Seachtain na hOidhreachta 2020

heritage week 3

Seachas díriú ar imeachtaí poiblí pearsanta a eagrú, tugtar cuireadh do ghrúpaí agus d’eagraithe oidhreachta áitiúla, do theaghlaigh agus do phobail tionscadail a fhorbairt a bhaineann le téama na bliana seo, ‘Oidhreacht agus Oideachas: Ag foghlaim ónár nOidhreacht '. beidh sé ar siúl i mbliana ón Satharn, 15 Lúnasa go dtí an Domhnach, 23 Lúnasa. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo https://www.heritageweek.ie

Snapshot of Fingal

Grianghraif d’Fhine Gall Fadó Snapshots of Fingal’s Past

Cuirtear grianghraif i láthair i nGrianghraif d’Fhine Gall Fadó a léiríonn Fine Gall fadó agus na scéalta a bhaineann leo. Taispeántas ar líne atá i gceist leis an tionscadal oidhreachta seo ina bhfuil scéalta daoine, áiteanna, spórt agus traidisiúin a sheol muintir Fhine Gall isteach chugainn. Chuir baill de Líonra Oidhreachta Fhine Gall scéalta óna gceantair i láthair agus taispeántar iad seo ar YouTube agus is féidir taitneamh a bhaint astu ní hamháin i rith Sheachtain na hOidhreachta, ach arís agus arís eile amach anseo. 

Chun súil a chaitheamh ar an taispeántas ar líne Grianghraf, téigh go dtí https://youtu.be/-uWnyVcCjJk 

 

Chuir baill de Líonra Oidhreachta Fhine Gall scéalta óna gceantair i láthair thíos:

Snapshots of Fingal's Past: Eamon Madden, Kettles Heritage Society  https://youtu.be/xVHrcLBEx34  

Snapshots of Fingal's Past: Pat Kelly, Lusk Heritage Group https://youtu.be/ehroU5cneLg

Snapshots of Fingal's Past: Jim Lacey, Blanchardstown/Castleknock Historical Society https://youtu.be/Bukkw7a_-9k

Snapshots of Fingal's Past: Brendan Grimes, Skerries Historical Society    https://youtu.be/591HAm0gWOY

Snapshots of Fingal's Past: Peader Bates, Donabate Historical Society https://youtu.be/X8qSbau1JoY

Snapshots of Fingal's Past: Eamonn Grogan, Donabate Historical Society https://youtu.be/XkRy69RxaL8

Snapshots of Fingal's Past: Jim Cullen, Howth Peninsula Heritage Society https://youtu.be/S4cYp0qr_oo

Snapshots of Fingal's Past: Cloghran Historical Society https://youtu.be/bBIQJpbat5Y

Snapshots of Fingal's Past: Swords Historical Society https://youtu.be/lfHO1OEqCmA

 

heritage from above

Oidhreacht Fhine Gall ón Spéir Fingal’s Heritage from Above

Seolfar sraith spreagúil freisin ina gcuirfear Oidhreacht Fhine Gall ón Spéir i láthair i rith Sheachtain na hOidhreachta. Sraith scannán atá i gceist leis an gcéad cheann ina bhfuil suíomhanna oidhreachta i bhFine Gall a sheolfar i rith Sheachtain na hOidhreachta 2020. Comhoibriú atá ann idir Mark Broderick, Oifigeach Digiteach, agus Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta, agus cuirfear tús leis an tsraith leis na scéalta fíorspéisiúla faoi Oileáin na Sceirí. 

Chun féachaint air, téigh go dtí https://youtu.be/AbtzS1YxRHI  

 

colour fingal

Oidhreacht Fhine Gall a Dhathú Colouring Fingal’s Heritage

Tá an leabhar iontach dathúcháin, Oidhreacht Fhine Gall a Dhathú, do dhíograiseoirí óga na hOidhreachta,ar fáil i rith Sheachtain na hOidhreachta 2020 ina bhfuil 24 léaráid álainn ina léirítear bunús shároidhreacht Fhine Gall. Tríd an oidhreacht chultúrtha agus an chruthaitheacht a thabhairt le chéile, tá mar chuspóir ag an bhfoilseachán seo chun na suíomhanna agus na scéalta seo a thabhairt i measc lucht féachana/éisteachta nua agus ilchineálach, idir óg agus (níos) aosta! Thug Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta, i gcomhar le Sara Nylund le Abarta Heritage, faoin tionscadal. Tá an leabhar dathúcháín ar fáil saor in aisce ó na leabharlann nó le híoslóidáil  anseo 

swords

Bliain i mBeatha Chaisleán Shoird A Year in the Life of Swords Castle

Chuir Imeachtaí Fhine Gall Bliain i mBeatha Chaisleán Shoird le chéile chun na himeachtaí beoga agus ilchineálacha a thaispeáint a thugann an pobal áitiúil le chéile i dtimpeallacht álainn Chaisleán Shoird. Is féidir níos mó a fheiceáil ar  https://www.youtube.com/watch?v=fQCtN43zwJk 

tree

Siúlóid Réidh i measc roinnt d’Oidhreacht Chrann na hÉireann A Gentle Amble through some of Ireland's Tree Heritage

Déanann Barry Smith le Leabharlanna Fhine Gall tráchtaireacht i bpodchraoladh dar teideal Siúlóid Réidh i measc roinnt d’Oidhreacht Chrann na hÉireann, a fhiosraíonn an fheidhm a bhí ag crainn i sochaí ársa na hÉireann. Caithfear súil ar conas a bhí brí agus siombalachas fite fuaite le miotais agus finscéalta agus taispeántar sa phodchraoladh conas a d’imir crainn tionchar ar ár sochaí luath agus conas a spreag siad ár gcéad aibítir. Chun níos mó a chloisteáil, téigh go dtí  https://soundcloud.com/user-977517789/a-gentle-amble-through-some-of-irelands-tree-heritage

Teacht le chéile fíorúil do Sheachtain na hOidhreachta ar Zoom

Tá an Ghaeilge an-tábhachtach i bhFine Gall agus is féidir le díograiseoirí teacht le chéile ar líne chun caint, scéalta a roinnt, dánta a léamh nó amhráin a chanadh i gcomhrá Zoom as Gaeilge Sheachtain na hOidhreachta, a chuirfidh Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Fhine Gall, Bernie Kelly, ar siúl.  Titfidh na himeachtaí seo amach Dé Céadaoin, an 19 Lúnasa ó 7pm (ID 822 3835 7119 Pasfhocal 143415) agus Dé Sathairn, an 22 Lúnasa ó 12 meán lae (ID 852 9829 7432 Pasfhocal 116058). Seol ríomhphost chuig [email protected] chun teacht ar eolas breise