Téann Fine Gall ar Aghaidh le Gníomhartha ar son na hAeráide

Climate Change Action Plan

Leagann an Plean ceithre phríomhsprioc agus 133 ghníomh amach atá le déanamh ag an gComhairle i réimsí an fhuinnimh is na bhfoirgneamh, an iompair, athléimneacht na dtuilte, na réiteach nádúr-bhunaithe agus bainistíocht na n-acmhainní. Tá gach roinn de Chomhairle Contae Fhine Gall freagrach as feidhmiú céimneach rathúil na ngníomhartha laistigh den Phlean um Ghníomhaíocht ar son na hAeráide.

Cuireadh tús leis an bPlean um Ghníomhaíocht ar son na hAeráide 2019-2024 (PGA) sa bhliain 2019 tar éis dul i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla Bhaile Átha Cliath agus i gcomhpháirtíocht leis an nGníomhaireacht um Bhainistíocht Fuinneamh Chathair Bhaile Átha Cliath (BFCBÁC/Codema) agus Oifig Réigiúnach Bhaile Átha Cliath um Ghníomhaíocht ar son na hAeráide (ORGA/CARO) , agus cuirtear tuarascáil ar fáil ar an dul chun cinn a rinneadh maidir lena leithéid gach bliain.

Dar le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, is ríthábhachtach é tuairisciú rialta ar an dul chun cinn ar chúiseanna an mhuinín agus na trédhearcachta: ‘Thug an fhoireann um Ghníomhú ar son na hAeráide an tuairisc ar an dul chun cinn sa bhliain 2022 chun cinn an tseachtain seo agus táim sásta a dheimhniú go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ar roinnt tionscadail ar son na haeráide ar fud na Comhairle. Leanann ár gcuid foirne ag comhoibriú agus ag tabhairt tús áite do ghníomhaíocht dhearfach ar son na haeráide mar phríomhchuid de gach obair atá á dhéanamh againn, bíodh sé sin sa tógáil, sna bóithre, sa Taisteal Gníomhach, in oibríochtaí an phobail nó in aon réimse eile. Táimid ag tosú anois ar an gceathrú bliain den Phlean um Ghníomhaíocht ar son na hAeráide agus táim ag tnúth le tuilleadh dul chun cinn sa bhliain 2023.”

Thíos: Tús á chur le boscaí grianchumhachtaithe um dhlúthú an bhruscair.

150 new solar powered compactable smart bins to be installed across Fingal

Dúirt Stiúrthóir an Chomhshaoil, an Ghníomhaithe ar son na hAeráide agus an Taistil Ghníomhach, David Storey: ‘Léiríonn an tuarascáil seo ce chomh geallta a bhí Comhairle Contae Fhine Gall le linn an chéad trí bliana den Phlean um Gníomhaíocht ar son na hAeráide tríd an gcomhiarracht a ndearnadh thar gach Roinn aici. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn ar ghníomhiú ar son na haeráide. Sprioc amháin atá againn sa bhliain atá romhainn is ea leanúint le príomhshruthú an ghníomhaithe ar son na haeráide ar fud gach bhfeidhm agus gach seirbhís, faoi stiúir an ghrúpa stiúrtha agus na foirne sinsearacha. Tá sé mar aidhm ag an gComhairle freisin líon na mball foirne atá ag obair go díreach i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide a mhéadú, agus tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar roinnt staidéar, ina measc an cumas i leith Téamh Ceantair a chur ar fáil laistigh den chontae, Crios Dícharbónaithe a fhorbairt, agus éascú  rolladh amach na bpointí luchtaithe d'fheithiclí leictreacha a éascú.'

Léiríonn tuarascáil dul chun cinn na bliana 2022 go bhfuil Comhairle Contae Fhine Gall i mbun gníomhaíochta faoi láthair ar 111 de na 133 mhír atá leagtha amach sa Phlean 5 bhliain um Ghníomhaíochta ar son na hAeráide, chomh maith le 19 ngníomh eile atá curtha i gcrích agus níl ach 3 cinn acu fós le críochnú.

