Ceisteanna Coitianta um Struchtúr na Comhairle agus Clár na dToghthóirí Struchtúr na Comhairle

Council Structure

Is ionadaithe chónaitheoirí an Chontae iad na Comhairleoirí Tofa ar Chomhairle Contae Fhine Gall . Tá cumhachtaí acu buiséid a shocrú, pleananna agus straitéisí a fhorbairt, vótáil ar rúin, agus feidhmeanna eile. Seiceáil an tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014 ar shuíomh Gréasáin Leabhar Reachtúil na hÉireann: http://www.irishstatutebook.ie/eli/2014/act/1/enacted/en/html

 

Tá daichead Comhairleoir ann. Díobh seo, toghann an Chomhairle Méara agus Leas-Mhéara.

Craoltar Cruinnithe na Comhairle, Cruinnithe Ceantair agus Coistí ar líne agus is féidir teacht orthu ar http://meetings.fingal.ie/ieDocHome.aspx?bcr=1

 

Is féidir leat Comhairleoirí do cheantair áitiúil a aimsiú, mar aon lena sonraí teagmhála, ag https://www.fingal.ie/council/councillors

Is í an Chomhairle Tofa a chinneann seirbhísí, beartais, pleananna agus straitéisí Chomhairle Contae Fhine Gall, agus cuireann an Fheidhmeannacht i bhfeidhm iad ansin.

Tá Príomhfheidhmeannach agus foireann Bhainistíochta Feidhmiúcháin i gceannas ar an bhFeidhmeannacht agus cuireann sí raon leathan seirbhísí agus áiseanna ar fáil, idir bhonneagar bóithre agus páirceanna, spásanna oscailte, ionaid phobail, leabharlanna agus tithíocht.

Clár na dToghthóirí

Is taifead é Clár na dToghthóirí díobh siúd go léir atá incháilithe vótáil faoi láthair i dtoghcháin áitiúla agus náisiúnta agus i reifrinn

Is féidir, tá foirmeacha iarratais chun do chuid sonraí a athrú, a leasú nó a chur leis an gClár ar fáil ar https://www.checktheregister.ie/PublicPages/AppForms.aspx

 

Comhlánaigh foirm RFA 2, déan í a stampáil ag do Stáisiún Garda áitiúil agus seol í ar ais chuig an Rannán Toghchóras, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, Príomhshráid,  Sord, Co Bhaile Átha Cliath. Cuimhnigh le do thoil go mbeidh d’ainm le feiceáil ar an gClár Forlíontach ar lá na vótála.

Mura ndearna tú iarratas in am chun tú féin a chur san áireamh ar an Dréachtchlár, is féidir leat iarratas a dhéanamh ag am ar bith den bhliain chun tú féin a chur san áireamh ar an gClár Forlíontach. Aistrítear tú go huathoibríoch ón gClár Forlíontach chuig an mBeochlár tráth a bhfoilsítear an chéad Bheochlár eile. Má tá tú ar an gClár Forlíontach beidh tú ag vótáil ag Tábla 1 sa Suíomh Vótaíochta ainmnithe. Seoltar Cártaí Vótaíochta dóibh siúd atá ar an gClár Forlíontach tar éis iad siúd atá ar an mBeochlár toisc go bhfuil an dáta deiridh chun iarratais a fháil chomh gar sin don Lá Vótaíochta.

Is é an dáta is déanaí ná 14 lá roimh Lá na Vótaíochta gan an Domhnach agus Laethanta Saoire Poiblí a áireamh. Má dhiúltaíonn an Chomhairle glacadh le d’iarratas dul ar an gClár is féidir leat an cinneadh seo a achomharc chuig an gCláraitheoir Contae.

Comhlánaigh Foirm RFA 3, déan í a stampáil ag do Stáisiún Garda áitiúil agus seol í ar ais chuig an Rannán Toghchóras, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, Príomhshráid,  Sord, Co Bhaile Átha Cliath. Cuimhnigh le do thoil go mbeidh d’ainm le feiceáil ar an gClár Forlíontach ar lá na vótála. Cuirfear tú go huathoibríoch ar an bPríomh-Chlár i leith na bliana dár gcionn.

