Ceisteanna Coitianta um Leabharlanna

Ceisteanna Coitianta maidir le Leabharlanna

Tá ballraíocht i Leabharlanna Fhine Gall SAOR IN AISCE do gach duine.

Is féidir leat clárú ar líne ag Leabharlanna Éireann

Is féidir sonraí iomlána a fháil ar ár nDoiciméad um Théarmaí agus Coinníollacha Ballraíochta

 

Tá ballraíocht i Leabharlanna Fhine Gall SAOR IN AISCE do gach duine.

Is féidir leat clárú ar líne ag Leabharlanna Éireann

Is féidir sonraí iomlána a fháil ar ár nDoiciméad um Théarmaí agus Coinníollacha Ballraíochta

 

Is féidir le baill breathnú ar a gcuntais leabharlainne ar líne lena n-áirítear earraí a athnuachan agus a iarraidh.

Chun rochtain a fháil ar do chuntas beidh an méid seo a leanas uait:

Uimhir chárta ballraíochta 14 dhigit agus

UAP 4 dhigit (Uimhir Aitheantais Phearsanta)

Chun UAP a chlárú, taispeáin do chárta leabharlainne go pearsanta do bhall foirne i do leabharlann áitiúil.

Is féidir leat an Chatalóg Ar Líne a chuardach ón mbaile. Féadfaidh tú leabhair a iarraidh agus a athnuachan ar líne freisin.  Mura bhfuil an teideal atá á lorg agat ar ár gcatalóg déan teagmháil le do leabharlann áitiúil

 

Is féidir leat leabhair, DVDanna, Sraith Uirlisí Sábhála Fuinnimh agus CDanna Ceoil a fháil ar iasacht.

Féadfaidh tú suas le 12 earra a fháil ar iasacht ar do chárta leabharlainne.

Is féidir an chuid is mó de na míreanna a fháil ar iasacht ar feadh tréimhse iasachta 3 seachtaine.

Go pearsanta, ag do leabharlann áitiúil trí do chárta leabharlainne a thabhairt chuig deasc na leabharlainne nó ar na bothanna féinseirbhíse.

Trí ghlaoch a chur ar do leabharlann áitiúil (bíodh do chárta ballraíochta réidh le do thoil).

Ar líne , trí logáil isteach i do chuntas leabharlainne.

Ní féidir leat earra atá curtha in áirithe ag duine eile a athnuachan, nó i gcás gur sroicheadh a teorainn athnuachana cheana féin.

Ó Eanáir 2019, níl aon fhíneálacha ar earraí atá thar téarma/déanach. Seolfar fógraí thar téarma le téacs agus r-phost mar mheabhrúcháin fós. 

Iarrfar ort muirear athsholáthair a íoc más earra do dhaoine fásta an rud a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dó. Ríomhfar an costas seo mar phraghas ceannaigh na míre.  Is féidir muirir athsholáthair a íoc ag aon bhrainse leabharlainne, is cuma cá as a tháinig an earra. Nó is féidir leat cóip athsholáthair a sholáthar dúinn.

Ní ghearrtar aon táille athsholáthair ar earraí leanaí a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh.

Tabhair faoi deara le do thoil, mura bhfuil an caillteanas nó an damáiste curtha in iúl agat don leabharlann, cuirfear bac sealadach ar do chárta ó earraí a fháil ar iasacht nó a athnuachan, lena n-áirítear r-leabhair agus leabhair r-fhuaime go dtí go gcuirfidh tú ball foirne leabharlainne ar an eolas.

Is féidir le baill na leabharlainne leabhair nó earraí eile a iarraidh (nó a chur in áirithe) trí na treoracha seo a leanúint .

Chun ríomhleabhar nó ríomh-chlosleabhair a fháil ar iasacht níl uait ach cárta leabharlainne agus uimhir UAP - atá ar fáil ó do leabharlann áitiúil .
Logáil isteach inár seirbhís ríomhleabhair anseo .
Ansin is féidir leat ríomhleabhair a íoslódáil saor in aisce ar do léitheoir táibléid, fón cliste nó ríomhleabhair lena n-áirítear Kindle Fire ach ní Kindle. 

Tá ríomhairí pearsanta poiblí agus/nó táibléid ar fáil le húsáid ag an bpobal i ngach leabharlann i bhFine Gall. Tá sé SAOR IN AISCE ríomhaire, an t-idirlíon agus WIFI a úsáid.  Tabhair faoi deara go dteastaíonn Uimhir UAP uait d’fhonn rochtain a fháil ar WIFI.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi ríomhairí agus faoin Idirlíon a fháil sa chuid um Beartas Idirlín ar ár suíomh Gréasáin.

