Pobal, Cultúr agus Spórt CCanna

Pobal, Cultúr agus Spórt FAQs

Is é cuspóir na nDeontas Pobail tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghrúpaí pobail atá i mbun tionscnaimh, tionscadail, imeachtaí agus gníomhaíochtaí pobail i limistéar riaracháin Chomhairle Contae Fhine Gall. Tacaíonn na deontais le gealltanas na Comhairle chun feabhas a chur ar chaighdeán na beatha atá ag a saoránaigh ar fad a chomhlíonadh.

Tugtar an Deontas Trealaimh Spóirt do ghrúpaí a bhfuil trealamh nach trealamh a úsáidtear gach lá é ag teastáil uathu chun feabhas a chur ar a gclub.

Is féidir le grúpaí pobail áitiúil agus deonacha iarratas a dhéanamh ar dheontas pobail chun tacú leo tionscnamh, tionscadal, imeacht nó gníomhaíocht pobail a sholáthar.  Caithfidh an grúpa a bheith bunaithe mar is ceart agus ní mór an leas don phobal áitiúil a léiriú san iarratas. Ní mór don ghrúpa a bheith cláraithe leis an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí freisin.

Ní chlúdóidh aon deontas ach céatadán de thionscadal, agus ní mó do na grúpaí a léiriú go bhfuil an acmhainn airgeadais aige chun an méid maoinithe céanna a chur ar fáil.

Is féidir, ach ní mór na doiciméid tacaíochta chuí a chur ar fáil in éineacht leis an iarratas ar an deontas a tharraingt anuas.    

Ní féidir - Ní chuirfear maoiniú ar fáil go cúlghabhálach, mar sin ní mór duit fanacht go dtí go bhfaomhfar an deonú maoinithe go foirmiúil sula gceannaíonn tú aon rud.

Is féidir. Féadann grúpa iarratas a chur isteach ar roinnt deontas ar an gcoinníoll go mbaineann gach iarratas le tionscadal/imeacht/gníomhaíocht/tionscnamh ar leith.   

Is é aidhm an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí (LRP) cur ar chumas an phobail, chomh maith le heagraíochtaí áitiúla, a dtuairimí agus leasanna a chur in iúl laistigh den chóras rialtais áitiúil. Is é an Líonra an príomhchreat maidir le rannpháirtíocht phoiblí agus rannpháirteachas poiblí. Is féidir le grúpaí neamhbhrabúis sna hearnálacha ionchuimsithe shóisialta agus comhshaoil agus sna hearnálacha pobail agus deonacha i gcoitinne a bheith ina mball den Líonra.

 

D'fhonn a bheith i dteideal maoiniú a fháil, ní mór do na grúpaí seo a leanas clárú leis an LRP: grúpaí a oibríonn i réimse an Phobail, réimse an Spóirt nó réimse na nEalaíon, Cumainn Cónaitheoirí, grúpaí a oibríonn le daoine faoi mhíbhuntáiste/daoine a fhulaingíonn de bharr neamhionannais, agus grúpaí a dhíríonn ar chosaint chomhshaoil agus inbhuanaitheacht.

Tá sé mar aidhm ag Deontas Gníomhachtaithe Pobail tacú le grúpaí pobail agus grúpaí deonacha gníomhaíochtaí sa phobal áitiúil a chur chun cinn. Ar na samplaí tá lá don phobal, seachtain don phobal nó imeacht le linn na bliana.

 

Is féidir le grúpaí pobail iarratas a dhéanamh ar an deontas seo chun tacú leo gníomhaíochtaí fóillíochta agus oideachais faoi mhaoirseacht a chur ar fáil do dhaoine óga le linn an tsamhraidh.  Caithfidh tionscadail Samhraidh freastal a dhéanamh ar an bpobal áitiúil agus ní mór dóibh a bheith ar siúl ar feadh tréimhse sheachtaine, tréimhse choicíse nó tréimhse trí seachtaine le linn shaoire an tsamhraidh.

 

Tá tionscadail freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann siad na riachtanais ar fad sa reachtaíocht cosanta leanaí agus reachtaíocht ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána in Éirinn, an tAcht um Thús Áite do Leanaí, 2015 san áireamh. Ní mór d'iarratasóirí a n-éireoidh leo beartais agus nósanna imeachta a chur ar bun sula dtarraingeofar airgead anuas i gcomhréir leis an mbeartas náisiúnta, is é sin Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus leas Leanaí.

 

Is gá do gach iarratasóir a n-éireoidh leis/léi tacaíocht airgeadais Chomhairle Contae Fhine Gall a aithint agus lógó na Comhairle a chur ar gach ábhar clóite.

Is féidir diúltú d'iarratas de bharr roinnt údar. I meas na n-údar is coitianta tá:

 

  • Níor léirigh an grúpa go mbeidís ábalta an méid maoinithe céanna a chur ar fáil
  • Níl an grúpa bunaithe mar is ceart agus ní grúpa pobail deonach é
  • Ní chuireann Comhairle Contae Fhine Gall airgead ar fáil chun an t-earra a mhaoiniú, mar shampla ní mhaoinítear ríomhairí glúine ná earraí a mheastar go gcuireann siad sábháilteacht phearsanta grúpaí i mbaol.
  • Tá an t-iarratas doiléir agus níl dóthain eolais ann chun an deontas a cheadú.
  • Níl eagraíochtaí gnó i dteideal maoiniú a fháil
  • Chuir an grúpa isteach ar an maoiniú céanna faoi iarratas ar dheontas eile le Comhairle Contae Fhine Gall. 
  • Ba cheart iarratais a chlóscríobh go soiléir agus go beacht
  • Ba cheart d'iarratasóirí úsáid a bhaint as an seicliosta chun a chinntiú go gcuireann siad na doiciméid ar fad isteach
  • Ní mór d'iarratasóirí an spriocdháta a bhaint amach
  • Ba cheart d'iarratasóirí a chinntiú go ndéanann siad iarratas faoin mír cheart agus is oiriúnaí
  • Ba cheart d'iarratasóirí teagmháil a dhéanamh le hoibrí pobail agus oifigeach pobail ceantair le plé a dhéanamh ar a n-iarratas, sin nó freastal ar oíche eolais.    

 

Click here to visit our Community & Sports page.