DEIMHNÍONN AN ÚITA GO BHFUIL 202 TEACH INCHÁILITHE D’INSLIÚ BAILE

Noise Insulation Scheme

Tá an ÚITA freagrach as a chinntiú go gcuirtear Scéim Inslithe Torainn Aerfort Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm ar gach teach i limistéar ar a dtugtar “comhrian sainithe torainn”. Is é an comhrian imlíne, nó teorainn, an limistéir a shainaithnítear a bheith incháilithe d’insliú.

 

Déanann ÚABÁC na comhrianta torainn a léarscáiliú. Coimeádann ÚABÁC Clár Réadmhaoine Incháilithe freisin, ina dtugtar liosta de na tithe go léir laistigh de na comhrianta torainn. 

 

Chríochnaigh an ÚITA athbhreithniú le déanaí ar chomhrianta sainithe torainn ÚABÁC roimh an mbliain 2019 le haghaidh Scéimeanna Inslithe Torainn. Ba iad na scéimeanna seo:

  • An Scéim Inslithe Torainn Chónaithe (an SITC) a chuirtear i bhfeidhm ar thithe bunaithe ar a láthair maidir leis an gcead pleanála a deonaíodh do Rúidbhealach Comhthreomhar Thuaidh Aerfort Bhaile Átha Cliath;
  • An Clár Fuaiminslithe Baile (an CFIB) 2016 a chuirtear i bhfeidhm ar thithe a n-imríonn oibríochtaí reatha tionchar orthu ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

 

Léirítear i gClár Réadmhaoine Incháilithe ÚABÁC go bhfuil 125 réadmhaoin incháilithe do scéim inslithe baile an SITC agus go bhfuil 77 réadmhaoin incháilithe do scéim an CFIB.

 

Cén toradh a bhí ar athbhreithniú an ÚITA?

Deimhníonn an ÚITA go bhfuil 202 réadmhaoin incháilithe ann go fóill idir scéimeanna an SITC agus an CFIB, i.e. ní shainaithnítear aon réadmhaoin eile amhail bheith incháilithe le cur san áireamh ag an tráth seo.

 

Conas a rinneadh an t-athbhreithniú?

Rinne an ÚITA athbhreithniú agus anailís ar na comhrianta sainithe torainn agus an Clár Réadmhaoine Incháilithe trí thaighde deisce, cuairteanna a thabhairt ar an suíomh agus Geo-Eolaire An Post le haghaidh Fhine Gall.

 

Cén tionchar a imreoidh sé ar chónaitheoirí?

Ní imreofar aon tionchar ar chónaitheoirí mar gheall gur deimhníodh san athbhreithniú a rinne an ÚITA gur shainaithin ÚABÁC na comhrianta incháilithe torainn i gceart agus go ndearna sé Clár Réadmhaoine Incháilithe atá cothrom le dáta a choimeád.

 

An féidir réadmhaoin nua a chur leis?

Is féidir. Déantar soláthar sa chead pleanála don Rúidbhealach Thuaidh chun athbhreithniú a dhéanamh ar áiteanna cónaithe incháilithe laistigh de scéim an SITC gach dhá bhliain. Is é cuspóir an athbhreithnithe seo a chinntiú go ndéantar an torann a tuaradh a bhailíochtú in aghaidh leibhéil torainn iarbhír nuair a bhainfear feidhm as an rúidbhealach.

 

An féidir foirgnimh eile a chur san áireamh sa scéim?

Ní féidir, ach tá Scéim Inslithe Torainn Aerfort Bhaile Átha Cliath ar leith ann do scoileanna.