Séasúr na Nollag á fhógairt agus clár Nollag Fhine Gall á sheoladh

I mbliana tá an Nollaig ar ais ina iomláine agus tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt nach bhfuil sí i mbaol ón Grinch!

Swords Christmas Lights 2021

I mbliana tá an Nollaig ar ais ina iomláine agus tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt nach bhfuil sí i mbaol ón Grinch!

Chun spiorad na féile a scaipeadh, beidh margaí Nollag ann ar fud an Chontae i mí na Nollag. Tacóidh an feachtas “Ar Scáth a Chéile” le gnólachtaí áitiúla agus le cónaitheoirí áitiúla úsáid a bhaint as suíomhanna páirceála saor ó chostas i bpríomhshuíomhanna agus muid ag druidim leis an Nollaig.

 

Seo a leanas na suíomhanna agus na dátaí do na Margaí Nollag:

 

  • Sráidbhaile Bhaile Bhlainséir – an deireadh seachtaine  4–5 Nollaig ó 11am - 5pm

 

  • Caisleán Bhrí Mhór – gach deireadh seachtaine ó 28 Samhain ó 10am – 4pm

 

  • Caisleán Shoird– an deireadh seachtaine 27-28 Samhain agus 4 - 5 Nollaig ó 11am – 6pm

 

  • Caisleán Ard Giolláin – 4 Nollaig ó 4pm - 8pm

 

  • Sráidbhaile Bhaile Dúill – Dé Domhnaigh 5 Nollaig ó 10am - 5pm

 

  • Ionad Ealaíon Seamus Ennis– 12 Nollaig ó 10:30am - 4:30pm
     

Dúirt Méara Fhina Gall, an Clr Seána Ó Rodaigh: “is iontach an rud é go bhfuil na Margaí Nollag ar ais i mbliana, agus táim cinnte go mbeidh lúcháir an domhain ar an-chuid dár gcónaitheoirí nuair a chloiseann siad go mbeimid ag cur le líon na margaí in áiteanna tábhachtacha ar fud an Chontae. Tugann na margaí seo an deis dúinn tacaíocht a léiriú dár ngnólachtaí áitiúila, ach ina theannta sin, laghdóigh siad ár lorg carbóin, agus bainfimid go léir tairbhe as sin.”

 

Chun cabhrú le gnólachtaí beaga a n-earraí Nollag a chur chun cinn, tá an feachtas “Ar Scáth a Chéile” seolta arís ag an údarás áitiúil. Ba chóir do ghnólachtaí ar mian leo fógraíocht a dhéanamh dá n-earraí Nollag saor in aisce, clárú ar Shiopa Nollag fíorúil na Comhairle. Cuirfear é seo chun cinn trí feachtas fógraíochta digiteach agus sna meáin chlóite. Má tá suim agat bheith i láthair ar an leathanach tiomnaithe seo, cuir ríomhphost chuig [email protected] nó le haghaidh tuilleadh eolais féach https://www.fingal.ie/christmas.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Bliain an-deacair a bhí ann do mhórán gnólachtaí. Mar sin, ba mhaith liom daoine a spreagadh an siopadóireacht a dhéanamh go háitiúil le linn tréimhse na Nollag. Is am draíochtúil é seo do dhaoine de gach aois, agus déanfaimid ár gcion atmaisféar ceiliúrtha agus spiorad na féile a spreagadh le soilse agus maisiúcháin sna bailte agus sna sráidbhailte fud fad an Chontae. I suíomhanna i Mullach Íde, i mBaile Bhlainséir, i Sord agus i mBaile Brigín beifear ag teilg íomhanna digiteacha ar fhoirgnimh íocónacha freisin.”

 

Chun áitritheoirí a mhealladh cuairt a thabhairt ar ghnólachtaí áitiúla i bhFine Gall, beidh páirceáil saor in aisce á soláthar ag an gComhairle i mí na Nollag (4ú, 11ú & 18ú) i suíomhanna íoc agus taispeáin i mBaile Brigín, sa Ros, sna Scéirí, i Sord agus i Mullach íde (Páirc Bridgefield amháin). I gCluain Saileach is féidir páirceáil saor in aisce sna suíomhanna íoc agus taispeáin ar an Satharn an bhliain ar fad. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le páirceáil saor in aisce, féach: https://www.fingal.ie/news/free-saturday-parking-christmas-shopping

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na himeachtaí Nollag atá ag tarlú, féach https://www.fingal.ie/events nó ar Facebook nó Twitter – @fingalcoco.

 

 

Illuminate

To help attract residents to visit local businesses across Fingal, the Council will be providing free Saturday parking throughout December (4th, 11th & 18th) in pay and display locations in Balbriggan, Rush, Skerries, Swords and Malahide (Bridgefield Park only). Pay and display areas in Clonsilla have free parking on Saturdays all-year round. For more information on free parking please visit: https://www.fingal.ie/news/free-saturday-parking-christmas-shopping

For further details on what Christmas events are taking place, please see https://www.fingal.ie/events or follow us on Facebook or Twitter – @fingalcoco.