Fine Gall le bheith mar chuid de Chonair Eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath - Béal Feirste

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ar cheann d’ocht n-údarás áitiúla ó gach taobh den teorainn a tháinig le chéile inniu chun Conair Eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath Bhéal Feirste a sheoladh mar fhreagairt ar dhúshláin atá os comhair an réigiúin, ar aithníodh i gcomhthuarascáil ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Uladh.

Is iad na hocht n-údarás áitiúla:

  • Comhairle Buirge Chathair Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon
  • Comhairle Cathrach Bhéal Feirste
  • Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
  • Comhairle Contae Fhine Gall
  • Comhairle Cathrach Lios na gCearrbhach & an Chaisleáin Riabhaigh
  • Comhairle Contae Lú
  • Comhairle Contae na Mí
  • Comhairle Dúiche an Iúir, Mhúrn agus an Dúin

Sa tuarascáil, The Dublin-Belfast Economic Corridor: Current Profile, Potential for Recovery & Opportunities for Cooperation, (Conair Eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste: Próifíl Reatha, Acmhainneacht Téarnaimh & Deiseanna Comhoibrithe), luaitear gur tráth tráthúil é seo chun Conair Eacnamaíoch thuaidh-theas a chruthú i bhfianaise na ndúshlán atá roimh an réigiún agus é ag déileáil leis an tionchar atá ag imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus ag an bpaindéim COVID-19.

Dúirt an Méara Fhine Gall an , Comhairleoir David Healy: “Tá deiseanna ann gnó dúchasach a fhás, braislí de phríomhearnálacha a bhunú, an leas is mó a bhaint as an bhfonn ar chomhoibriú agus an Chonair a úsáid mar an fórsa tiomána d’fhorbairt eacnamaíoch sa réigiún agus ar fud na tíre.”

In 2018, tháinig an t-ocht gComhairle agus an dá Ollscoil  atá suite feadh na Conaire le chéile chun oibriú le chéile chun bealaí a aimsiú chun na tairbhí féideartha a bhaineann le tuilleadh forbartha ar an gConair a bhaint amach. Mar thoradh air seo bunaíodh Grúpa Stiúrtha Comhpháirtíochta ar a raibh ocht bPríomhfheidhmeannach na Comhairle agus Uachtaráin an dá ollscoil, inar thug siad gealltanas tionól le chéile gach ráithe.

Is é cuspóir láithreach an Ghrúpa Stiúrtha acmhainní an leas is mó a bhaint as an líonra i réimsí a bhféadfadh tionchar dearfach a bheith acu agus luach suntasach a chur le forbairt eacnamaíoch an réigiúin ag am a bhfuil éiginnteacht mhór eacnamaíoch agus shóisialta ann.

Cuireadh  le chéile ina dhiaidh sin meitheal d’fhoireann rialtais áitiúil agus ollscoile agus cuireadh de chúram orthu sraith tionscnamh agus tionscadal comhoibrithe a fhorbairt chun an cuspóir seo a bhaint amach. Is í an tuarascáil a foilsíodh inniu an chéad aschur dá gcomhobair a rinne siad a rinne siad le linn na trí bliana sin.

Cuireadh ar bun suíomh gréasáin, www.dbec.info, mar aon le láithreacht ar na meáin shóisialta le cruthú chuntas Twitter, @DBECIreland, agus cuntas LinkedIn.

Tar éis seoladh an lae inniu agus foilsiú na Tuarascála, is é an chéad chéim eile struchtúir rialachais oibre a bhunú a chothromóidh maoirseacht agus gníomhaíocht ó lá go lá. Cuirfidh an Bord Maoirseachta agus Rialachais maoirseacht ar fáil. Beidh 24 chomhairleoir ann, triúr ó gach Comhairle, agus beidh a gcéad chruinniú acu go gairid chun Cathaoirleach a thoghadh agus clár oibreacha a fhorbairt. Déanfaidh an Comhairleoir David Healy, an Comhairleoir Tony Murphy agus an Comhairleoir Howard Mahony ionadaíocht ar Chomhairle Contae Fhine Gall ar an mBord

Tá feasacht i measc gach duine a bhfuil baint acu le Tionscadal Chonair Eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath - Bhéal Feirste go mbeidh am, fuinneamh agus tacaíocht ag teastáil chun éiteas láidir comhoibrithe a fhorbairt. Socrófar cuspóirí maidir le gnóthachtáil sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus bunaithe ar thuiscint gur féidir le gníomhartha áitiúla cuspóirí straitéiseacha a sheachadadh ar bhealach praiticiúil.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá feasacht i measc gach duine a bhfuil baint acu le Tionscadal Chonair Eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath - Bhéal Feirste go mbeidh am, fuinneamh agus tacaíocht ag teastáil chun éiteas láidir comhoibrithe a fhorbairt. Socrófar cuspóirí maidir le gnóthachtáil sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus bunaithe ar thuiscint gur féidir le gníomhartha áitiúla cuspóirí straitéiseacha a sheachadadh ar bhealach praiticiúil.