Bíonn aithreachas orainn faoi mhílitriú agus ba chóir é sin a chur in iúl don Chomhairle nuair a fhoilsítear an dréachtchlár. Má tá tú déanach chun an chlár a sheiceáil, áfach, agus nach raibh tú ar an eolas faoi roimhe seo, cuir ríomhphost chuig register%6ffe%6cec%74%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected] leis an bhfrása “litriú mícheart d’ainm” i mbarra an ábhair. Féadann an oifig seo an cheist a chur in iúl don Oifigeach Cinnidh lena chinntiú go bhféadfaidh tú vóta a chaitheamh ar lá na vótála. Iarrfar ort fós cruthúnas aitheantais a thaispeáint.

Nó is féidir leat an fhoirm RFA 2 a íoslódáil, í a stampáil ag an nGarda Síochána agus an fhoirm a sheoladh ar ais chuig Comhairle Contae Fhine Gall.

D’fhéadfadh sé seo a bheith mar gheall ar chúiseanna éagsúla:

Mura gcuireann tú d’ainm agus do sheoladh isteach díreach mar atá siad liostaithe ar an gclár, ní aimseoidh tú do chuid sonraí. Mar shampla; déanann tú cuardach do ‘Príomhshráid’ nuair a thugtar Príomhbhóthar uirthi ar an gClár.

D’fhéadfaí d’ainm a bheith litrithe ar bhealach eile mar shampla O’Donnell, ODonnell, O’Donnell, Claire, Clare, Sean gan fada srl. Mura litríonn tú do chuardach sa bhealach a iontráiltear é ar an gcóras ní bheidh tú in ann teacht air do thaifid. Déantar gach iarracht a chinntiú go ndéantar d’ainm a litriú i gceart. Mura bhfuil, cuir in iúl dúinn é agus is féidir é a leasú ach é a iarraidh.

Tá tú ar an gclár forlíontach nach bhfuil le feiceáil ar líne.

Tá tú ar an dréachtchlár. Níl ar Chlár na dToghthóirí go dtí tar éis an 15 Feabhra den bhliain dar gcionn.

Is iad seo a leanas na cúinsí a cheadaítear é seo:

Sa chás go bhfaigheadh dlúthghaol teaghlaigh bás. Deimhneoidh an Chomhairle na sonraí go neamhspleách.

Sa chás go n-athraíonn riocht míochaine do gharghaoil an oiread sin nach féidir leo vótáil a thuilleadh. Teastaíonn Fianaise Leighis i bhfoirm dearbhaithe ó dhochtúir teaghlaigh an duine aonair.

Níl aon bhealach ag an gComhairle a fhios a bheith aici go bhfuil tú i do chónaí i réadmhaoin áirithe nó gur shlánaigh tú 18 mbliana d’aois. Tá sé de fhreagracht ar gach duine clárú le vótáil.

Is ortsa atá an fhreagracht teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle chun do thaifid a nuashonrú agus a chinntiú go bhfuil siad cruinn.

Is féidir. Ní insíonn an Cárta Vótaíochta duit ach cathain agus cá háit le vótáil. Ní sé ag teastáil uait chun vóta a chaitheamh. Is féidir leat na sonraí a dhearbhú trí www.checktheregister.ie ar an gClár clóite sa Leabharlann nó trí theagmháil a dhéanamh le Rannóg Toghchóras Chomhairle Contae Fhine Gall ag 01-8905992 nó [email protected] . Ní riachtanas é an Cárta Vótaíochta a thaispeáint ar Lá na Vótala. Iarrtar ort cruthúnas aitheantais a bheith agat is cuma an bhfuil Cárta Vótaíochta agat nó nach bhfuil.

