tithíochta a bheith ar fáil do shaoránaigh agus Contae atá níos seasmhaí agus níos imeasctha go sóisialta. Is cáipéis straitéiseach é an plean a shamhlaíonn Fine Gall mar ghréasán comhtháite de lonnaíochtaí uirbeacha agus pobail tuaithe le geilleagar rathúil, criosanna glasa straitéiseacha agus ceantar tuaithe oscailte atá ag tacú agus ag cur le forbairt eacnamaíoch an Chontae agus Réigiún Chathair Bhaile Átha Cliath.”    

Ní mór aighneachtaí ar an Dréachtphlean Forbartha a bheith istigh faoi 11.59 i.n. ar an 12 Bealtaine agus is féidir iad a dhéanamh ag https://consult.fingal.ie/ nó iad a sheoladh sa phost chuig Foireann an Phlean Forbartha, An Rannóg Forbartha & Infreastruchtúr Straitéiseach, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67X8Y2.  

Tá tuilleadh eolais ar Phlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029 ar fáil ag www.fingal.ie/developmentplan 

 

 

Launch of Development plan consultation