Athosclóidh Leabharlanna Fhine Gall le seirbhís ‘Déan Teagmháil agus Bailigh’ do bhaill ón Luan

Beidh Leabharlanna Fhine Gall ag athoscailt ón Luan seo chugainn (8 Meitheamh) le seirbhís ‘Déan Teagmháil agus Bailigh’ a ligfidh do bhaill leas a bhaint as próiseas simplí chun leabhair, DVDanna agus ábhair eile a fháil ar iasacht ón mbrainse leabharlainne is gaire dóibh agus iad ag cloí le treoirlínte sláinte poiblí.

Iarrtar ar bhaill na céimeanna simplí seo a leanúint:  

  1. Déan teagmháil linn ar an bhfón nó trí ríomhphost
  2. Roghnófar leabhair duit
  3. Bailigh do leabhair trí choinne amháin
  4. Léigh ar do shuaimhneas
  5. Tabhair ar ais iad nuair a bheidh tú críochnaithe leo

At dtús, beidh spásanna leabharlainne teoranta d’fhoireann na leabharlainne agus ní bheidh rochtain ag an bpobal orthu ach amháin don tseirbhís ‘Déan Teagmháil agus Bailigh’ ach, sa deireadh, tosóidh leabharlanna ag athoscailt foirgnimh do líon teoranta i gcomhréir le treoir sláinte poiblí agus ag cur bearta um fhadú sóisialta i bhfeidhm.

Tá réimse leathan earraí i Leabharlanna Fhine Gall lena n-áirítear leabhair, leabhair cainte, cló mór agus rogha teoranta DVDanna. Níl aon dearbhú ann maidir le teideal do rogha féin, ach is féidir leis an bhfoireann leabhair a roghnú leis an údar/seánra nó ábhar is fearr leat. Is féidir ábhair leabharlainne a bhailiú agus a fháil ar iasacht ar feadh tréimhse iasachta trí seachtaine agus más gá, is féidir leis an bfhoireann líon na n-earraí ar do chuntas agus tréimhse na hiasachta a leasú. Ná bí buartha mura bhfuil tú i do bhall de leabharlanna Fhine Gall, is féidir leat clárú gan aon stró.

Beidh an tseirbhís ‘Déan Teagmháil agus Bailigh’ ar fáil ag na leabharlanna brainse seo a leanas ón Luan an 8ú Meitheamh – Leabharlanna i mBaile Bhlainséir, Baile Dúill, Baile Gháire, Binn Éadair, An Ros, Na Sceirí agus Sord.

Ba cheart do bhaill a thabhairt faoi dheara go bhfuil leabharlanna Mhullach Íde agus Bhaile Brigín dúnta faoi láthair le haghaidh oibreacha athchóirithe. Tá leabharlann Dhomhnach Bat dúnta toisc go bhfuil sí suite taobh istigh d’Ionad Pobail & Fóillíochta Dhomhnach Bat agus Phort Reachrann. Tá Comhairle Contae Fhine Gall i mbun teagmhála le Bord Ionad Pobail Dhomhnach Bat agus Phort Reachrann chun bearta a chur i bhfeidhm chun an t-ionad agus an leabharlann a oscailt.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gcéad leabharlann eile is gaire duit sa líonra chun leas a bhaint as an seirbhís ‘Déan Teagmháil agus Bailigh’. Cuirfear nuashonruithe ar an dul chun cinn i dtreo athoscailt na leabharlann seo ar ardáin meán sóisialta Leabharlanna Fhine Gall agus ar láithreán gréasáin fingal.ie

Déan teagmháil leis na leabharlanna seo le do thoil sula bhfreastlaíonn tú toisc go bhfuil na huaireanta oscailte éagsúil agus caithfear socruithe a dhéanamh maidir le stoc leabharlainne a thabhairt ar ais agus a láimhseáil go sábháilte:

Leabharlann Bhaile Bhlainséir       8905563 / 8905784                [email protected]

Leabharlann Bhaile Dúill       8906793 / 8906794                [email protected]

Leabharlann Bhaile Gháire    8355020                                  [email protected]

Leabharlann Bhinn Éadair      8905026                                  [email protected]

Leabharlann an Rois              8708414                                  [email protected]

Leabharlann na Sceirí             8905671                      [email protected]

Leabharlann Shoird                 8905582 / 8905894                [email protected]
 

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’ Brien: “Fáiltím roimh an seirbhís nua ‘Déan Teagmháil agus Bailigh’ atá á tairiscint ag Leabharlanna Fhine Gall mar chuid dá n-athoscailt faoi chéim 2 de Threochlár an Rialtais chun an sochaí agus an gnó a athoscailt. Tá an líonra leabharlainne ag cur seirbhís iontach ar fáil do dhaoine áitiúla le linn tréimhse Covid-19, agus is rogha nua iontach é an tseirbhís nua seo do bhaill.”

Dúirt Leabharlannaí an Chontae, Betty Boardman: “Táimid an-sásta gur féidir le Leabharlanna Fhine Gall seirbhís ‘Déan Teagmháil agus Bailigh’ a thairiscint don phobal anois agus muid ag tosú ar athoscailt ár leabharlann. Bhí an tréimhse Covid-19 deacair dár n-iasachtaithe, go háirithe do leanaí, ach cuideoidh sé seo i dtreo ábhar léitheoireachta breise a sholáthar dóibh.”

Dúirt Margaret Geraghty, Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail ag Comhairle Contae Fhine Gall: “Táimid ag tnúth le hathoscailt chéimnithe ár leabharlann agus treoir sláinte poiblí á cur san áireamh. Comhlánóidh an tseirbhís “Déan Teagmháil agus Bailigh’ an obair iontach atá déanta ag ár bhfoireann leabharlainne le roinnt seachtainí anuas, ag soláthar rochtana ar líne ar ár seirbhísí.”