Tá gairis táibléid ar fáil le húsáid i roinnt dár mbrainse leabharlanna.  Téigh chuig ár suíomh Gréasáin le haghaidh tuilleadh faisnéise ar ár mBeartas Iasachta Táibléad .

Tá fáilte roimh iasachtaithe a gcuid ríomhairí glúine, táibléad srl. a úsáid inár leabharlanna.

Cosnaíonn priontaí agus fótachóipeanna A4 Dubh agus Bán .20c in aghaidh an leathanaigh. Cosnaíonn priontaí agus fótachóipeanna A4 Daite .60c in aghaidh an leathanaigh

Cosnaíonn doiciméid scanadh .20c ar feadh suas le 10 leathanach.

Íoslódáil ár nAip Leabharlainne, ríomh-chlosleabhair, ríomhleabhair, Ceol, Irisí agus Nuachtáin ó raon leathan atá ar fáil.

Cuirimid na céadta cúrsa ar fáil saor in aisce do gach ball de leabharlann Fhine Gall.

Faigh tuilleadh faisnéise anseo

 

Tá eagráin reatha de nuachtáin (náisiúnta agus áitiúil) i gcóip chrua ar fáil le brabhsáil ag do leabharlann áitiúil. 

Tá Cartlann Dhigiteach an Irish Times ar fáil ar líne agus saor in aisce i do leabharlann áitiúil. Sa chartlann dhigiteach tá an Irish Times ar fad óna chéad eagrán i 1859 go dtí an lá inniu.

Tá bailiúchán de leabhair staire áitiúla i ngach leabharlann brainse Fhine Gall.

Féach an Rannán um Sheirbhísí Staidéar Áitiúil agus Cartlainne le do thoil chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil maidir le bailiúcháin staire áitiúla atá i leabharlanna Fhine Gall.

Le haghaidh liostaí imeachtaí inár leabharlanna brainse uile féach ar ár suíomh Gréasáin anseo

 

Teagmháil agus Bailigh

Tosóidh an tseirbhís teagmhála agus bailithe leabharlainne Dé Luain an 8 Meitheamh 2020.

Tá seacht gcinn dár leabharlanna ag glacadh páirte sa tseirbhís teagmhála agus bailithe.  Tá na leabharlanna sin i mBaile Bhlainséir, Baile Dúil, Baile an Gharráin, Binn Éadair, an Ros, na Sceirí agus Sord.

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh lenár leabharlanna rannpháirteacha ar an bhfón nó ar r-phost anseo .

Laistigh dár ngnáthuaireanta oscailte, déanfaimid ár ndícheall am bailiúcháin a oireann duit a thairiscint duit.

Ní féidir. Bhí orainn áirithintí ar líne a mhúchadh fad a bhí na leabharlanna dúnta, agus níl a fhios againn go fóill cathain a bheimid in ann iad a chasadh air arís. Féadfaidh tú ár gcatalóg a sheiceáil, áfach, lena bhfuil ar fáil i bhFine Gall agus teagmháil a dhéanamh linn chun an mhír sin a iarraidh. Má tá sé ar fáil le tabhairt ar iasacht in aon cheann de na seacht leabharlann Fine Gall rannpháirteacha, gheobhaidh muid é ar do shon.

Is féidir, déan teagmháil le ceann de na seacht leabharlann rannpháirteacha.

Mura bhfuil an leabhar áirithe atá uait ar fáil, féadfaidh tú leabhair nó údair eile sa seánra céanna a iarraidh nó iarraidh ar fhoireann na leabharlainne rogha a dhéanamh duitse.

Is féidir, beimid ag tabhairt leabhair ar ais ach sna leabharlanna rannpháirteacha sin amháin agus le linn gnáthuaireanta oscailte na seirbhíse.  Téigh i dteagmháil leis an mbrainse is mian leat chun do chuid earraí a thabhairt isteach roimh ré. D’fhéadfadh go mbeadh na hamanna seirbhíse éagsúil agus caithfimid a chinntiú go ndéantar an t-ábhar go léir a láimhseáil go sábháilte.

Faoi láthair ní féidir linn ach leabhair a sholáthar ónár leabharlanna rannpháirteacha atá lonnaithe i bhFine Gall.

Cliceáil anseo chun ár leathanach um Leabharlanna Fhine Gall a fheiceáil.

 

 

Operations Frequently Asked Questions