Oidhreacht Nádúrtha

Tagraíonn oidhreacht nádúrtha d’eilimintí uile na bithéagsúlachta, lena n-áirítear flóra agus fána, éiceachórais agus struchtúir gheolaíochta. 

 

Inár n-oidhreacht nádúrtha, cuimsítear an éagsúlacht saoil a fheicimid timpeall orainn gach lá ar a dtugtar bithéagsúlacht go minic, a bunús fisiceach nó geolaíoch agus na tírdhreacha a bhfuil ár dtimpeallacht comhdhéanta de. Is éard atá i gceist le bithéagsúlacht ná gach rud ó chrainn go fiailí, ó mhamaigh go héin agus ón gcósta go dtí an tuath. Is rud ríthábhachtach dár sláinte, dár bhfolláine agus do cháilíocht beatha ár bpobail é ár mbithéagsúlacht agus ár dtírdhreacha a chosaint agus a fheabhsú. Léigh níos mó anseo .

Teagmháil: Hans Visser, Oifigeach Bithéagsúlachta

Ríomhphost: [email protected] "> [email protected]

Teil: 01 890 5605  

An Dúlra i bhFoirgnimh 

Ag cruthú nasc idir ár n-oidhreacht thógtha agus nádúrthaTá leabhar agus físeán nua ar fhiadhúlra i bhfoirgnimh cruthaithe ag comhpháirtíocht Birdwatch Ireland le Líonra Oifigeach Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil. Leagann Wildlife in Buildings béim ar thábhacht na timpeallachta tógtha don fhiadhúlra agus déanann sé ceiliúradh ar na speicis atá tar éis dul in oiriúint chun cónaí linn agus ár dtithe a roinnt, agus na bearta is féidir linn a ghlacadh chun a chinntiú go ndéanaimid spás don dúlra.

Is féidir an físeán a rinne Cairde Éanlaith Éireann agus léiriúcháin Crow Crag i gcomhpháirtíocht le Comhairlí Contae Laoise, an Chláir agus Thiobraid Árann, le tacaíocht ón gCiste Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Áitiúil, a fheiceáil thíos.

An Dúlra i bhFoirgnimh ar youtube https://www.youtube.com/watch?v=5lQt3C8uI5E

Is iad Cairde Éanlaith Éireann, Comhairle Contae Chiarraí agus Comhairle Contae Dhún na nGall a chuir an leabhrán ‘Fiadhúlra i bhFoirgnimh: ag nascadh ár n-oidhreacht thógtha agus nádúrtha’ le chéile, le maoiniú ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta trí Chiste an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht.

Íoslódáil saor in aisce thíos, bailigh cóip ó Leabharlanna Fhine Gall nó déan teagmháil le hOifig Oidhreachta Fhine Gall chun cóip saor in aisce a fháil.

Download Wildlife in Buildings booklet

Íoslódáil  An Dúlra i bhFoirgnimh

An Dúlra i bhfoirgnimh

Garraíodóireacht ar son na Bithéagsúlachta

Leabhrán nua saor in aisce is ea Garraíodóireacht ar son na Biithéagsúlachta ó Líonra Oifigeach Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil chun cabhrú le gach duine cuidiú le fiadhúlra ina ngairdíní. Smaoineamh Juanita Browne é, agus chuir Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil ar fud na hÉireann an leabhrán le chéile, le cabhair ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus ón gComhairle Oidhreachta.

Sa treoir, tugtar breac-chuntas ar na gníomhaíochtaí is féidir a dhéanamh chun gairdíní d’éin, beacha, féileacáin, ialtóga agus go leor eile a fheabhsú le tionscadail de gach cineál atá oiriúnach do gach duine.

Bunaithe ar an leabhrán Garraíodóireachta ar son na Biithéagsúlachta le Juanita Browne, d’fhorbair Oifig Oidhreachta Laoise sraith físeán - idir conas móinéar bláthanna fiáine a chruthú agus do lochán gairdín féin a thógáil.

https://www.youtube.com/watch?v=4yYNNxjX8Cg

https://www.youtube.com/watch?v=VRN1sp78jHk

https://www.youtube.com/watch?v=fJTqM14vOHU

https://www.youtube.com/watch?v=inYVm5PuupI

https://www.youtube.com/watch?v=iZJkbd0CLvg

https://www.youtube.com/watch?v=nJ3NBlXFCxk

 

Natural Heritage-Ardgillan

Láithreáin Gheolaíochta an Chontae

D'aithin Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann (GSI) 21 Láithreán Geolaíochta Contae i bhFine Gall ar láithreáin geolaíochta iad a bhfuil tábhachtach réigiúnach agus náisiúnta ag baint leo. Tá cur amach againn ar roinnt acu, mar shampla na carraigeacha fillte ag Droim Meánach atá le feiceáil i go leor leabhar tíreolaíochta scoile. Is ábhar de níos mó iontais iad suíomhanna eile cosúil leis an mbollán gar do Theach Ard Giolláin nó Tobar Muire i Mullach Eadrad. Léigh níos mó anseo 

