Film

26 Feb 2020
Film

Léiriú Scannáin Extra Ordinary (2019) in Draíocht

Teagascóir tiomána deas, ach uaigneach í Rose (Maeve Higgins), a bhfuil cumas osnádúrtha aici ar a dtugtar ‘The Talents’ a chuireann ar a cumas cumarsáid a dhéanamh le taibhsí. Tá idir ghean is ghráin aici dá mbuanna agus  tugann sí neamhaird ar iarratais ón bpobal scrúdú a dhéanamh ar eachtraí aisteacha taibhsiúla sa bhaile.

16 Feb 2020
Film

Patrick Feeney - Country and Gospel

Is de bhunadh an Ghoirtín i gCo. Shligigh é Patrick Feeney, duine de na hamhránaithe agus na taibheoirí is mó measa in Éirinn agus i rith na camchuairte ‘Country and Gospel’ beidh go leor dá amhráin is cáiliúla le cloisteáil cosúil le ‘I Believe’, ‘Someone to love me’ agus an t-amhrán mór-ráchairte is déanaí uaidh ‘Jerusalem’, ar sheas na sluaite chun bualadh bos a thabhairt dó gach oíche le linn dó a bheith i mbun chamchuairt The 3 Amigos lena chairde Jimmy Buckley agus Robert Mizzell.

12 Feb 2020
Film

Screening of The Farewell (2019) at Draíocht

Nuair a ritheann sé le teaghlach Síneach nach bhfuil mórán ama fágtha ag a Mamó ar an domhan seo, cinneann siad gan dada a rá léi agus bainis a ullmhú ar an toirt chun gach duine a bhailiú le chéile, sular gcaillfear í.

27 Feb 2020
Film

In the Aisles ar an scáileán (In Den Gangen) ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

Curtha i láthair i gcomhar le Goethe-Institut Irland.

Is fostaí nua ciúin agus airdeallach é Christian (Franz Rogowski) a chuirtear ag obair i roinn na “nDeochanna” i hipearmhargadh in Oirthear na Gearmáine, áit a bhfoghlaimíonn sé a cheird ón seanóir téagartha borb, Bruno (Peter Kurth). Agus é ag breathnú trí na seilfeanna, cuireann sé dúil i Mario (Sanda Hüller), a oibríonn i roinn na sólaistí.

13 Feb 2020
Film

Le Brio ar an scáileán ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

Bí linn le haghaidh oíche de scannánaíocht na Fraince agus de bhia* na Fraince nuair a bheidh an Cottage Café ag cur béilí éagsúla den scoth ar fáil mar aon le fíonta roimh an gheandrámaíocht iontach, ‘Le Brio’.

29 Jan 2020
Film

Léiriú Singin' in the Rain (1952) ag Draíocht

Tá Gene Kelly, Debbie Reynolds agus Donald O'Connor sna príomhpháirteanna sa scannán Singin' in the Rain. Tá an scannán ar cheann de na ceoldrámaí is fearr agus is mó rath a rinneadh riamh - tá amhráin speisialta ann, chomh maith le dreasa galánta agus an mhír cháiliúil amhránaíochta agus damhsa a rinne Gene Kelly sa bháisteach.

30 Jan 2020
Film

Léiriú de The Peanut Butter Falcon

Tá Zak, fear 22 bliain d'aois a bhfuil Siondróm Down air agus dúil mhór aige sa choraíocht, ina chónaí i dteach scoir toisc nach bhfuil aon áit chónaithe eile curtha ar fáil dó ag an stát. Tar éis teipeadh air go leor uair go dtí sin, briseann sé amach ag deireadh thiar agus tugann sé aghaidh ar an gcoraí is fearr leis, The Salt Water Redneck, agus é ag siúl dó trasna na tíre.