Cnámhiarsmaí ársa faighte i bPáirc Shoird Ghníomhaigh Comhairle Contae Fhine Gall go gasta chun an láithreán a dhaingniú inar aimsíodh cnámhiarsmaí stairiúla i bpáirc Shoird tráthnóna Dé Luain.
Oibreacha riachtanacha curtha i gcrích ag Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall chun an soláthar uisce i mBaile Brigín a chosaint Tá oibreacha riachtanacha curtha i gcrích ag Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall chun an soláthar uisce do thithe agus do ghnólachtaí i mBaile Brigín a chosaint. Tá príomhphíobán uisce nua ó Bhaile Shiurdáin go Baile Brigín ceangailte agus tá sé ag feidhmiú anois. Níl aon srianta breise beartaithe i mBaile Brigín thar dheireadh seachtaine na Cásca agus bainfidh custaiméirí leas as soláthar uisce níos sláine mar thoradh ar na hoibreacha seo.
Seolann Comhairle Contae Fhine Gall Comórtas Gníomhaíochtaí sa Dúlra Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Fhine Cháine a fhógairt go bhfuil an comórtas 'Gníomhaíochtaí sa Dúlrar' seolta ag ár roinn Feasachta Comhshaoil. Tá an comórtas a spreagann daoine chun triail a bhaint as roinnt gníomhaíochtaí dúlra spraoi ar oscailt anois d'iarratais.
Tagann Leabharlanna, Foilsitheoirí agus Scríbhneoirí Éireannacha le chéile chun am scéalaíochta le leabharlanna a chur ar fáil ar líne Rinne leabharlanna poiblí, foilsitheoirí agus scríbhneoirí Éireannacha socrú chun éascaíocht a dhéanamh ar sheisiúin scéalaíochta ar líne do dhaoine óga fad is a bheidh leabharlanna agus scoileanna dúnta don phobal le linn na paindéime Covid-19.
Fógra Poiblí maidir le Tionóntachtaí HAP I bhfianaise staid COVID-19 agus na bhfógraí a rinne an Rialtas le déanaí maidir le bearta atá á nglacadh chun leathadh Covid-19 a chomhrac, cuirtear an fhaisnéis seo a leanas in iúl do thionóntaí HAP, chun leanúnachas tionóntachtaí HAP a chinntiú:
Scéim Chistithe Freagairt Phobal Fhine Gall do COVID-19 Tá an Scéim Chistithe Freagairt Phobal Fhine Gall do scéim Cistithe COVID-19 á cur ar siúl ag Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall chun tacú le grúpaí deonacha agus pobail chun freagairt pobail áitiúil a sholáthar do COVID-19 i bhFine Gall. Tabharfar tús áite do thionscnaimh a dhéanann iarracht chun fairsinge an víris a shrianadh agus a theorannú, chun oibrithe deonacha a chosaint agus chun tacú le baill leochaileacha inár bpobal