Filleann Seanghbhair na hÉireann ar Cheann Bhinn Éadair tar éis céad bliain fhada

Goats Howth Mayor and Shepard

Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall tionscadal féaraigh caomhnaithe ceannródaíoch a fhógairt, le seanghabhair na hÉireann, ag Binn Éadair, i dTearmann Bithsféir UNESCO i mBá Bhaile Átha Cliath. Is tionscadal comhpháirtíochta í an scéim, a mhairfidh 3 bliana, idir Comhairle Contae Fhine Gall agus Cumann Seanghabhar na hÉireann le tacaíocht ó SAAO Bhinn Éadair.

Cuireadh an chéad chéim den tionscadal ar bun nuair a tugadh grúpa de 25 Seanghabhar Éireannach, ón tréad náisiúnta sa Mhala Raithní, Co Mhaigh Eo, go dtí a dteach nua ar Cheann Bhinn Éadair le déanaí. Bainfidh an tionscadal úsáid as modhanna traidisiúnta bainistíochta, tréadaí gabhair agus madraí caorach. Bainfear triail freisin, den chéad uair in Éirinn, as córas “Gan fál” na hIorua a bhaineann úsáid as córas rianaithe GPS chun limistéir féaraigh gan fál a leagan amach.  

D’fhostaigh Cumann Seanghabhar na hÉireann tréadaí gabhair chun an tionscadal féaraigh ar Bhinn Éadair a bhainistiú. Dúirt Seán Carolan, ó Chumann Seanghabhar na Éireann: “Déanfaidh an tréadaí an tréad gabhar a bhainistiú ar Bhinn Éadair, bogfaidh sí na gabhair ar bhonn laethúil ó shuíomh go suíomh agus tabharfaidh sí aire don chlár póraithe”.

Filleann an pór gabhair dúchasach seo, a bhfuil fíorbhaol ag baint leis, ar ais go fraochmhánna Cheann Bhinn Éadair, tar éis hiatas beagnach céad bliain. Beidh ról tábhachtach ag na gabhair seo i mbainistiú an fháis chun an riosca dóiteáin do thithe a laghdú, agus bithéagsúlacht na ngnáthóg fraochmhá tosaíochta a fheabhsú. Tá sé de chumas ag seanghabhair na hÉireann carnadh aiteann a rialú, go háirithe tar éis tinte agus mar gheall ar a n-iompar innilte agus a gcóras díleá éifeachtacha, tá siad ábalta oiriúnú don bheathú ar thimpeallachtaí níos crua le fraochmhánna ar chaighdeán íseal cothaitheach. Cuireann siad réiteach níos tíosaí agus níos inbhuanaithe ar fáil chun an tírdhreach a bhainistiú.

Launch of Howth Goats Project

Thuas: Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Séana Ó Rodaigh, Cathaoirleach Mhaigh Eo, an Comhairleoir Michael Smyth, an Comhairleoir Joan Hopkins, an Comhairleoir David Healy agus Baill den SAAO Bhinn Eadair.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal ról innilte traidisiúnta an ghabhair a athbhunú tríd an bpór dúchasach a athbhunú sna fraochmhánna atá os cionn Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá clár póraithe á reáchtáil ag Cumann Seanghabhar na hÉireann chun an pór a chaomhnú agus oibreoidh Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirtíocht leis an gcumann chun leanúint leis an iarracht an-tábhachtach seo.  

Go dtí na 1940idí, bhí beostoc agus gabhair ag innilt go traidisiúnta ar Cheann Bhinn Éadair. Mar sin féin, le meath na hinnilte traidisiúnta, tháinig tinte fiáine níos minice, leathnaigh fás aitinn agus raithní agus tháinig laghdú ar éagsúlacht agus ar chaighdeán na fraochmhá.  

“Tá nasc soiléir idir beostoc ag dul i léig agus meath na fraochmhánna ar Bhinn Éadair” a dúirt Hans Visser, Oifigeach Bithéagsúlachta le Comhairle Contae Fhine Gall. “Trí innilt le gabhair a athbhunú, tá sé beartaithe againn an fraochmhá a athbhunú agus an riosca ó thinte sléibhe ar Bhinn Éadair a laghdú.”

Bhí Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Séana Ó Rodaigh agus Cathaoirleach Mhaigh Eo, an Comhairleoir Michael Smyth i láthair chun an ócáid mhór seo a fheiceáil. Dúirt Ó Rodaigh “Is tionscadal fíor uathúil é seo. Tá réiteach nádúrtha, inbhuanaithe molta ag Comhairle Contae Fhine Gall chun falscaí a laghdú a théann chun leasa na n-ainmhithe féin a bhaineann leis an ngnáthóg álainn seo. " Dúirt an Comhairleoir Michael Smyth go raibh “an-áthas air seanghabhair na hÉireann a fheiceáil ag filleadh ar ais go Ceann Bhinn Éadair”. Thug sé ardmholadh do “gach duine a raibh baint aige le comhpháirtíocht nuálach a chruthú chun Binn Éadair a fheabhsú agus ár bpór dúchasach gabhar a chaomhnú”.

Tá post neamhghnách ag Melissa Jeuken, sé sin aire a thabhairt don tréad seo agus dar léi nach gcuirfidh siad isteach ar chuairteoirí chuig an láthair áilleachta seo a bhfuil tóir air. “Táimid ag meabhrú don phobal a gcuid madraí a choinneáil ar éill agus iarraimid ort gan bia a thabhairt do na gabhair má thagann tú orthu. Is féidir leat agus ba chóir duit cuairt a thabhairt ar an áit dhochreidte seo agus taitneamh a bhaint as na conairí siúil agus an radharcra atá le fáil ag Binn Éadair. "

D’aontaigh Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Ann Marie Farrelly, leis an meon seo. “Is suíomh iontach é Ceann Bhinn Éadair agus is áit í a bhfuil meas ag an oiread sin daoine uirthi. Cuideoidh an tionscadal seo linn todhchaí inbhuanaithe an cheantair a chosaint agus a chinntiú agus táimid ag tnúth lena rath agus na cónaitheoirí nua i mBinn Éadair ag cur fúthu ina dteach nua sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn. "

Old Irish Goat Society at Howth Goats launch

Thuas: Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Séana Ó Rodaigh, Cathaoirleach Mhaigh Eo, an Comhairleoir Michael Smyth, an Comhairleoir Joan Hopkins, an Comhairleoir David Healy agus Baill  de Cumann Seanghabhar na hÉireann.

Melissa Jeuken, Shepard at Howth Head