Draíocht Arts Centre

Draiocht

Is i gcroílár Bhaile Átha Cliath 15 atá Draíocht suite; ionad ealaíon atá fíordhílis chomh fada is a bhaineann le freastal ar a phobal áitiúil agus tionchar a imirt ar an gcleachtas ealaíon i bhfad ó bhaile. Grúpa daoine díograiseacha ón bpobal uathúil seo a spreag forbairt an ionaid, pobal ag a bhfuil traidisiún saibhir drámaíochta agus ceolamharclannaíochta, agus daonra óg atá ag fás go tapa agus a mbaineann éagsúlacht chultúrtha leis. Bhí toradh na físe agus na díograise a léirigh an pobal seo le feiceáil ag cách nuair a osclaíodh doirse Draíocht in 2001, spás saintógtha ina bhfuil dhá amharclann, dhá dhánlann, stiúideo ealaíontóra, spás ceardlainne agus caifé.

 

Tá clár eicléictiúil ar ardchaighdeán forbartha ag Draíocht, a áirítear ann taibhiú, na hamharc-ealaíona agus ceol ó ealaíontóirí nua agus ealaíontóirí a bhfuil taithí na mblianta acu. Anois tugann breis is 50,000 duine, de gach aois, céim, spéis agus cumas, aghaidh ar Draíocht gach bliain, daoine nár fhreastail ar ócáid ealaíon riamh roimhe seo ina measc. Ciallaíonn creideamh Draíocht i gcumhacht bhunathraitheach na n-ealaíon, go bhfuil roinnt mhaith béime á leagan ar rannpháirtíocht daoine nach raibh deis acu na healaíona a fheiceáil nó a bhlaiseadh roimhe seo a spreagadh agus a chumasú. Príomhréimse eile a bhfuil béim á leagan air é leanaí agus daoine óga, mar go bhfuil iarracht á déanamh ag Draíocht freagairt do agus oibriú le déimeagrafach óg an phobail; tá 23% de phobal na háite faoi 15 bliana d’aois. Leagtar amach i gCairt Leanaí Draíocht a ghealltanas do na leanaí agus do na daoine óga a bhfuiltear ag freastal orthu.

 

Oibríonn Draíocht i ndlúthchomhar le agus ar bhonn comhoibríoch le healaíontóirí agus le heagraíochtaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ar aon intinn leis chomh fada is a bhaineann lena ngealltanas agus lena n-uaillmhian do na réimsí oibre seo agus do na bealaí oibre seo. Cothaíonn agus tacaíonn Draíocht lena gcleachtas agus trína leithéid a dhéanamh cuireann sé lena chleachtas féin. Tá dea-theist ar Draíocht faoin tráth seo, agus go minic roinneann sé a thaithí ar a bheith ag obair i gcroílár pobal uirbeach le grúpaí eile agus caitheann sé am ag foghlaim faoi mhodhanna oibre grúpaí eile. 

 

Draíocht á mhaoiniú ag Comhairle Contae Fhine Gall agus ag an gComhairle Ealaíon. Is cuideachta faoi theorainn ráthaíochta é agus níl scairchaipiteal aige agus is carthanas cláraithe é. Tá sé á rialú ag bord deonach de sheisear. Tá obair Draíocht á déanamh ag foireann lánaimseartha de 10 nduine agus foireann pháirtaimseartha fáilteachais agus éascaitheoirí ealaíontóirí, agus is ar an Stiúrthóir atá an fhreagracht as cláreagrú agus bainistíocht chorparáideach an ionaid.

Fís Draíocht
Is é a shamhlaítear i bhfís Draíocht Éire ina bhfuil deis ag gach duine taitneamh a bhaint as na healaíona agus ligean do na healaíona cur lena saol.

Misean Draíocht
“Draíocht” na n-ealaíon a thabhairt chun beochta. Tá an misean soiléir ó ainm na heagraíochta: draíocht na n-ealaíon a roinnt leis an bpobal. Déantar é seo ar thrí bhealach:

  • clár bríomhar imeachtaí, ó cheann ceann na bliana, lena chinntiú go mbainfidh gach duine taitneamh as imeacht éigin
  • deiseanna a chruthú don phobal áitiúil, agus go háirithe leanaí agus daoine óga, eolas a chur ar na healaíona agus taitneamh a bhaint astu
  • comhoibriú le healaíontóirí chun obair a fhorbairt go sonrach dá lucht spéise féin

 

Tá dhá spás amharclainne ag Draíocht. Is spás solúbtha é an chéad spás, ceann de na hardáin is mó in Éirinn, a bhfuil spás ann do 286 ina suí nó 500 duine ina seasamh. Is amharclann stiúideo é an dara spás amharclainne a bhfuil 92 suíochán ann. Chomh maith leis sin, tá dhá spás dánlainne agus stiúideo ealaíontóra glanscartha in Draíocht. Tá áiseanna suntasacha cúlstáitse le fáil sa spás, beár/caifé agus seomra ceardlainne/cruinnithe. Tá 10 ngairmí lánaimseartha ag obair in Draíocht lena n-áirítear na poist seo a leanas: Stiúrthóir, Bainisteoir Ginearálta, Bainisteoir Margaíochta, Preasa & Caidreamh Poiblí, Bainisteoir Fáilteachais, Bainisteoir Léiriúcháin. Is é Comhairle Contae Fhine Gall a sholáthraíonn formhór an mhaoinithe do Draíocht, agus tá maoiniú breise á chur ar fáil ag an gComhairle Ealaíon. Chomh maith leis sin, tá líonra dílis Cairde ag Draíocht a thugann airgead don chuideachta gach bliain.

 

 

Straitéis Draíocht 2018-2022