Ba mhaith leis an gComhairle labhairt leis an bpobal faoi Dhréachtphlean Forbartha Fhine Gall

Launch of Development plan consultation

Reáchtálfar seimineár gréasáin ar líne Dé Máirt seo chugainn, 22 Márta, agus ceithre imeacht buail isteach ina dhiaidh sin i suíomhanna éagsúla ar fud an chontae.

Ag gach imeacht beidh foireann ón Roinn Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh ar fáil chun faisnéis a thabhairt don phobal agus ceisteanna a fhreagairt ar an Dréachtphlean Forbartha.

Beidh an seimineár gréasáin Dé Máirt seo chugainn ar siúl idir 7in agus 8in agus is féidir leo siúd ar mian leo a bheith i láthair clárú ach dul chuig https://bit.ly/3MTfZwl

Beidh na himeachtaí Buail Isteach ar siúl idir 4in agus 8in ar na dátaí seo a leanas:

31 Márta – An tAitriam, Áras an Chontae, Sord.

5 Aibreán – An Seomra Léachta, Leabharlann Bhaile Bhlainséir, Baile Bhlainséir.

20 Aibreán – An Seomra Léachta, Leabharlann Mhullach Íde, Mullach Íde.

21 Aibreán – Seomra Martello, The Bracken Court Hotel, Baile Brigín.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Is deiseanna iontacha iad an semineár gréasáin agus na himeachtaí buail isteach don phobal chun níos mó a fhoghlaim faoin bPlean Forbartha ó bhaill Roinn Pleanála Chomhairle Contae Fhine Gall. Beidh tionchar ag an bPlean Forbartha ar gach duine aonair, teaghlach agus pobal agus mar sin tá sé tábhachtach go mbeadh saoránaigh ar an eolas faoi agus go ndéanfaidis aighneachtaí ar cad a thaitníonn leo agus nach dtaitníonn leo ann.”

Dúirt Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh Chomhairle Contae Fhine Gall, Matthew McAleese: “Is cuid an-tábhachtach den phróiseas comhairliúcháin é dul amach agus an Plean Forbartha a mhíniú do shaoránaigh agus táimid ag tnúth le bualadh le daoine ag na himeachtaí buail isteach nó labhairt leo ar an seimineár gréasáin. Tá mé cinnte go mbeidh neart ceisteanna acu agus tá ár bhfoireann pleanála ag súil go mór le dul i ngleic leo sna seachtainí atá romhainn. Is féidir ceisteanna a chur ar aghaidh freisin chuig [email protected] .”

Tá an Dréachtphlean Forbartha ar fáil le híoslódáil ó láithreán gréasáin fingal.ie/developmentplan. Is féidir é a iniúchadh freisin ag oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall i Sord agus i mBaile Bhlainséir nó in aon bhrainse de Leabharlanna Fhine Gall.

Ní mór aighneachtaí ar an Dréachtphlean Forbartha a bheith faighte faoi 11.59in ar an 12 Bealtaine agus is féidir iad a dhéanamh ar líne ag www.consult.fingal.ie nó tríd an bpost chuig Foireann an Phlean Forbartha, An Roinn Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Áras an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67X8Y2.

Tá tuilleadh eolais ar Dhréachtphlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029 ar fáil ar www.fingal.ie/developmentplan