Ceisteanna Coitianta maidir leis an seirbhís ‘Déan Teagmháil agus Bailigh’

Cathain a bheidh an tseirbhís ‘Déan Teagmháil agus Bailigh’ ag tosú?

 

Tosóidh an tseirbhís ‘Déan Teagmháil agus Bailigh’ Dé Luain an 8ú Meitheamh.

 

Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an leabharlann chun leabhair a iarraidh?

 

Tá seacht gcinn dár leabharlanna ag glacadh páirte sa tseirbhís ‘Déan Teagmháil agus Bailigh.’ Tá na leabharlanna sin i mBaile Bhlainséir, Baile Dúill, Baile Gháire, Binn Éadair, An Ros, Na Sceirí agus Sord.

 

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár leabharlanna rannpháirteacha ar an bhfón nó ar ríomhphost anseo.

 

 An féidir liom am a roghnú chun mo leabhair a bhailiú?

 

Laistigh dár ngnáthuaireanta oscailte, déanfaimid ár ndícheall am bailiúcháin a oireann duit a thairiscint duit.

 

An féidir liom rud éigin a chur in áirithe?

Ní féidir. Bhí orainn stoc ar líne a mhúchadh fad a bhí na leabharlanna dúnta, agus níl a fhios againn go fóill cathain a bheimid in ann iad a chasadh ar siúl arís. Is féidir leat, áfach, ár gcatalóg a sheiceáil le haghaidh a bhfuil ar fáil i bhFine Gall agus teagmháil a dhéanamh linn chun an t-earra sin a iarraidh. Má tá sé ar fáil le tabhairt ar iasacht in aon cheann de na seacht leabharlanna Fhine Gall rannpháirteacha, gheobhaimid duit é.

 Má chuir mé earra in áirithe sular dhún na leabharlanna an féidir liom a sheiceáil an bhfuil sé ar fáil?

Is féidir, déan teagmháil le ceann de na seacht leabharlanna rannpháirteacha.

 

Níl an t-údar nó an leabhar atá uaim ar fáil: cad is féidir liom a dhéanamh?

 

Mura bhfuil an leabhar áirithe atá uait ar fáil, is féidir leat leabhair nó údair eile sa seánra céanna a iarraidh nó iarraidh ar fhoireann na leabharlainne rogha a dhéanamh duitse.

 

An féidir liom leabhair a thabhairt ar ais?

 

Is féidir leat, beimid ag tógáil leabhair ar ais ach sna leabharlanna rannpháirteacha sin amháin agus le linn gnáthuaireanta oscailte na seirbhíse. Déan teagmháil leis an mbrainse is mian leat d’earraí a ligean isteach ann roimh ré. D’fhéadfadh go mbeadh na hamanta seirbhíse éagsúil agus caithimid a chinntiú go ndéantar an t-ábhar go léir a láimhseáil go sábháilte.

 

 Tá an leabhar atá uaim i gcathair nó i gcontae eile: an féidir liom an leabhar a iarraidh?

 

Ní féidir. Faoi láthair ní féidir linn ach leabhair a sholáthar ónár leabharlanna Fhine Gall rannpháirteacha féin.