Feachtas Feasachta maidir le Guma Coganta ar na Sráideanna seolta ag Méara Fhine Gall

Fingal County Council Environmental Education Officer Sinéad Fox, Mayor of Fingal County Council Cllr Eoghan O’Brien, Fingal County Council Environment Department Staff Officer Tony Egan

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien, feachtas feasachta oideachais an Tascfhórsa um Ghuma Coganta ar na Sráideanna in Ionad Siopadóireachta an Pavilions i Sord ar an gCéadaoin.

Tá Fine Gall i measc 26 údarás áitiúil atá ag glacadh páirte san fheachtas “Caith do Ghuma Coganta sa Bhosca Bruscair”.

Bhí an méid seo a leanas le rá Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Is tionscnamh iontach é feachtas oideachais maidir le guma coganta an Tascfhórsa um Ghuma Coganta ar na Sráideanna a bhaineann tairbhe as spiorad an phobail chun cuspóir coiteann a chomhlíonadh: fáil réidh leis an nguma coganta atá ar ár sráideanna.

“Cúis áthais dom is ea go bhfuil pobail as ar fud an chontae ag obair i gcomhpháirt arís i mbliana chun athrú dearfach a dhéanamh laistigh dá gceantair áitiúla féin.

“Tá dul chun cinn dearfach déanta ag an bhfeachtas go dtí seo agus táim ag súil go leanfaidh an feachtas ar aghaidh mar seo arís i mbliana.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Paul Kelly, Cathaoirleach an Tascfhórsa: “Ó cuireadh tús leis an bhfeachtas, tá iarracht déanta eolas a roinnt leis an bpobal maidir le conas ba cheart guma coganta a dhiúscairt ionas nach mbeidh guma coganta á chaitheamh in áiteanna nár cheart.

“Is cuid é seoladh an lae inniu d’fheachtas náisiúnta níos mó a bhfuil feachtas fógraíochta agus clár oideachais scoile, Caith sa Bhosca Bruscair é! san áireamh ann”.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Katherine Hogan, Stiúrthóir Gnóthaí Corparáideacha, Mars Ireland: “Cúis áthais é do Mars Wrigley Ireland a bheith páirteach san fheachtas dearfach agus bríomhar seo arís.

“Cé go bhfuil an feachtas á mhaoiniú ag an tionscal, ní bheadh an oiread sin ratha ar an bhfeachtas go dtí seo gan rannpháirtíocht agus obair chrua na n-údarás áitiúil agus na bpobal áitiúil ar fud na tíre, a bhfuil tréaniarracht á déanamh acu déileáil leis an bhfadhb a bhaineann le guma coganta ar na sráideanna.

“Mar is iondúil, táimid ag súil le tacú leis an ndíograis seo trínár dtacaíocht leanúnach don fheachtas seo agus oibriú le pobail ó cheann ceann na tíre chun déileáil leis na fadhbanna atá á gcruthú ag guma coganta a chaitear ar na sráideanna.” 

Gum Litter Awareness Taskforce members with Mayor of Fingal County Council Cllr Eoghan O’Brien

Nuair a bunaíodh an Tascfhórsa um Ghuma Coganta ar na Sráideanna in 2007, chuir 74% den phobal in iúl gur shíl siad gur ábhar bruscair é guma coganta, agus chuir 54% den phobal in iúl go raibh a nguma coganta á dhiúscairt mar ba cheart an t-am ar fad. Faoin mbliain 2018, bhí na figiúirí seo cothrom le 93% agus 88% faoi seach, fianaise go bhfuil tionchar dearfach ag na feachtais.

Páirteach sa Tascfhórsa tá ionadaithe ón tionscal guma coganta; an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil; Food Drink Ireland; ionadaithe ó údaráis áitiúla agus ón tsochaí shibhialta.