Osclaítear iarratais anois ar chúnamh airgeadais d’Fhéilte agus Imeachtaí a bheidh ar siúl i bhFine Gall i 2021

Events Ad 2020

Tá sé in am dóibh a hataí smaointeoireachta a chur orthu agus tosú ag pleanáil do 2021 nuair a bheifear ag súil go ndéanfar na srianta a mhaolú agus gur féidir le himeachtaí agus féilte a bhfuil an-tóir orthu filleadh ar an bhféilire.

Má tá smaoineamh agat d’imeacht nua do 2021, nó mura dteastaíonn uait ach imeacht atá ann cheana a athbheochan agus a athspreagadh, tá sé in am tosú ag pleanáil chun tosaigh mar tá deis iontach ann faoi scéim cúnamh airgeadais Imeachtaí agus Féilte Chomhairle Contae Fhine Gall chun roinnt tacaíochta a fháil.

Dúnfaidh iarratais ó ghrúpaí agus eagraíochtaí atá ag lorg cúnamh arigeadais ó Rannóg Imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall d’Fhéilte agus Imeachtaí a bheidh ar siúl i 2021 ar Dé Máirt, 15 Nollaig 2020, ag 3in.

Glacfar le hiarratais ar imeachtaí nó féilte atá ann cheana nó cinn nua a chuireann beocht i spásanna poiblí ar bhealaí cruthaitheacha agus nuálacha, agus atá dírithe ar thionchair intomhaiste turasóireachta sa Chontae a fhorbairt.

Ní mór do pháirtithe leasmhara roinnt critéar incháilitheachta eile a chomhlíonadh lena n-áirítear:

  • Plean comhlíonta Covid-19 a bheith agat de réir threoirlínte reatha an rialtais.
  • Tarraingt lucht féachana ginearálta a bheith agat agus a bheith ionchuimsitheach go sóisialta.  
  • Léiriú go soiléir an cumas buntáistí eacnamaíochta, sóisialta agus/nó cultúrtha a ghiniúint.
  • Féilire imeachtaí an Chontae a chomhlánú maidir le cuairteoirí iasachta a mhealladh.
  • Cuspóir an Aonaid Imeachtaí a chomhlíonadh maidir le clár éagsúil imeachtaí a chur le chéile i rith na bliana lena n-áirítear réimse ábhair agus raon séasúrach agus geografach.
  • Inbhuanaitheacht airgeadais agus an cumas an t-imeacht a fhorbairt a léiriú.
  • Plean PR agus margaíochta soiléir a bheith agat lena n-áirítear straitéis meán sóisialta chun an t-imeacht a chur chun cinn go gníomhach.  

Tacaíonn Aonad Imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall le turasóireacht trí Ráiteas Straitéise Turasóireachta Fhine Gall 2017 - 2022 agus le gnóanna inár mbailte trí chlár leathan imeachtaí.  

Is é an dáta deiridh d’iarratais ar mhaoiniú Dé Máirt 15 Nollaig 2020 ag 3in d’imeachtaí a bheidh ar siúl i 2021.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus foirm iarratais, seol ríomhphost le do thoil chuig [email protected]  nó tabhair cuairt ar www.fingal.ie/festivalandevents2021