D’fhonn a bheith incháilithe chun vótáil caithfidh tú a bheith i do chónaí in Éirinn an 25 Meán Fómhair gach bliain. Mura mbíonn tú i do chónaí in Éirinn de ghnáth, níor cheart duit a bheith cláraithe chun vótáil ar chor ar bith.  Níl aon chóras ann do Shaoránaigh na hÉireann a chónaíonn thar lear a bheith ar Chlár na dToghthóirí nó chun vóta a chaitheamh. Is iad na heisceachtaí amháin ná baill den Arm, den Gharda Síochána nó den tSeirbhís Eachtrach a chuirtear ar post iad thar lear. Caithfidh na daoine seo iarratas a dhéanamh ar vóta poist toisc nach mbronntar í go huathoibríoch.

Má tá a fhios agat roimh ré nach mbeidh tú i do ghnátháit ar Lá na Vótaíochta ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Vóta Poist roimh ré. Ba chóir go mbeadh an chúis a bhfuil an Vóta Poist ag teastáil uait a bheith i d’iarratas. Féadfar vótaí poist a dhámhachtain do dhaoine atá ag obair as baile nó ag staidéar san Ollscoil.

Earcaíonn an Ceann Comhairimh Contae gach ball foirne a oibríonn ar Lá na Vótaíochta agus ar an gComhaireamh. Is féidir iarratais a dhéanamh chuig [email protected] .  Nó [email protected] .  Níl aon ról ag Comhairle Contae Fhine Gall maidir le haon obair a bhaineann leis an Stáisiún Vótala ná leis an gComhaireamh a dhámhachtain.

Is é cuspóir Chlár na dToghthóirí liosta a choinneáil de dhaoine atá incháilithe le vótáil. Tá formhór na dtoghthóirí ina gcónaí in eastáit agus tá seoladh aonfhoirmeach acu i.e. uimhir tí, ainm bóthair, ainm ceantair. Iontráiltear na seoltaí ó na prótacail ainmniúcháin agus uimhrithe laistigh den Roinn Pleanála. Is é tástáil na cruinnis ná cibé an seoltar nó nach seoltar an Cárta Vótaíochta chugat. Ní athrófar an Clár chun rogha duine a léiriú gurb é Port Mearnóg seachas Baile Dúil nó Cill Fhionntain seachas Binn Éadair. Más é Cill Fhionntain do sheoladh agus má liostaítear go mícheart é gurb i mBinn Éadair é, athrófar na taifid.

I gceantar tuaithe bunaítear an Clár de réir Ainmneacha Bailte Fearainn. Déantar monatóireacht dhian ar ainmneacha na mbailte fearainn chun cosc a chur ar an staid ina liostaítear comharsana i mbaile fearainn éagsúla. Cé go bhfuil comharsana ag pointe áirithe, i gceart, i mBailte Fearainn difriúla níl an Chomhairle ag iarraidh cás in bhfuil daoine cláraithe sa Bhaile Fearainn mícheart mar go mbíonn siad mar chúis le hearráidí mar iontrálacha dúblacha nó leis an duine mícheart á scriosadh dá bharr.

Má bhraitheann tú go bhfuil do sheoladh mícheart go dtí an pointe nach seachadfar do Chárta Vótaíochta déan teagmháil leis an gComhairle ag [email protected]   nó 018905992.

Gach bliain mar chuid den phróiseas Dréacht-Chlár, caithfear leasuithe a dhéanamh ar an gClár. Foilsítear an Dréachtchlár i mí na Samhna gach bliain. Má tá an Chomhairle ag déanamh leasaithe ar do thaifead, tar éis an Dréacht a fhoilsiú, scríobhtar chugat chun fógra a thabhairt duit agus an deis a thabhairt duit trácht a dhéanamh ar an gcinneadh agus achomharc a dhéanamh ina leith.

Ní hé. Is é an dáta sin an dáta is déanaí chun leasuithe a dhéanamh ar an dréachtchlár don bhliain dár gcionn.