I measc na ngníomhartha a ndearnadh nó a cuireadh i gcrích cheana féin tá an t-athbhreithniú ar éifeachtúlacht an fhuinnimh ar fud na heagraíochta, soilsiú poiblí a thiontú go soilsiú LED atá neamhdhíobhálach don aeráid agus an dul chun cinn suntasach maidir le hiarfheistiú na tithíochta sóisialta de chuid na Comhairle inar críochnaíodh an obair i 91 teach críochnaithe sa bhliain 2022 agus ina bhfuil 150 teach eile le críochnú le linn an 12 mhí atá le teacht.

Thíos: Tionscadal Gabhair Cheann Bhinn Éadair ar bhain gradam amach.

Goats Howth

Baineann an Plean um Ghníomhaíocht ar son na hAeráide freisin leis an iompar inbhuanaithe agus léiríonn an tuarascáil dul chun cinn a ndearnadh maidir le clár na mBealaí Sábháilte chun na Scoile ar fud an chontae chomh maith le forbairt Straitéis an Taistil Gníomhaí d’Fhine Gall agus le ceapadh beirt oifigeach lánaimseartha an tSiúil agus na Rothaíochta  chun aistriú an phobail chuig Taisteal Gníomhach a fhógairt agus a chumasúl. Tá 476 spás páirceála rothar curtha ar fáil anois ag Comhairle Contae Fhine Gall le beart ann tuilleadh a chur ar fáil sa bhliain 2023 agus tá líon na ndaoine a nglactar leis na scéimeanna roinnt na rothar Bleeper agus Tier ag méadú i gcónaí thar líon na 20,000 turas roinnt rothar i bhFine Gall sa bhliain in 2022.

Tuairiscíodh freisin go raibh dul chun cinn déanta maidir le hAthléimneacht na dTuilte, leis an draenáil uirbeach inbhuanaithe (DUI/SuDs) á cur i bhfeidhm i dtionscadail na n-údaráis áitiúil agus go bhfuil pleananna um bhainistíocht an uisce dromchla á ndéanamh anois mar chuid de gach Plean Limistéir Áitiúil (PLÁ).

Léiríonn na réitigh atá bunaithe ar an dúlra, lena n-áirítear tionscadal Foraoise Fhine Gall agus athchóiríocht tréada Sean-Ghabhar Éireannacha ar Cheann Bhinn Éadair mar chineál cur chun cinn na bithéagsúlachta agus cosc nádúrtha an dó,  conas is féidir réitigh nuálaíocha a úsáid chun dul i ngleic le hathrú na haeráide. Glacadh le Plean Gníomhaíocht Bithéagsúlachta Fhine Gall sa bhliain 2022, atá ath-dhírithe ar athchóiríu na ngnáthóga siúd atá ar mhórán carbóin.

Thíos: Ócáid bhithéagsúlachta Fhéile Beacha Fiáin na Sceirí.

Wild Bee Skerries Mayor and Deborah Teirnan

Tuairiscíodh go bhfuil sár-dul chun cinn bainte amach freisin maidir leis an aistriú go dtí an geilleagar ciorclach. Tá an t-athrú seo á eascairt go páirteach ag 2 shuíomh taitneamhachta cathartha i Sord agus i gCúil Mhín, áit ar athchúrsáladh breis is 5,500kg péint, 134 rothar agus mórán uirlisí ceoil. Tá boscaí bruscair ar leith curtha isteach sna páirceanna gnóthacha agus cuidíodh le 23 scoil i bhFine Gall stádas an Bhrait Ghlais a bhaint amach sa bhliain 2022.

Léiríonn na heiseamláir seo raon leathan na réiteach agus na smaointe a bhailigh Comhairle Contae Fhine Gall le chéile chun dul i ngleic le hathrú na haeráide. Léiríonn an tuarascáil freisin fíorghealltanas agus dianobair foireann na Comhairle go dtí seo agus iad ag múineadh, ag cur chun chinn agus agus ag gníomhú ar son na haeráide.

Tá cóip den tuarascáil iomlán le feiceáil ar líne ag  https://www.fingal.ie/climate-change-action-plan-2019-2024.

Thíos: Áiseanna athchúrsála ag Saoráid Cathartha an Inbhir i Sord.

Estuary Recycling centre