Tírdhreacha

Tagann gach gné den oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha le chéile inár dtírdhreach chun muintearas láidir agus folláine a thabhairt dúinn. Is é coinbhinsiún Tírdhreacha na hEorpa, a dhaingnigh Éire sa bhliain 2002, an bonn le haghaidh bainistíochta tírdhreacha uilechuimsithí agus rannpháirtí. I measc na tírdhreacha atá mar shaintréith ag Fine Gall tá na tírdhreacha arda na hAille; na tírdhreacha réchnocach de ghleannta Abhann an Bharda agus Abhann Ghabhra; na hinbhir, gleannta abhann, canálacha chomh maith leis na tírdhreacha ísle timpeall an tSeanbhaile, Bhaile Bachaille agus Lusca. Faoi dheireadh an tírdhreach Cósta ina bhfuil tránna, oileáin agus cinn tíre.

Féachann tréithriú tírdhreach stairiúil le forbairt stairiúil thírdhreach an lae inniu a shainaithint agus a thuiscint trí anailís a dhéanamh ar an méid a chuireann próisis stairiúla roimhe seo le carachtar an tírdhreacha. Ag baint úsáide as foinsí stairiúla, mapáil agus GIS tógtar na sraitheanna úsáide talún le himeacht ama, agus déantar pictiúr iomlánaíoch den tírdhreach ársa agus nua-aimseartha. Tá siad úsáideach le haghaidh pleanáil straitéiseach, caomhnú agus taighde, agus léiríonn na staidéir seo nádúr ár dtimpeallacht atá á fhorbairt i gcónaí.  

Tuarascáil HLC Bhaile Brigín 

Grafaic HLC Bhaile Brigín

Téacs HLC Shoird
 Léarscáileanna HLC Shoird Cuid 1
 Léarscáileanna HLC Shoird Cuid 2
 Léarscáileanna HLC Shoird Cuid 3
 Léarscáileanna HLC Shoird Cuid 4
 Léarscáileanna HLC Shoird Cuid 5
 Léarscáileanna HLC Shoird Cuid 6

HLC Dhomhnach Bat Port Reachrann  - Téacs
 HLC Dhomhnach Bat Port Reachrann - Léarscáileanna Cuid 1
 HLC Dhomhnach Bat Port Reachrann - Léarscáileanna Cuid 2
 HLC Dhomhnach Bat Port Reachrann  - Léarscáileanna Cuid 3
 HLC Dhomhnach Bat Port Reachrann  - Léarscáileanna Cuid 4  

Natural Heritage Dublin Biosphere

Bithsféar Bhá Bhaile Átha Cliath

Is áiteanna iad Tearmainn Bhithsféir ina nascann an dúlra agus daoine. Is limistéir iad a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu as a n-éagsúlacht bhitheolaíoch ach ag an am céanna a dhéantar a bhainistiú go gníomhach freisin chun caidreamh dearfach idir daoine agus an dúlra a chur chun cinn. Síneann Bithsféar Bhá Bhaile Átha Cliath go dtí os cionn 300km2, agus tá níos mó ná 300,000 duine ina gcónaí ann. Tá sé á bhainistiú ag Comhpháirtíocht Bithsféir Bhá Bhaile Átha Cliath, atá comhdhéanta d’Údaráis Áitiúla Bhaile Átha Cliath, Cuideachta Chalafort Bhaile Átha Cliath, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra, grúpaí pobail áitiúla agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Léigh tuilleadh ar  https://www.dublinbaybiosphere.ie/     

Natural heritage coastal landscape

An Cósta

Tá go leor éiceachóras íogair sa limistéar cósta, idir córais dumhcha gainimh go hinbhir atá saibhir i saol muirí agus éan. Léirítear tábhacht an chósta i líon na limistéar cosanta a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leo lena n-áirítear cuan Bhaile Dúil, inbhear Mhullach Íde agus inbhear Bhaile Roiséir atá ina suíomhanna a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leo maidir le lachain gheimhridh, géanna, lapairí agus a ngnáthóga. Tá dhá cheantar ann freisin Baile Brigín/ na Sceirí agus Mullach Íde atá ina Limistéir Sliogéisc ainmnithe atá chun tacú le beatha sliogéisc agus le fás moilisc lena n-áirítear oisrí, diúilicíní, ruacain, muiríní agus breallaigh.  

Bonneagar Glas

Is cur chuige nuálach é Bonneagar Glas maidir le seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais a chothabháil sa tírdhreach níos leithne, rud a sholáthraíonn raon leathan de shochair chomhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch do phobail. Tá roinnt príomhthéamaí i mBonneagar Glas Fhine Gall - Bithéagsúlacht, Páirceanna, Spás Oscailte agus Áineas, Bainistíocht Uisce Inbhuanaithe, Oidhreacht Seandálaíochta agus Ailtireachta agus Tírdhreach.