Toghann an Chomhairle Méara agus Leas-Mhéara nua

Toghadh Méara agus Leas-Mhéara nua ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil Chomhairle Contae Fhine Gall inniu.

Mayor fo Fingal, Cllr David Healy (right) and Deputy Mayor, Cllr Robert O'Donoghue

Toghadh an Comhairleoir David Healy ón gComhaontas Glas mar Mhéara Fhine Gall ag cruinniú bliantúil Chomhairle Contae Fhine Gall a tionóladh inniu ag an Ionad Taispeántais Náisiúnta i gClochrán.   

Toghadh an Comhairleoir Robert O'Donoghue ó Pháirtí an Lucht Oibre mar Leas-Mhéara.  

Chaill an Comhairleoir Joan Hopkins (Daonlathaithe Sóisialta) agus an Comhairleoir Punam Rane (Fine Gael) sa toghchán don Mhéara agus bhí an bua ag an gComhairleoir Healy, agus bhuaigh an Comhairleoir O'Donoghue i gcoinne an Chomhairleora Natalie Treacy (Sinn Féin) agus an Chomhairleora Rane sa toghchán don Leas-Mhéara.   

Toghadh an Comhairleoir Healy, a dhéanann ionadaíocht ar Thoghcheantar Bhinn Éadair-Mullach Íde, mar chomhairleoir den chéad uair i 1991. Bunaithe i mBinn Éadair, oibríonn sé mar thaighdeoir beartais um athrú aeráide.  

Tá an Comhairleoir O'Donoghue, a dhéanann ionadaíocht ar Cheantar Toghcháin an Rois-Lusca, ina bhall tofa ó 2018 nuair a comhthoghadh é chun a bheith in ionad an chomhairleora, Ken Farrell, a d’imigh ar scor.  

Thug comhairleoirí agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly ómós don Mhéara atá ag dul as oifig, an Comhairleoir Eoghan O'Brien, agus bhronn sí Bonn Cuimhneacháin ar an gComhairleoir O'Brien, chomh maith le hAlbam Grianghraf  ina bhfuil taifid ar a bhliain in oifig.    

Ghabh an Comhairleoir O'Brien buíochas leis an gComhairleoir Tom Kitt as a thacaíocht mar Leas-Mhéara i rith na bliana agus thug sé ómós do gach duine a chuidigh lena rath in oifig le linn na bliana.   

Bhí nóiméad ciúnais ann roimh an gCruinniú Ginearálta Bliantúil i gcuimhne ar an iar-Mhéara agus comhairleoir Mags Murray a fuair bás Dé Sathairn seo caite.    

Toghadh an Comhairleoir O'Donoghue freisin mar Chathaoirleach ar Choiste Ceantair Bhaile Brigín / An Rois-Lusca / Shoird a fuair an bua ar an gComhairleoir Dean Mulligan (Independents4Change).  

Toghadh an Comhairleoir Brian McDonagh (Lucht Oibre) mar Chathaoirleach ar Choiste Ceantair Bhinn Éadair/Mhullach Íde a fuair an bua ar an gComhairleoir Joan Hopkins (Daonlathaithe Sóisialta).

 Toghadh an Comhairleoir John Walsh (Lucht Oibre) mar Chathaoirleach ar Choiste Ceantair Bhaile Bhlainséir / Mullach Eadrad/ Caisleán Cnucha/ Ongar tar éis dó an bua a fháil ar an gComhairleoir Tania Doyle (Neamhspleách).   

Rachaidh na Comhairleoirí O'Donoghue, McDonagh agus Walsh i mbun a bpoist i mí Mheán Fómhair.