Tá “an beart á Dhéanamh” Ag an oifig fiontair áitúil do ghnólachtaí

Local Enterprise Week Launch 2

Sheol Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ) Fhine Gall sraith imeachtaí agus tionscnaimh spreagúla ghnó a thitfidh amach ar fud an Chontae i rith Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla (SFÁ), a bheidh ar siúl i mbliana idir an 2 agus an 6 Márta.

 

I mbliana, cuirfear roinnt mhaith imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar siúl i rith SFÁ Fhine Gall atá dírithe ar ghníomhaíocht ghnó a spreagadh go háitiúil, i gcomhar le príomheagraíochtaí éagsúla tacaíochta gnó agus gníomhaireachtaí stáit, an méid seo a leanas ina measc: Fiontraíocht Éireann, Plato Dublin, Comhlachais Tráchtála, Ionaid Fiontair, Empower, IBM Ireland agus PayPal Ireland, i measc cinn eile. Chuir OFÁ Fhine Gall fáilte i rith Sheachtain na Fiontraíochta anuraidh roimh bhreis agus 1,500 úinéir/bainisteoirí gnólachta chuig na himeachtaí éagsúla i bhFine Gall.

 

Ag an seoladh, a thit amach san Aitriam in Áras an Chontae, Sord, thug Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien, chun solais gur gá d’fhiontair bheaga an deis a thapú mar ardán chun borradh gnó a luathú: “Trínár nOifig Fiontair Áitiúil, tá seirbhísí agus cúnamh ríthábhachtach á gcur ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall dár ngnólachtaí áitiúla, lena chinntiú go bhfuil an réimse tacaíochtaí stáit atá ar tairiscint á gcur ar fáil dóibh.” Is mian linn a chinntiú go bhfuil ar chumas gan stró ag ár FBManna chun teacht i dtír ar na cláir agus na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh tríd an OFÁ agus comhlachtaí stáit eile”.

 

Dúirt Oisín Geoghegan, Cathaoirleach an Ghréasáin OFÁanna agus Ceann Fiontraíochta i bhFine Gall: “Tá rogha iontach deiseanna againn do dhuine ar bith atá bainteach i ngnólacht reatha nó i ngnólacht nuathionscanta. Beidh na himeachtaí ar siúl i láithreacha éagsúla ar fud Fhine Gall. Faoi mar a bhí i gceist blianta roimhe seo, beidh gach áit sna himeachtaí seo curtha in áirithe roimh ré, mar sin, spreagaimid duine ar bith ar spéis leo páirt a ghlacadh chun áit a chur in áirithe a thapúla agus is féidir chun nach mbeidh díomá orthu.”

 

Cuirfear tús buacach leis an tseachtain maidin Dé Luain, an 2 Márta nuair a chuirfear Grodchúrsa dian leathlae do Ghnólachtaí Nuathionscanta ar siúl i dTeach Dhroichid Nua i nDomhnach Bat, a bheidh dírithe ar chabhrú leo siúd a bhfuil smaoineamh acu do ghnólacht nua, nó duine ar bith a bhfuil gnólacht bunaithe acu le déanaí. Leanfar ar aghaidh go gasta um thráthnóna le ceardlann thiomnaithe Scileanna Ceannaireachta ag Óstán an Marine i gCill Fhionntain agus Máistir-Rang Digiteach ag Ceanncheathrú PayPal i mBaile Cúlann.

 

Ar an dara lá, Dé Máirt, an 3 Márta, tiocfaidh gnólachtaí áitiúla i láthair le Comhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath Fhine Gall chun freastal ar bhricfeasta líonraithe a dhíreoidh ar roinnt fiontraithe rathúla, ar a tugtar “Taobh Thiar den Ghnó” i Mullach Íde. Ag am lóin, beidh seimineár á chur ar siúl ag Plato Dublin a chabhróidh le gnólachtaí chun ullmhú do bhorradh ag Campas IBM Campas i mBaile Dama. Agus um thráthnóna, cuirfidh “Empower Fine Gall” Sárthaispeántas Fiontraíochta Eitní, a bheidh dírithe ar mhionlaigh eitneacha a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar a mbrionglóidí fiontraíochta i bhFine Gall.

 

Beidh trí imeacht ar siúl Dé Céadaoin, an 6 Márta, agus beidh seimineár ar siúl san LINC i mBaile Bhlainséir ar maidin do ghnólachtaí nuathionscanta a lorgaíonn chun airgeadas a thiomsú. I dturas an ama, cuirfidh Fiontraíocht Éireann imeacht eolasach ar siúl in Óstán an Crowne Plaza i mBaile Bhlainséir a mhíneoidh conas is féidir le cuideachtaí tairbhe a bhaint ó theacht ar dheontais nuálaíochta chun a mborradh leanúnach a chistiú. Beidh ceardlann lae iomláin faoi Brexit ar siúl, chomh maith, ag Ionad BEaT i mBaile Brigín do ghnólachtaí a easpórtálann chuig an RA.

 

Cuirfidh Comhlachas Tráchtála Bhaile Brigín seimineár líonraithe gnó ar siúl maidin Déardaoin maidir le Táirgiúlacht agus Iomaíochas, agus beidh ceardlann mhaidine á cur ar siúl ag an am céanna ag OFÁ Fhine Gall maidir le scileanna airgeadais do FBManna.

 

Beidh searmanas Bronnta Fiontraíochta Fhine Gall ar siúl tráthnóna Déardaoin in Áras an Chontae, Sord, áit a ndéanfar ceiliúradh ar scoth fhiontraíocht Fhine Gall agus áit a rachaidh siad san iomaíocht chun teideal bhuaiteoir 2020 “Gradam Fiontraíochta Fhine Gall”, a bhfuil an-tóir air, a bhaint amach, chomh maith le €5,000 a bhuachan don chéad duais. Roghnófar gnólacht beag amháin chun an bhratach a chur ar foluain d’Fhine Gall chun dul san iomaíocht ag na Gradaim Fiontraíochta Náisiúnta i mBealtaine.

 

Cuirfear deireadh le Seachtain na Fiontraíochta Áitiúla Dé hAoine, an 6 Márta le dhá imeacht dhinimiciúla. Cuirfidh seimineár Dearbhán Trádála ar Líne (DTAL) ar maidin, a bheidh ar siúl ag Ionad an Riasc i Sord, an deis ar fáil do ghnólachtaí beaga chun a láithreán gréasáin nó straitéis margaíochta digití a fhorbairt trí dheontas a mhéid le €2,500 a fháil.

 

Déanfaidh Líonra Ban Fiontrach Fhine Gall, a reáchtálann OFÁ Fhine Gall, ceiliúradh ag am lóin ar Lá Idirnáisiúnta na mBan le lón speisialta líonraithe gnó ag Óstán an Clayton ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, ina mbeidh an chef agus an fiontraí bia a bhfuil dea-cháil uirthi, Catherine Fulvio, i láthair.

 

Tá roinnt imeachtaí go hiomlán saor in aisce agus ní ghearrtar ach táille ainmniúil áirithinte €10 ar chuid eile díobh. Faoi mar a bhí i gceist anuraidh, ceaptar go mbeidh gach áit curtha in áirithe do go leor de na himeachtaí go tapa agus moltar go mór, mar sin, chun áit a chur in áirithe go luath.  Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla i bhFine Gall ag www.localenterprise.ie/fingal

 

Local Enterprise Week Launch 3