Tá daonra níos mó ná 2 mhilliún duine sa réigiún agus is ceantar ina bhfuil daonra níos óige agus níos éagsúla ann ná aon cheantar eile d’Éirinn le 15% nár rugadh ar an oileán. Tá an lucht saothair is oilte aige freisin agus tá cáilíochtaí Tríú Leibhéal ag 34% den daonra rud a chiallaíonn go bhfuil píblíne den scoth le haghaidh go leor post a dteastaíonn céimithe uathu.

In 2019, bhí 125,000 gnólacht lonnaithe feadh na Conaire le rátaí fiontraíochta agus marthanais níos airde ná áiteanna eile in Éirinn agus bhí an líon is mó de dhaoine fostaithe i ngnólachtaí meánmhéide agus móra ná in aon áit ar bith eile.

I measc na bpríomhearnálacha feadh na Conaire tá Ard-Déantúsaíocht, TFC, Agraibhia, Seirbhísí Gairmiúla, Seirbhísí Airgeadais, Foirgníochtaí agus Turasóireacht agus i measc na ndúshlán atá roimh an réigiún sna blianta amach romhainn tá an t-oiriúnú don Bhreatimeacht, Athrú Aeráide agus claochlú go geilleagar ísealcharbóin, dlús daonra íseal agus daonra atá ag dul in aois.

Ag an ócáid seolta, a bhí á óstáil ag an eacnamaí David McWilliams, bhí agallaimh leis an Aire Airgeadais de Thuaisceart Éireann, Conor Murphy MLA; Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar TD; An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien TD, agus Robin Walker MP, Aire Stáit Thuaisceart Éireann.

Thug an Dr Eoin Magennis ó Ollscoil Uladh agus an tOllamh Deiric Ó Broin ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a rinne taighde ar an ábhar agus a d’fhorbair an tuarascáil, in éineacht le Neale Blair agus Jordana Corrigan, achoimre maidir leis an bhfís straitéiseach maidir lena bhfuil indéanta ar feadh Chonair Eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath - Béal Feirste agus thug Owen Keegan, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus Suzanne Wylie, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste aitheasc don lucht féachana a reáchtáladh ar líne agus a tarraingíodh ó na réimsí polaitiúla, gnó agus oideachais sa dá dhlínse.

Taispeánadh físeán faoin gcomhoibriú fadbhunaithe idir Comhairle Contae Lú agus Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin agus bhí agallaimh ann le Joan Martin, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Lú; Marie Ward, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Comhairle Dúiche an Iúir, Mhúrn agus an Dúin; Sean O'Connor, Príomhoifigeach Oibríochtaí, STATSports; agus Eamon McKey, Príomhoifigeach Oibríochtaí, Deli Lites.

I bplé painéil modhnaithe ina raibh téamaí gnó, gníomhaireachtaí agus polaitíochta leagadh amach an fhís maidir lena bhfuil ag tarlú agus a bhfuil indéanta agus bhí AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Fhine Gall; Niall McEntegart, Stiúrthóir, Oibríocht Láithreáin Ionad Sonraí (EMEA & APAC), Facebook; Margaret Hearty, Oifigeach Cuntasaíochta Ainmnithe & Stiúrthóir Seirbhísí Gnó, InterTradeIreland; Trevor Lockhart, Príomhfheidhmeannach, Fane Valley Group; agus an tOllamh Daire Keogh, Uachtarán, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath;

I measc na tinrimh ar líne bhí an t-ochtar ceannaire ó gach Comhairle, comhairleoirí ó gach cearn den réigiún agus ochtar Príomhfheidhmeannach na Comhairle chomh maith le baill dá bhfoirne bainistíochta sinsearaí.

Dublin Belfast Economic Corridor Logo